Cén fath a bhfuil Gen Z gafa le lipéid?

Má tá tú cosúil liomsa, agus baineann tú sult as scrolláil ó am go chéile ar an ardán meán sóisialta a bhfuil an-tóir air, TikTok, bíodh geall gur thug tú faoi deara cé chomh tógtha agus atá Gen Z le lipéid na laethanta seo.

Scrolláil ar feadh cúig bhomaite ar an aip, agus beidh tú timpeallaithe ag ábhar a mhúineann duit conas is féidir aithris a dhéanamh ar ‘aeistéitic an tseanairgid’, nó a spreagann thú cinneadh a dhéanamh an ‘cailín sútha talún’ nó ‘cailín fanaile’ thú. 

Conas a bhaineamar an pointe seo amach? Cén fáth a bhfuil an oiread sin spéise ag an ghlúin óg i lipéid, i bhféiniúlacht, agus i bpobail sainspéise idirlín?

Fochultúir agus an Cultúr Óige

Bhuel, má cheapann éinne agaibh gur inné nó inniu a thosaigh fóchultúir, go háirithe i measc na n-óg,  tá dul amú oraibh. Is minic a bhíonn féiniúlacht shóisialta ceangailte le coincheap an ‘fhochultúir’. Fógraíonn baill d’fhochultúr a rannpháirtíocht trí roghanna sainiúla agus roghanna siombalacha a dhéanamh i dtaobh éadaí, stíl gruaige, agus coisbheart. Baintear úsáid as gnéithe eile ar nós ceoil, áiteanna cruinnithe, agus béarlagair chun cur in iúl go bhfuil siad ina mball d’fhochultúr éigin. Tugann fochultúr aitheantas agus féiniúlacht do rannpháirtithe, lasmuigh de na cinn a chuireann institiúidí sóisialta amhail an obair, an teaghlach, an baile agus an scoil, ar fáil. 

Tá an téarma ‘youthquake’, a shainmhínítear mar ‘athrú suntasach polaitiúil nó sóisialta a eascraíonn as gníomhartha nó tionchar daoine óga’, tábhachtach agus muid ag déanamh iniúchadh ar ardú na bhfochultúr, mar tagann sé le teacht chun cinn an déagóra nó an aosa óig. 

Is féidir stíleanna sainiúla an aosa óig a rianú siar go dtí an ré Victeoiriach nuair a díríodh faisin ar leith ar dhaoine óga den chéad uair. Bhí borradh suntasach faoin margadh óige agus bhí sé faoi lán seoil le linn na 1920idí agus na 1930idí, de réir mar a thosaigh cumhacht cheannaigh na ndaoine óga ag fás. Gné thábhachtach eile ná na hathruithe sa chóras oideachais ag an am, toisc gur chuidigh sé le coincheap an ‘aosa óig’ a chur ar bhonn foirmiúil mar ghrúpa sóisialta inaitheanta den chéad uair riamh.

(Creidmheas: Mick Haupt)

Le chéile, d’oibrigh na cúinsí seo chun ‘gnás’ a dhéanamh den aos óg mar ghrúpa sóisialta faoi leith den chéad uair riamh, grúpa a mbaineann saincheisteanna agus riachtanais áirithe leis. Mar sin féin, ní hamháin gur dhaingnigh na cúinsí seo an t-aos óg mar ghrúpa sóisialta, ach mar ghrúpa eacnamaíoch chomh maith, agus faoi dheireadh na 1950idí, ní raibh deireadh le réimsí táirgí dírithe ar dhaoine óga. 

Bhí baint áirithe ag an gceol le cumhacht cheannaigh an aosa óig chomh maith. Thacaigh an margadh óige le teacht chun cinn an cheirnín vinile 7”. Tháinig ceol racanróil chun cinn mar sheánra a raibh dlúthbhaint aige le margadh na hóige freisin. 

Faoi na 1960idí, bhí an-tóir ar stíleanna nua-aoiseacha nó stíl ‘mod’ (smaoinigh ar Twiggy). Bhí bannaí rac-cheoil, leithéidí Pink Floyd, ag athrú shaol an cheoil agus chabhraigh ceolchoirmeacha agus féilte comhfhéiniúlachta le stíl mhaireachtála ‘ailtéarnach’ a chruthú. D’éirigh go hiontach le Féile Inis Iocht a bunaíodh in 1968, agus le Féile Glastonbury, a bunaíodh in 1970, atá ina féile náisiúnta i Sasana fós. 

Is léir uaidh seo go bhfuil fochultúir inár sochaí leis na glúnta, ach chomh maith le bheith mar chuid lárnach d’fhéiniúlacht shóisialta, tá ceangail láidre acu leis an gcaipitleachas agus tá siad mar bunchloch dár ngeilleagair agus dár bpríomhearnálacha gnó. 

Cén bhaint atá ag an méid seo le Gen Z mar sin agus cé chomh tógtha agus atá siad le lipéid agus miontreochtaí?

Fochultúir agus an tIdirlíon

Pléann an tuarascáil ‘Never Niche Enough’ ó na Duaiseanna Webby 2023 an ceangal idir féiniúlacht agus fochultúr ar líne i measc Gen Z. 

Sa tuarascáil, dúirt aon trian de Gen Z go n-aimsíonn siad muintearas agus pobal ar na meáin shóisialta nó i ngrúpaí ar leith ar líne. Ba shuntasach an figiúir seo toisc gurbh airde é ná na suíomhanna traidisiúnta a n-aimsítear pobal iontu; obair, scoil, club, nó eagraíocht phobail. 

