Ceiliúradh ar Mháirtín Ó Díreáin agus imeachtaí eile

Seán Keane, Amharclann na Taibhdheirce, Dé Luain 28 Bealtaine agus gach Luan as seo go deireadh an tsamhraidh @ 20:00

Is breá le mo chroí an t-amhránaí Seán Keane, tá guth faoi leith aige, agus amhráin a bhogadh tú – idir amhráin bhrónacha agus mheidhreacha. Nach méanar más ea do mhuintir na Gaillimhe, mar go mbeidh sé le feiscint acu ar bhonn rialta i gcaitheamh an tsamhraidh. Sea, gach Luan as seo go deireadh mhí Lúnasa, gan mhí Iúil a bheith san áireamh, beidh sé ag tabhairt faoi ionad álainn, Amharclann na Taibhdheirce, ag soláthar an cheoil don lucht freastail. Ní leis féin a bheidh sé ach oiread, mar go mbeidh Fergus Feely ar an Mandocello agus Pat Coyne ar an ngiotár ag tabhairt tionlacan do. €25 atá ar na ticéid agus gheobhaidh sibh gach eolas faoin tsraith seo ach cuairt a thabhairt ar leathanach gréasáin na hamharclainne.

Ó Direáin i mBaile Átha Cliath, Dé Céadaoin 30 Bealtaine. Leabharlann an Phiarsaigh @ 18:30

Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Máirtín Ó Direáin i mBaile Átha Cliath ag imeacht dátheangach cultúrtha sa phríomhchathair. I láthair, beidh na haisteoirí Cathal Quinn; agus Macdara Ó Fáthartha, oileánach ar nós an scríbhneora a bhfuil ómós á léiriú acu air. Beidh ceol ó Enda Reilly mar chuid den ócáid a bheidh faoi stiúir Tristan Rosenstock a bheidh ina fhear an tí. Beidh clann an fhile i láthair chomh maith. Bí leo, i Leabharlann an Phiarsaigh óna leath huair tar éis a sé tráthnóna.

Pop Up Gaeltacht, Tábhairne Devitt’s, Sráid Camden, Déardaoin 31 Bealtaine @ 20:00

Ná déanaíg dearúd nach fada uainn Pop Up Gaeltacht na míosa seo i mBaile Átha Cliath. Is i dtábhairne Devitt’s ar Shráid Camden a bheidh sé ar bun. Is ann a bheidh na Gaeil ag bailiú i dteannta a chéile le bualadh lena chéile, roinnt cainte a dhéanamh agus cúpla deoch a chaitheamh siar chomh maith, gach seans. Beidh tús á chur leis an spraoi ag a hocht. Ná bíodh drogall ort freastail de bharr chúrsaí teanga, chomh fada is go ndéanfaidh tú iarracht, beidh leat!

SCÉALTA EILE