Cén sórt ainmhí é an madra naofa?

Cén sórt ainmhí é an ‘madra naofa’? Sin é an t-ainm a bhronn na Lakhota ar an gcapall nuair a fuair siad é den chéad uair ó Bhundúchasaigh eile a fuair ó na Spáinnigh é. Bhí an madra (šúŋka) acu cheana féin. Bhain siad úsáid as an šúŋka le hualaigh éadroma a iompar. 

Bhí an t-ainmhí úrnua seo, an capall, cosúil leis an madra ach níos mó agus i bhfad níos úsáidí. Bronntanas ón Spiorad Naomh a bhí ann a shíl siad, mar sin bhaist siad ‘madra naofa’ nó šúŋka wakȟáŋ air.

Ní straitéis neamhchoitianta é ainmhí a ainmniú as ainmhí eile. Rinne na Gréagaigh é sin nuair a bhuail siad le “capall na habhann” den chéad uair. Chuir siad híppos (capall) agus potamós (abhainn) le chéile agus bhí an hippopótamos acu. Lean na Gaeil an straitéis chéanna: thug siad ‘dobhareach’ ar an ainmhí seo.

Focal ársa neamhchoitianta a chiallaíonn ‘uisce’ is ea ‘dobhar’. Bhain na Gaeil feidhm as uair amháin eile, san ainm ‘dobharchú’ (‘cú an uisce’). Tugtar ‘dobhrán’ (dobharchú beag) agus ‘madra uisce’ air chomh maith. An otter atá i gceist, ar ndóigh. 

Dála an scéil, tá sinsear ag an bhfocal ‘dobhar’ sa Phrótai-Cheiltis: *dubros. Tá sé le fáil i logainmneacha ar fud na hEorpa, ó Dover Shasana go dtí na haibhneacha Dobra sa Spáinn agus Tauber sa Ghearmáin.

Ag breathnú fós ar na canidae, treibh a chuimsíonn an madra, an mac tíre, an sionnach, etc., tugtar ‘madra allta’ agus ‘cú allta’ ar an Canis lupus, chomh maith le ‘faolchú’. Focal liteartha a chiallaíonn ‘mac tíre’ is ea ‘faol’. Céard é an ‘madra rua’ ach an sionnach? Agus an ‘madra crainn’? Sin é an t-iora, bíodh sé rua nó glas.

Níor thug an cat a ainm chomh minic sin d’ainmhithe eile. Mar sin féin, tá an ‘cat mara’ againn. Tig leis a bheith ina iasc: an láimhíneach nó angler nó monkfish; nó ina thubaiste, mar a bhí ag Myles in An Béal Bocht.

Thosaigh muid le ‘madra naofa’ na mBundúchasach Lakhota. Tá sé chomh maith againn críochnú le dhá chapall eile. Is éan é an ‘capall coille’, éan a bhfuil cónaí air sna coillte agus a fhásann chomh mór le 7 kg. Níl ‘capall’ mí-oiriúnach mar ainm air. Capercaillie an t-ainm atá air i mBéarla, leagan truaillithe dá ainm Gaeilge.

An capall eile atá ar intinn agam, ní capall é ach each, mar atá ‘an t-each uisce’. Céard é? Kelpie a thugtar air i mBéarla uaireanta, ach ní mhíníonn sé sin mórán. Céard is kelpie ann? Ainmhí miotaseolaíochta atá ann, nach bhfuil go deas ar chor ar bith, más fíor do na scéalta!

SCÉALTA EILE