Ceiliúradh Mór an Earraigh agus imeachtaí eile Gaelacha


Siamsaíocht ag a 6, Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Baile Átha Cliath, Déardaoin, 15 Feabhra @ 18:00

Is iad Michael Rooney, June McCormack agus Róisín White na haíonna ceolmhara a bheidh ag tabhairt faoin stáitse do cheolchoirm an tráthnóna, sa tsraith Siamsaíocht ag a Sé. Uair sa mhí a eagraíonn Gael Linn a leithéid de choirm, in ionad álainn Amharclann Chúirt an Phaoraigh. Ócáid thaitneamhach cheoil agus amhránaíochta a ghealltar agus beidh fíon, beoir, deochanna boga, tae agus caife ar fáil i rith na coirme! Foirfe!

 

Pop Up Gaeltachtaí – timpeall na tíre!

The Star & Garter Bar, Lios Tuathail, 16 Feabhra @ 20:00;

Spirit Store, Dún Dealgan, 17 Feabhra @ 20:00;

The Cosy Bar, Sr. Glaslough, Muineachán, 17 Feabhra @ 21:00;

The Butte Brewing Company, Butte, Montana, 19 Feabhra @ 17:00

Tá cúpla Preab-Ghaeltacht beartaithe timpeall na tíre as seo go ceann seachtaine, scaipigí an dea-scéal a chairde!

Níl stop ar bith le meitheal oibre na Pop-Ups i Lios Tuathail agus ócáidí á n-eagrú acu go seasta. Beidh ócáid na míosa seo ar bun i dtábhairne The Star & Garter, amárach óna hocht a chlog. Mar is iondúil le hócáidí den tsórt seo, ní bhíonn aon táille le híoc agus bíonn fáilte roimh chách, cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat! Is amhlaidh a bheidh i nDún Dealgan Dé Sathairn, nuair a thiocfaidh lucht labhartha na teanga le chéile sa Spirit Store. Is féidir lucht a eagraithe a leanúint ar Instagram mura féidir libh ‘bheith i láthair’, le bheith ag gliúcaíocht ar ghrianghraif na hoíche (@pop_upgd).

An oíche chéanna i Muineachán, a bheidh na Gaeil breá compordach sa Cosy Bar sa bhaile, ag spalpadh na Gaeilge!

Níos faide i gcéin sna Stáit Aontaithe, i gcathair a bhfuil ceangal ag na Gaeil leis le fada an lá, a bheidh Preab-Ghaeltacht ar bun Dé Luain seo chugainn. Sin Butte, Montana, áit a dtiocfaidh na sluaite le chéile sa Butte Brewing Company óna cúig a chlog.

Go n-éirí leo ar fad, obair mhór ar bun ag grúpaí beaga deonacha, is fiú iad a mholadh, tá sé tuillte. Beidh tuilleadh sonraí ar an leathanach seo an tseachtain seo chugainn i dtaca le Pop Up Bhaile Átha Cliath na seachtaine seo chugainn, táim ar bís ag cuimhneamh air cheana féin!

Ceiliúradh Mór an Earraigh, Club Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine, 16 Feabhra @ 20.00

Beidh Rónán Ó Snodaigh ar dhuine de na ceoltóirí a thabharfaidh aghaidh ar Chlub Chonradh na Gaeilge tráthnóna amárach d’oíche cheoil. Ní leis féin a bheidh sé, ach i dteannta amhránaithe agus ceoltóirí eile, do Cheiliúradh Mór an Earraigh! Cuirfear tús leis an oíche ag a hocht, nuair a osclófar na doirse agus uair an chloig ina dhiaidh sin, is ea a bheidh siamsaíocht na hoíche le clos! Gearrfar táille €5 ag an doras, ach más ball den gclub thú, ní bheidh ort sin a dhíol!

Filleann an Feall, le hAisteoirí Charn Tóchair, an Coire, Machaire Rátha, Dé Sathairn, 17 Feabhra @ 19:30

Is gearr go mbeidh Aisteoirí Charn Tóchair le feiscint arís ar stáitse, an babhta seo le dráma atá scríofa ag baill an chumainn iad féin, dar teideal ‘Filleann an Feall’. Díríonn an dráma seo ar scéal an chomhairleora Ponsie Ó Broin agus a chuid seifteanna le hairgead a dhéanamh, nuair a thagann cuairteoir go Ros Beag, le talamh a cheannach do thogra fracála! Beidh an léiriú seo, gealltar dom, tarraingteach do gach sórt Gaeilgeora – idir ghlantosaitheoirí agus chainteoirí líofa. Is in ionad ealaíon an Choire a bheidh an dráma seo á léiriú Dé Sathairn. Léirígí bhur gcuid tacaíochta agus bígí leo ó 19:30!

Beochraoladh, Cormac ag a Cúig, an Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Dé Luain, 19 Feabhra @ 17:00

Beidh deis agaibh a bheith i láthair do chlár beo raidió Dé Luain seo chugainn, nuair a chraolfar an clár cúrsaí reatha Cormac ag a Cúig beo ón Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair. Seachas an raidió a lasadh nó na cluasáin a chur isteach le héisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’fhéadadh sibh bheith ar láthair an chraolta, áit a mbeidh Cormac agus a phainéal d’aíonna: Alan Titley, Íte Ní Chionnaith, Mícheál Ó Doibhilin agus bainisteoir an tsiopa, Caitlín Nic Íomhair. Beidh físeáin agus pictiúir á gcur ar leathanach Facebook an stáisiúin i gcaitheamh an chláir, bígí ag faire air.

SCÉALTA EILE