Cén chuma a bheidh ar shaol iar-Covid na Gaeilge?

Seoladh an próiseas vacsaínithe COVID-19 go hoifigiúil sa Deisceart an tseachtain seo, agus is féidir deireadh ré Covid a fheiceáil faoi dheireadh, fiú más tamall uainn é fós. Tá sé nach mór inghlactha arís breathnú ar an tréimhse romhainn agus rud beag dóchais againn go mbeidh cead againn bualadh lena chéile go fisiciúil. Ach cé go gcosnóidh an vacsaín muid ón ngalar lotmhar féin, ní bheidh cúrsaí go hiomlán mar a bhíodh i ndiaidh dúinn é a fháil, agus fágfar rian an víris ar an gcaoi a n-eagróimid muid féin mar phobal go ceann i bhfad.

Is iomaí trácht atá cloiste againn ar na mallaibh faoin ‘normáltacht nua’, is é sin an treoir mhaireachtála ó na húdaráis sláinte phoiblí chun dul i ngleic leis an bpaindéim (treoir nach gá dom a aithris anseo, glacaim leis), ach is beag plé domhain a bhí ann go dtí seo faoin gcaoi a mairfimid ina dhiaidh – an nua-normáltacht nua, más maith leat. 

Cén chuma go baileach a bheadh ar an saol iar-Covid, agus cén impleacht a bheadh aige sin ar phobal na Gaeilge i gcoitinne? Níl anseo ach cúpla smaoineamh uaim féin ar na ceisteanna seo, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an ceart agam in aon chor, ach tá súil agam go dtabharfaidh siad ábhar machnaimh dúinn ar fad agus féilirí 2021 á scríobh againn.

I dtús báire, ní féidir neamhaird a dhéanamh den leas éachtach a bhaineamar as an teicneolaíocht, agus go háirithe na meáin shóisialta, i mbliana. In ainneoin na n-ainneoin, is dea-scéalta atá á tuairisciú ag eagrais Ghaeilge i mbliana i dtaca lena n-idirghníomhaíocht ar líne: tá seoid náisiúnta déanta d’Intern TG4 ar Twitter le cúpla mí anuas, tháinig ardú as cuimse ar léitheoireacht NÓS agus Tuairisc.ie, agus fuair Foras na Gaeilge ardmholadh as an bhfeachtas #LeChéile a reáchtáil sé i lár na bliana. 

Níos leithne arís ag leibhéal an phobail, is iomaí rang Gaeilge agus ciorcal comhrá a d’aistrigh go Zoom nó a chomhionann le linn na bliana, agus shamhlóinn gur iomaí duine nua a mealladh chun páirt a ghlacadh iontu chomh maith. Tá pobal níos leithne aimsithe ag saol na Gaeilge i mbliana ar an-chuid cúiseanna, ach níl a fhios go fóill an mbeidh siad toilteanach, nó in ann fiú – i gcás an diaspóra mar shampla – freastal ar imeachtaí nó ranganna fisiciúla tráth a bheidh siad ceadaithe arís. 

Céim ar cúl a bheadh ann dearmad a dhéanamh ar an bpobal sin agus muid ag filleadh ar sheansocruithe an tsaoil, agus mar sin ní mholfainn an síntiús Zoom a chur ar ceal go fóill má tá sé i gceist againn na daoine sin a choinneáil nasctha le saol na Gaeilge. 

Agus muid ag labhairt faoi imeachtaí fisiciúla, is léir do gach mac máthar go bhfuil fonn mór ar an bpobal dul ar an drabhlás a luaithe agus a bheidh sé sábháilte (an-obair á déanamh againn i gcoinne drochsteiréitíopaí na nÉireannach, bail ó Dhia orainn…), agus mar sin mhaithfí duit é as talamh slán a dhéanamh de nach mbeidh deacracht ann na gnátháiteanna cruinnithe a líonadh. Ach nuair a imíonn an úire a bhaineann le bheith out outarís (agus an fuílleach bainc a théann leis!), cad a tharlóidh?

 Cuireadh an-chuid daoine ag obair ó chéin i mbliana, agus is é treo na gaoithe ná gur mhaith le sciar suntasach díobh leanstan ar aghaidh leis an socrú sin ar bhonn páirtaimseartha nó lánaimseartha fiú. Tá sé i bhfad níos éasca cur ina luí ar daoine freastal ar thráth na gceist nó oíche filíochta i gClub an Chonartha nuair atáthar lonnaithe i lár na cathrach idir 9-5 ar aon nós, ach má tá siad i bhfad i gcéin sa bhaile? An fiú an turas d’imeacht? Ar ndóigh d’fhéadfadh sé sin a bheith chun leas an cheantair áitiúil, go háirithe ó thaobh greasáin áitiúla Ghaeilge a bhunú agus a fhorbairt, ach fós féin chaitheamar bliain iomlán ag feitheamh ar an deis bualadh lena chéile i gceart arís – ba chóir gurbh fhiú é an bhliain sin a chaitheamh ag fanacht ar na himeachtaí atá le teacht. 

Ar ndóigh, is scéal iomlán eile é mórimeachtaí agus comhdhálacha na Gaeilge. Tá tábhacht nach féidir a thomhais ag na himeachtaí seo do phobal na Gaeilge agus ní léir ag an bpointe seo an mbeidh ócáidí móra dá leithéid ceadaithe faoin am a thiocfaidh siad aníos arís in 2021.

 Tá taithí faighte cheana féin ag an-chuid eagrais agus grúpaí i mbliana ar conas clár imeachtaí a chur le chéile ar líne – ní gá ach breathnú ar leithéidí Reic, Liú Lúnasa, Bhród na nGael 2020, Ceangal/Dolen, Oireachtas na Samhna (ar ndóigh!), agus go leor grúpaí agus imeachtaí eile. 

Gan aon amhras, is í an mhórcheist atá ag cuid mhaith acu faoi láthair ná cén cineál imeachta ar chóir dóibh tabhairt faoi in 2021. Ar chóir maireachtáil go dóchasach agus imeacht iomlán ar an láthair a eagrú? Nó an fearr cloí go coimeádach leis an dianghlasáil is déine a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm? Bhraithfeadh freagra na ceiste sin go mór ar acmhainní an ghrúpa aonair ach shamhlóinn gurb é an rogha is ciallmhaire ná an chuid is fearr den rá rogha a nascadh lena chéile agus plean teagmhais a bheith réidh le cur i bhfeidhm ar eagla na heagla.

Go deimhin, ní bheadh imeachtaí ann, ar líne nó ar an láthair, murach a lucht freastail, agus tá a fhios go maith ag an lucht freastail cad atá uaidh, fiú mura bhfuil sé in ann cur síos a dhéanamh air sin i gcónaí. Mar sin, roinnigí bhur moltaí chun feabhais agus tairgigí bhur gcabhair don lucht eagraithe. Má oibrímid as láimhíní díghalraithe a chéile, beidh bliain eile eisceachtúil á ceiliúradh againn faoin tráth seo arís, agus leas an phobail neartaithe dá bharr. 

SCÉALTA EILE