Beidh ceithre “fhísdán” nua á scaipeadh ag an gcomplacht nuafhilíochta Reic as seo go deireadh na bliana agus lucht a heagraithe ag iarraidh filíocht an lae inniu a scaipeadh “ní hamháin ar leathanaigh, agus ar an scáileán i bhfoirm scríofa, ach trí thaifead agus físeáin” freisin.
Dúirt eagraí Reic, Ciara Ní É, gur iontach iad na físeáin atá ar líne cheana féin ina dtaispeántar cruthaitheacht na bhfilí Gaeilge, ach go bhfuil “géarghá le tuilleadh a chruthú”. Chuige sin a cuireadh an togra nua seo ar bun agus “físdánta” ar ardchaighdeán á gcruthú le roinnt. ar na meáin shóisialta.
Is filí agus taibheoirí a bhí lárnach in imeachtaí Reic ó bunaíodh é a bheidh sna físeáin: Ciara Ní É féin, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Eoin P Ó Murchú agus Lauren Ní Chasaide. Is é Seán T Ó Meallaigh a bhí i mbun taifeadta agus eagarthóireachta ar na físeáin.
File óg, corraitheach is ea Séamus Barra Ó Suilleabháin “a léiríonn fuinneamh agus doimhneacht ina chuid scríbhneoireachta”. Bhuaigh sé an All-Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 & d’eisigh sé a chéad chnuasach filíochta Beatha Dhónaill Dhuibh in 2017.
File, gearrscéalaí agus drámadóir é Eoin P. Ó Murchú a bhfuil duaiseanna buaite aige san uile réimse acu sin ag leithéidí Dhuaiseanna Liteartha Oireachas na Samhna, Féile Drámaíochta na gColáistí agus Liú Lúnasa. Ina shaothar, díríonn sé ar dhul i ngleic le saol an lae inniu, ról na teicneolaíochta agus conas déileáil le bás d’fhóin. Comhbhunaitheoir an chlub grinn GaelGÁIRÍ agus scríbhneoir rialta de chuid NÓS atá ann freisin.
Is ceoltóir óg as Baile Átha Cliath í Lauren Ní Chasaide. Chuir sí a céad EP amach le deireanas, bailiúchán amhrán i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sí i mbun roinnt tograí ceoil faoi láthair. Tá súil aici albam stiúideo agus físeáin cheoil a chur amach amach anseo chomh maith leis an nGaeilge a chur chun cinn “i mbealaí úra agus cruthaitheacha”.
Taifeadadh na físeáin in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath le dhá mhí anuas agus eiseofar ar bhonn míosúil iad as seo go deireadh na bliana.
Dúirt Ciara Ní É go léireoidh an togra “tacaíocht an phobail agus tábhacht na hoibre atá idir lámha” ag na filí go mbeidh sé “mar spreagadh do dhaoine óga” agus iad ag breathnú ar an “scríbhneoireacht nuálach” seo.
Beidh Reic ar siúl anocht den chéad uair ó d’fhill Ciara Ní É ar Éirinn sa samhradh. Is in Áras Scríbhneoirí na. hÉireann a bheidh an oíche ar siúl agus na físdánta le seoladh. Taispeánfar an chéad fhíseán sa tsraith, físeán Shéamuis Barra Uí Shúilleabháin, ag an ócáid agus reicfidh na filí eile a bhí páirteach sa togra a ndánta féin freisin.
Is í Ciara Ní É a bheidh ina bean an tí agus beidh fáilte roimh an lucht féachana teacht ar an ardán mar chuid den mhaidhc oscailte.