Déanfar ceiliúradh i dtaispeántas ar líne ar 40 ealaíontóir Gaeltachta le comóradh a dhéanamh ar “40 bliain de thacaíocht do na hamharc-ealaíona sa Ghaeltacht.”
Seolfar an taispeántas ‘Dath an Dóchais’ ar an 17 Bealtaine ar an suíomh idirlín DathanDochais.com. Taispeántas fíorúil a bheidh ann agus é á choimeád ag Úna Campbell agus foireann an Ghailearaí i nGaoth Dobhair. Beidh pictiúir, míreanna fuaime, agus aiste a coimisiúnaíodh go speisialta mar chuid den taispeántas.
“Léiríonn an taispeántas seo go soiléir an fhís iontach agus an chumhacht atá ag gach duine de na healaíontóirí ina theanga amhairc féin agus iad le chéile anseo taobh istigh de phriosma thíreolaíocht na Gaeltachta agus de spiorad na Gaeltachta,” a dúirt Úna Campbell.
Tá Údarás na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe i mbliana agus ag obair i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta leis an taispeántas nua seo a eagrú. Ceiliúrfar “saibhreas na n-amharc-ealaíon Gaeltachta” le ceathracha bliain anuas agus ceathracha ealaíontóir as an nGaeltacht nó a d’oibrigh sa Ghaeltacht roghnaithe don togra.
’Tá cultúr físiúil na Gaeltachta chomh bríomhar agus chomh héagsúil agus atá an Ghaeltacht í féin. Tugann an ceiliúradh seo, atá á choimeád ag An Gailearaí, léargas ar roinnt glúnta d’ealaíontóirí Gaeltachta, ó inimircigh a bhfuil fáilte rompu go glúin óg atá tar éis tairbhe a bhaint as cultúr amharc-ealaíon atá ag dul i méid agus úinéireacht a ghlacadh air.
“Táimid ag súil le coinneáil orainn ag tabhairt tacaíochta do na healaíontóirí seo agus iad ag forbairt a gcleachtas, agus ag bualadh leis na glúnta nua d’ealaíontóirí Gaeltachta a bhfuil spreagadh á fháil acu ón dream seo,” a dúirt Rachel Holstead, Áisitheoir Ealaíona Mumhan le hEalaín na Gaeltachta.
Dúirt Stiúrthóir Forbartha Réigiún an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire, go bhfuil pobal na Gaeltachta “go mór faoi chomaoin” ag ealaíontóirí na Gaeltachta.
“Cuireann siad in iul don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid. Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin. Is léargas é an taispeántas seo, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór blianta d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta. Is iomaí splanc atá fanta fós inti,” a dúirt sé.
Tá pleananna ann freisin taispeántas beo a sheoladh in An Gailearaí, Gaoth Dobhair i bhFómhar na bliana 2021 agus tabharfar an taispeántas ar camchuairt in 2022.