Ceiliúraimis Lá Bealtaine

Lá mór do na síoga, do phiseoga agus don draíocht, a bhíodh i Lá Bealtaine, lá a sheoltaí ba suas na cnoic, a chuirtí crann Bealtaine agus a d’íoctaí cíos fiú!

Mhínigh Dónal Ó Droighneáin, na nósanna agus na creidimh a bhain le Lá Bealtaine fadó! 


Fáilte roimh an Samhradh

may

Lá mór a bhíodh i Lá Bealtaine i gcultúr traidisiúnta na hÉireann.

Ba é seo tús an tSamhraidh agus bhí sé de nós an Samhradh a ‘fháiltiú’ trí go leor bláthanna a bhaint agus a thabhairt abhaile.

Chrochtaí iad seo taobh amuigh den teach ach bhí nós i gceantair áirithe iad a scaipeadh ar urlár an tí agus ar chosáin agus cróite timpeall an tí.

Gaolmhar leis seo bhí an ‘Gaidín Bealtaine’ (May Bough) – géaga beaga crainn a chuirtí ar fud na háite.

Ba mhinic a cheanglaítí iad de lámha dorais nó de bhuicéid. Creideadh go raibh sé de chumhacht acu ádh a thabhairt agus mí-ádh a dhíbirt.

Nós a chleachtaítear fós in áiteanna is ea Crann Bealtaine (May Bush) a chur ina sheasamh taobh amuigh den teach.

Sceach bheag í seo, maisithe le ribíní nó bláthanna. (Chuirfeadh sé seo nós an chrainn Nollag i gcuimhne duit).


Lá tábhachtach i gcúrsaí oibre

Bucolic

Ní teacht an tSamhraidh amháin a bhí á chomóradh mar gur dáta tábhachtach a bhí ann i saol traidisiúnta na feirmeoireachta (agus is fiú cuimhniú gur ar fheirmeacha a mhair formhór de mhuintir na hÉireann go dtí le gairid).

Chuirtí na ba amach ar féarach an lá seo, agus sna ceantair a raibh nós an bhuailteachais (booleying) á chleachtadh ba é seo an lá a sheoltaí na ba suas na cnoic, áit a gcoinnítí iad ar feadh an tSamhraidh.

Ní in Éirinn amháin a bhí an nós seo le fáil. Tugtar transhumance air mar théarma teicniúil agus cleachtaítear fós an nós sna hAilp ar Mhór-Roinn na hEorpa mar shampla.

Ba é an chéad lá de Bhealtaine an lá traidisiúnta a d’íoctaí cíos agus ba mhinic gur ar an lá seo freisin a d’fhostaítí oibrithe feirme agus searbhóntaí i gcomhair séasúr gnóthach an tSamhraidh.


An tOsnádúr: Sióga

Blogpic

Agus an oiread de shlua na mbeo ag gluaiseacht ar an lá seo, ní hionadh gur creideadh go mbeadh na sióga ag gluaiseacht freisin.

Bhí sé ráite go n-aistríodh siad ó lios go lios ar oíche na féile seo agus nár mhór do dhuine a bheith cúramach dá mbeidís amuigh deireanach.

Ar bhealach, tá Oíche Bhealtaine cosúil le hOíche Shamhna, agus go deimhin tá fianaise ann gurb iad seo túsdátaí dhá mhórshéasúr na gCeilteach fadó – Samhradh agus Geimhreadh.

Ar ócáidí ‘tairseachúla’ den chineál seo, bíonn an saol osnádúrtha níos gaire don ghnáthshaol.


An tOsnádúr: Piseoga agus Draíocht

smoke

Léiriú eile ar an osnádúr is ea na tuiscintí nó piseoga a bhain le Lá Bealtaine.

Creideadh go raibh daoine in ann maoin na gcomharsan a ghoid go draíochtúil ar an lá speisialta seo.

Sampla amháin de seo is ea ‘goid’ an ime (agus ní mór a chur san áireamh go raibh tábhacht mhór le him fadó i ngeilleagar na tuaithe).

Nuair a d’fheicfeadh an té a raibh draíocht aige deatach ag dul in airde as simléar tí, deireadh sé nó sí na focail draíochta, mar shampla “im an deataigh sin ar mo chuid bainne-se”.

Is é an toradh a bheadh air seo nach n-éireodh go maith le déantús ime sa teach sin ar feadh an chuid eile den bhliain, ach bheadh flúirse mór ime i dteach an té a d’oibrigh an draíocht!

Tá daoine beo fós a chuimhníonn ar an am a bhíodh eagla ar dhaoine tine a lasadh go luath maidin Lae Bealtaine ar fhaitíos go dtarlódh sé seo dóibh.

Bhíodh daoine imníoch freisin i dtaobh aon rud a thabhairt ar iasacht Lá Bealtaine nó an luaith a chur amach ar eagla go n-imeodh an t-ádh as an teach freisin ar an lá speisialta seo.


Is é Dónal stiúrthóir an chúrsa Idirlín don Dioplóma sa Chultúr Dúchais atá á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. 

SCÉALTA EILE