The Ace and Deuce of Piping, Halla na Saoirse, Dé Sathairn 29 Meán Fómhair @ 20:00
Tá liosta le háireamh de cheoltóirí ag tabhairt faoi Halla stairiúil na Saoirse i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn. Is ag seinm ag ceolchoirm a bheidh Ronan Browne; Liam Ó Maonlaí agus Maitiú Ó Casaide; Fionán Mac Gabhann; Séamus McGuire agus John Lee; an lánúin phósta Caitlín Nic Gabhann agus Ciarán Ó Maonaigh; mar aon le Kieran O’Hare, Liz Knowles agus Pat Broaders.
‘The Ace and Duce of Piping’ atá tugtha ar an ócáid seo, atá á heagrú ag Na Píobairí Uilleann, le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Is é an craoltóir agus ceoltóir Tristan Rosenstock a bheidh ina fhear an tí! Cuirfear tús leis an gceol timpeall a hocht. Bí ann gan teip don gceol, beocht agus atmaisféar!
Seoladh dlúthdhiosca Neansaí Ní Choisdealbha agus Tommy Mellett, An Tower, Tigh Pheacocke, Conamara @ 20:00
Kevin Burke, Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne Dé hAoine 28 Meán Fómhair @ 20:30
Ní aon easpa imeachtaí ceolmhara ann do Ghaeil na tíre an deireadh seachtaine seo agus ba mhaith liom aird a tharraingt ar chuid acusan! Ar dtús báire tráthnóna, beidh comhghleacaí de mo chuid, Neansaí Ní Choisdealbha agus an ceoltóir Tommy Mellett ag seoladh a n-albam nua An Tower, i dTigh Pheacocke, An Teach Dóite i gConamara. Is faoi Colm Gannon a bheidh an cúram agus is í Sarah Ghriallais a bheidh mar bhean an tí! Cló Iar-Chonnacht na foilsitheoirí!
Kevin Burke, réalta na fidle a bheidh ag seinm i gCorcaigh anocht. An t-ionad ná Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh. Dream a bhíonn de shíor ag eagrú imeachtaí éagsúla suimiúla! Go n-éirí go geal leo!
Caitríona Ní Cheannabháin, Áras Chrónáin, Dé hAoine 5 Deireadh Fómhair @ 20:00
Bean Chonamara, Caitríona Ní Cheannabháin, a bheidh ag teacht chun na hArdchathrach Dé hAoine seo chugainn. Tá Caitríona ag tabhairt faoi chamchuairt bheag timpeall na tíre as seo go deireadh na bliana. Beidh sí sa Mhuileann gCearr ar an 20 Deireadh Fómhair agus sa Chlochán ag deireadh na bliana do sheó mór na Nollag. Ní léi féin a bheidh sí, mar go mbeidh na ceoltóirí Padraic Keane, Marie Walsh, Pat Coyne agus a muintir féin — Pól agus Josie Ó Ceannabháin mar aon le Rónán Ó Conghaile, ina teannta!
Cóisir Raidió na Life, SoundHouse Dé Sathairn 29 Meán Fómhair @ 19:00
Tá Raidió na Life ag ceiliúradh i mbliana agus iad 25 bliain ar an bhfód! Bhí lá agus oíche álainn oscailte acu Dé Céadaoin seo caite, ar an mbreithlá féin, in Áras an Fhorais — ach níl deireadh fós leis na himeachtaí ceiliúrtha! Amárach baileoidh na bannaí Imlé, Bruadar agus an ceoltóir Rónán Ó Snodaigh le chéile do choirm chun comóradh a dhéanamh ar an obair mhór atá déanta ag Raidió na Life le blianta fada. Go maire siad aois Choilm!