Ceiliúradh mór sa Bhruiséil ag Éigse Ghaeilge na cathrach

Tháinig pobal Gaeilge na Bruiséile le chéile ag an deireadh seachtaine le linn Éigse na Bruiséile, féile liteartha agus cheoil a bhí ar siúl sa chathair don dara bliain as a chéile.

Suas le 100 duine a d’fhreastail ar na himeachtaí éagsúla i gcaitheamh na dtrí lá agus baineadh taitneamh mór astu ar fad, ón seoladh in Ambasáid na hÉireann Dé hAoine ar aghaidh go dtí an seisiún deiridh ceoil sa chaifé ceirtlise Joran Dé Domhnaigh.

Is liosta le háireamh iad na ceoltóirí, scríbhneoirí agus aistritheoirí a bhí páirteach san Éigse: Diarmuid Johnson, Máirín Nic Con Iomaire, Darach Ó Scolaí, Tristan Rosenstock, Sadhbh Rosenstock, Eve Belle, Krea, Manrán Banrán, Claire Nic Ruairí, Seán Ó Gallchobhair, Ciarán Ó Ceallaigh agus daoine eile nach iad.

“Bhí trí lá den chéad scoth againn arís – imeachtaí iontacha, ionaid theolaí, agus, thar aon ní eile, cuideachta chroíúil. Ní hamháin go dtugann an Éigse deis dúinne anseo sa Bhruiséil bailiú le chéile mar phobal ach is cúis fhoirfe atá ann le cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht ar cuairt chugainne as Éirinn agus as tíortha eile.

“Bhí muid uilig sult mór as an deireadh seachtaine – léiriú ar fheabhas a bhí ann ar bheocht na teanga sa Bhruiséil – agus tá muid ag súil le hÉigse na bliana seo chugainn cheana féin,” arsa Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise seo agus duine de na daoine a d’eagraigh an fhéile.

SCÉALTA EILE