Ceol go leor…

siamsa-rnag


CEOL: Ceolchoirm cheiliúrtha Ghaelscoil Osraí; Lyrath Hotel, Cill Chainnigh / Dé hAoine 20 Feabhra @ 20:00

Tá Gaelscoil Osraí i gCill Chainnigh ag comóradh agus iad ar an bhfód le 30 bliain – treise leo!

Táid ag déanamh ceiliúrtha ar na blianta atá slánaithe acu agus, ag an am céanna, ag prapáil do na blianta atá le teacht.

Tá feachtas bailithe airgid ar bun acu le síneadh a chur leis an scoil agus is mar chuid de sin a bheidh ceolchoirm mhór ar siúl tráthnóna.

Tá idir bhannaí agus cheoltóirí aonair luaite leis an ócáid: Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin; Iarla Ó Lionaird (thuas); Nell Ní Chróinín; Steve Cooney; Seo Linn agus Na Casaidigh.

Dár ndóigh tá caill ó thaobh an cheoil ar an scoil seo.

Is cuimhin liom a bheith mar mholtóir ag an gcomórtas Cath na mBannaí, de chuid na heagraíochta Feachtas, anuraidh inár bhain grúpaí ceoil ón scoil an chéad agus an dara háit amach – Highway 61 agus Na Pyroheads.

Ní nach ionadh mar sin go mbeidh All Stars na Gaelscoile páirteach sa taispeántas ceoil chomh maith.

Go n-éirí ádh leo anocht, agus leis an bhfeachtas!


macbeatha

DRÁMA: Mac Beatha, le Shakespeare; Taibhdhearc na GaillimheDé hAoine 20 Feabhra @ 19:00

Ceann de na drámaí is clúití ó pheann an bhaird, Shakespeare, é Macbeth.

Mac Beatha a thugann Seán Ó Tarpaigh air as Gaeilge ina leagan aistrithe den ndráma.

Is a script siúd a bheidh in úsáid do léamh réamh-léirithe a bheidh ar siúl tráthnóna sa Taibhdhearc.

Tá cliar cumasach agus aitheanta luaite leis an léiriú seo – cúigear a bhfuil idir thaithí stáitse agus scáileáin acu – Seán Ó Tarpaigh é féin, Diarmuid de Faoite, Síle Nic Chonaonaigh, Yvonne Laifé agus Barry Barnes.

B’iontach an deis a bheadh ann do dhaltaí ardteistiméireachta atá ag déanamh staidéir ar Macbeth an scéal a fheiscint i bhfoirm dhráma, beo beithíoch ós a gcomhair amach.


sile-denvir

CEOL: Scoil Cheoil an Earraigh, Corca Dhuibhne / 18-22 Feabhra

Tá Scoil Cheoil an Earraigh faoi lán seoil i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo.

Cuireadh tús leis na himeachtaí ar an gCéadaoin, ach ní shin le rá nach bhfuil imeachtaí go leor eile le teacht, idir seo agus deireadh dheireadh na seachtaine!

Is i halla na Feothanaí tráthnóna a bheidh ceann de scata ceolchoirmeacha na scoile ar siúl.

I láthair beidh Aidan Connolly agus Liam Mac Congail, Harry Bradley – ceoltóir na bliana seo caite ag Gradaim Cheoil TG4 – Katerina Garcia agus tuilleadh nach iad.

Beidh rogha leathan ceardlanna ann amárach dóibh siúd ar mhaith leo foghlaim faoi uirlisí éagsúla ceoil, nó faoin amhránaíocht, nó faoin rince go deimhin chomh maith.

Halla na Feothanaí atá roghnaithe mar ionad do cheolchoirm mhór an tSathairn chomh maith, agus is iad Begley agus Cooney, mar aon le Síle Denvir (thuas), Brendan Power, Thomas McCarthy agus Javiar i Ramos, a bheidh i mbun ceoil.

Má bhíonn sibh fós sa dúthaigh maidin Dhomhnaigh, mholfainn daoibh freastal ar Aifreann an Domhnaigh, i Séipéal Naomh Uinseann, Baile an Fheirtéaraigh.

Mura bhfuil creideamh ar bith agaibh, mholfainn fós daoibh a bheith i láthair ar mhaithe leis an gceol ó Pheadar Ó Riada agus Cór Chúil Aodha, le hAifreann Uí Riada.


baile-an-salsa

CEOL: Clubeo, Tigh Leo, Dún na nGall / Dé hAoine 20 Feabhra @ 21:00

Ócáid mhíosúil cheoil é Clubeo a bhíonn ar siúl i dTeach Tábhairne Leo, Mín na Leice, Tír Chonaill – baile Clannad agus Enya dár ndóigh – agus a bhíonn á reáchtáil ag Dónall Mac Ruairí ó Cóisir Cheoil RTÉ RnaG.

Anocht tá an grúpa Éireannach Laidineach Baile an Salsa ar cuairt ó thuaidh, chomh maith le Eve Belle – a bhuaigh comórtas an cheoil aonair ag Scléip ar an mí seo caite – agus roinnt ceoltóirí eile d’ardchaighdeán.

Buail isteach má tá tú sa cheantar… tá craic den scoth geallta!


piobai

CEOL: Na Píobairí Uilleann, Dún Lúiche, Dún na nGall / 20-22 Feabhra

Agus ag fanacht san iarthuaisceart, beidh Tionól Píobaireachta ar siúl i dTír Chonaill an deireadh seachtaine seo le píobairí agus déantóirí na bpíb i bhfochair a chéile i nDún Lúiche.

Tá an chéad tionól seo dá leithéid á eagrú ag Na Píobairí Uilleann agus tá meascán d’ócáidí beartaithe thar na trí lá.

Beidh ranganna agus ceolchoirmeacha ar siúl, neosfar conas aire cheart a thabhairt don uirlis, agus nochtfaidh ceoltóirí na huirlise a gcuid scileanna agus a gcuid eolais leo siúd a bheidh ag freastal ar an tionól.


Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.

SCÉALTA EILE