Ceiliúrthaí ar Cholm Cille agus imeachtaí eile

Slí Cholm Cille 

Aoine 4 Meitheamh @20:00 

Tá oíche shiamsaíochta eagraithe ag Líonra Leitir Ceanainn dúinn anocht. Foghlaimeofar faoi Cholm Cille ar aistear lán le ceol, filíocht, stair, agus béaloideas. Beidh rogha mhór daoine bainteach leis an imeacht agus neart le foghlaim ar Shlí Cholm Cille. 

Craolfar an ócáid ar Facebook.

Siúlóid Mhichíl Uí Chiarmhaic 

created by dji camera

Satharn 5 Meitheamh @11:00 

Agus comóradh á dhéanamh ar an 115 bliain ó rugadh an scríbhneoir, beidh siúlóid ar siúl Dé Satharn i mBaile an Sceilg i gCiarraí. Tosóidh an tsiúlóid in aice le Tigh Mhichíl Uí Chiarmhaic i mBaile an Sceilg, V23 EC64. Is féidir gluaisteáin a pháirceáil sa charrchlós in aice le Caifé Cois Trá. 

De bharr shrianta Covid níl cead ach 15 a bheith páirteach – cláraigh ag 087 215 3671. 

Colm Cille sa Ghleann 

Ag tosú Satharn 5 Meitheamh @16:00 

Tá réimse ócáidí eagraithe ag Lár Chomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille, Dún na nGall i rith na seachtaine mar chomóradh ar 1500 bliain ó rugadh an naomh. I measc na n-imeachtaí, beidh ceolchoirm ar líne, siúlóid agus athléiiriú ar scéal Shrath na Circe, agus ag tosú amárach le seirbhís lasmuigh de theach phobail Eaglais na hÉireann ag 16:00. 

Eolas ar imeachtaí uile le fáil ar Facebook. 

Siúlóid sna Sléibhte 

Domhnach 6 Meitheach @11:15 

Tá an aimsir imithe i bhfeabhas an tseachtain seo agus deis iontach ag Na Cnocadóirí le bheith amuigh faoin aer ag an deireadh seachtaine le siúlóid ag tosú an Tí Zellers, An Leacain, Co. Chill Mhantáin.

Tuilleadh eolais ag treoraí, Deaglán. Cuir glaoch ar 0861902613. 

Ciorcal Comhrá C.L.G. Coillte 

Déardaoin 10 Meitheamh @20:00 

Ag iarraidh bheith ag sóisialú arís agus an samhradh buailte linn? Seo deis duit suí le daoine nua, cairdeas a ghineadh agus bheith ar do shuaimhneas ar an Déardaoin. Beidh fáilte roimh gach leibhéal ag an gCiorcal Comhrá, a bheidh ag tarlú go fíorúil. 

Le bheith páirteach, ní ga ach ríomhphost a sheoladh chuig brennan.niallp@gmail.com 

SCÉALTA EILE