Ceiliúradh an Bhlascaoid agus ceithre imeacht eile

Ceiliúradh an Bhlascaoid, Ionaid éagsúla i nDún Chaoin agus sa cheantar máguaird, 14-16 Meán Fómhair ‘18

Tá cúpla leabhar le seoladh amárach a mbeadh spéis, gach seans, ag léitheoirí NÓS iontu. Is cur síos ar an Oileánach atá i leabhar Gerald Hayes, dar teideal ‘The Blasket Islandman, The Life and Legacy of Tomás Ó Criomhthain’ (Collins Press). Tá ionad cuí roghnaithe don seoladh, Ionad álainn an Bhlascaoid i nDún Chaoin, áit a mbeidh cuid mhaith d’imeachtaí Cheiliúradh an Bhlascaoid 2018 ar siúl an deireadh seachtaine seo. Is féidir sracfhéachaint a thabhairt ar an gclár ag an nasc seo. 

Léireoidh meitheal Gharraí an Ghiorria dráma faoi oidhreacht Phiarais Feiritéar, ábhar an cheiliúrtha i mbliana, ‘Piaras Feirtéar c. 1600-1653, Beatha agus Saothar’, agus cloisfear léachtaí ón Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, an Dr Tríona Ní Shíocháin agus Pat Neligan ar ghnéithe éagsúla dá shaol. Beidh siúlóid treoraithe ar bun, bronnfar sparánachtaí, agus beidh seisiún ceoil ar siúl chomh maith. Ná glac uaim é, ach caith súil ar an gclár sibh féin do na sonraí ar fad. 

Seoladh Leabhar le hIsobel Ní Riain, An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Dé Sathairn 15 Meán Fómhair @ 19:00

Seolfar leabhar an scríbhneora Isobel Ní Riain a bheidh sa Siopa Leabhar amárach, dhá cheann acu! Scéalta ón Éigipt agus Réiteach na Faidhbe na teidil atá orthu agus iad foilsithe ag Coiscéim. 

Is cnuasach gearrscéalta atá i Scéalta ón Éigipt a scríobhadh in Araibis an chéad lá riamh, agus a bhaineann leis an saol laethúil in al-Qāhirah (Caireo). Tá na scéalta aistrithe go Gaeilge ag Isobel, i gcomhar le hAwny F. Cassis. Is úrscéal é Réiteach na Faidhbe faoi bhean óg atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol — mo dhála féin! 

Beidh an t-údar í féin i láthair ag an ócáid, bean atá ina léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, agus a bhfuil suim mhór aici i litríocht na hÉireann, an Ghaeilge agus socheolaíocht na litríochta.  Cuir aithne uirthi nuair a bheidh cóipeanna á síniú aici ag an ócáid ag an deireadh seachtaine. 

Ranganna ceoil, Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, 20 Meán Fómhair ar aghaidh

Tá muintir Áras Chrónáin ag cur tús le sraith de ranganna ceoil do dhaoine óga ina n-ionad i gCluain Dolcáin go luath. Is ar an 20 Meán Fómhair a cuirfear tús le téarma a mhairfidh ar feadh 12 sheachtain. Tá múinteoirí oilte fostaithe acu le ceachtanna spraíúla, tairbheacha a chur ar fáil. Ní hamháin sin, ach gheobhaidh na daltaí cead isteach saor in aisce chuig Feis Chrónáin agus beidh siad mar chuid de Cheolchoirm na nDaltaí, mar aon le buntáistí eile nach iad. Gach eolas eile ach scríobh chucu eolas@araschronain.ie

Pop Up Gaeltacht:

Harbour Bar, Bré, Co. Chill Mhantáin, Déardaoin 20 Meán Fómhair @ 20:00;

Bayside Inn, Cearnóg Chois Bhá, Cill Bharróg. Déardaoin 20 Meán Fómhair @ 20:00

Bí i measc na nGael agus iad ag bailiú le chéile i mBré go luath, d’ócáid thaitneamhach na Pop Up Gaeltachta. Sea, beidh Pop Up Gaeltacht Bhré ar siúl Déardaoin sa Harbour Bar, áit a gcloisfear Gaeilge bhreá ón lucht a bheidh i láthair. Ní hamháin sin ach an oíche chéanna sa Bayside Inn, Cearnóg Chois Bhá, Cill Bharróg, beidh a mhacasamhail d’ócáid ar siúl. 

Tá fáilte roimh chách, ní gá ach go ndéanfá iarracht an teanga a labhairt! Comhairle an ghrúpa Chois Bhá, más foghlaimeoir thú, ná focal amháin nua Gaeilge a chur de ghlanmheabhair do gach deoch a chaitheann tú siar!!

…dála an scéil, seo dáta don dialann duit! Beidh Pop Up BÁC na míosa seo ar siúl ar an 27 Meán Fómhair, i dtábhairne an South William!

Caoimhín Ó Raghallaigh ar camchuairt, 21 Meán Fómhair – 20 Deireadh Fómhair ‘18

Ar deireadh, tá tús curtha ag an gceoltóir Caoimhín Ó Raghallaigh le sraith coirmeacha. Bhí sé i gCorcaigh le déanaí don bhféile Quiet Lights. Bí ag faire amach do agus é i gCo. na Mí, Corcaigh agus Béal Feirste sna seachtainí romhainn.

Solstice Arts Centre, An Uaimh – Dé hAoine 21 Meán Fómhair ’18;

Connolly’s of Leap, Iarthar Chorcaí – Déardaoin 18th Deireadh Fómhair ’18;

Aula Maxima, Ollscoil Chorcaí – Dé hAoine 19th Deireadh Fómhair ’18;

The Duncairn, Béal Feirste – Dé Sathairn 20th Deireadh Fómhair ’18.

SCÉALTA EILE