Laistigh de shochaí inar bunaíodh agus inar spreagadh fochultúir agus féiniúlacht shoisialta le ceol, irisleabhair, scannáin nó cláracha teilifíse amháin, is léir an difear nuair atá na mílte fiseáin ar fáil ar na meáin shoisialta, ag spreagadh réimse leathan miontreochtaí, aeistéitice, agus fochultúr.

Grianghraf: Sampla den aeistéitic ‘Cottage Core’. (Creidmheas: Ron Lach)

Dá dheasca sin, feicimid i bhfad níos lú fochultúir nó grúpaí sóisialta atá buan. I gcomparáid le fochultúir a mhair na blianta amhail punc, emo, nó gotachas, tá mionghrupaí le feiceáil againn ar nós ‘girseach ghlan’, ‘dark academia’ nó ‘cottage core’, nach maireann ach cúpla seachtain nó cúpla mí de gnáth. 

Mar sin féin, ní mór dúinn an difear idir mionghrúpaí ar líne agus fochultúir chearta a aithint. Le go mbeidh grúpa sainspéise nó sóisialta ar líne ina ‘fhíor-fhochultúr’, ní mór dó nascadh lenár bpríomhthógálaithe cultúrtha, chomh maith le pobal agus spásanna a chur ar fáil chun daoine a nascadh le chéile. 

Ina theannta sin, mar chonacthas le linn theacht chun cinn an ‘déagóra’ nó an ‘aosa óig’ nua-aimseartha, áit ar bith a bhfeictear grúpaí soisialta nó fochultúr, feictear caipitleachas ann chomh maith. Feictear seo go soiléir trí úsáid a bhaint as brandáil ar ardáin shóisialta ar nós TikTok, ar a bhfeictear brandaí i gcomhpháirtíocht le cruthaitheoirí ábhair a bhfuil tóir orthu i ngrúpaí sainspéise ar leith.

Mar shampla, chun muintearas a chothú le baill Gen Z don phobal ‘BookTok’, d’fhostaigh Penguin Random House cruthaitheoirí atá mar chuid den phobal cheana féin chun ábhar a chruthú do chuntas TikTok an chomhlachta foilsitheoireachta. 

Conclúid

Mar sin, cén fáth a bhfuil an oiread sin spéise ag Gen Z i lipéid? An ndéanann sé dochar do dhaoine óga, nó an bealach spraíúil é triail a bhaint as aeistéitic ar leith agus bualadh le daoine nua? 

Is léir go raibh ról ag lipéid, fochultúir agus aeistéitic ar leith i gcultúr an aosa óig le blianta fada anuas. Ó ‘mod’ na 1950idí, ‘skinheads’ na 1960idí, agus an gotachas sna 1980idí, tá fochultúir ag forbairt agus ag fás ó thús ama b’fhéidir. Agus daoine óga ag streachailt lena bhféiniúlacht féin a aimsiú, aimsíonn go leor daoine comhphobail laistigh d’fhochultúir dá leithéid, bunaithe ar an gceol, an faisean, an pholaitíocht, agus go leor eile. 

Is furasta a aithint gur nádúr an duine é pobal a aimsiú, go háirithe do dhaoine óga. Ní haon iontas é go bhfeicimid Gen Z ag baint úsáid as lipéid, fochultúir, agus fiú ‘brandáil’ orthu féin ar mhaithe le tuiscint ar a bhféiniúlacht féin a aimsiú, cosúil leis na glúnta rompu.

(Creidmheas: Cottonbro Studio)

Ach, cad é an difear idir Gen Z agus na glúnta eile? Nó an bhfuil difear ar bith ann? 

Mar a fheictear dom, is í an difríocht is suntasaí nach féidir neamhaird a dhéanamh uirthi ná rochtain idirlín. D’éirigh leis an idirlíon pobail agus cultúir a nascadh ó bunaíodh é. Bhí daoine ábalta teacht le chéile ar fhóraim ar líne le labhairt faoi na spéiseanna s’acu; ceol, cultúr, faisean, agus eile. Sa lá atá inniu ann, feictear na mílte físeán go laethúil ar na hardáin shóisialta ar fad ar nós TikTok, Instagram, agus YouTube Shorts. Mar sin, is furasta do Gen Z a bheith gafa le brandáil agus aeistéitic nuair atá an oiread sin ar fáil dóibh agus á thaispeáint dóibh ar líne lá i ndiaidh lae. 

Níor cheart an bonn a bhaint de ról an chaipitleachais sna cultúir seo ach an oiread, agus mar gheall ar na meáin shóisialta, tá brandaí agus comhlactaí margaíochta ag fás agus ag forbairt ar luas ard, rochtain acu ar ár bpobail ar líne anois. Tá na brandaí seo ag baint leas as riachtanais agus mianta daoine óga chun a bhféiniúlacht féin a bhunú agus chun pobail de dhaoine atá ar aon intinn leo a aimsiú. 

Chun muid féin a chosaint mar thomhaltóirí, ní mór dúinn cuimhneamh gur féidir linn go léir pobal a aimsiú, gan ár bhféiniúlacht a dhéanamh ina táirge inchaite ionas go mbainfidh daoine eile taitneamh astu. 

SCÉALTA EILE