Tá an Chatalóin go mór sa nuacht faoi láthair mar gheall ar a reifreann neamhspleáchais agus a gluaiseacht i dtreo poblacht nua a fhógairt.
Ach cén cineál tíre í?
Cad a bhogann croí agus meon mhuintir na Catalóine?
Bhuel, tá sé deacair an ceol a shárú mar léargas ar phobal ar bith mar sin anseo thíos tá 12 ceann de na hamhráin chomhaimseartha is clúití agus is fearr atá cumtha ag na Catalónaigh le cúpla glúin anuas.
Tugaigí cluas éisteachta do bhrí an náisiúin!
Que Tinguem Sort (1974) – Lluís Llach
Tosaímid le ceann de na clasaicí.
Is laoch ceoil é Lluís Llach a bhí chun tosaigh i ngluaiseacht an ‘Nova Cançó’ (Amhrán Nua) nuair a thosaigh amhránaithe agus ceoltóirí ag cumadh agus ag canadh go hoscailte sa Chatalóinis, fiú agus an teanga coiscthe ag réimeas Franco.
Amhrán aoibhinn é seo a chiallaíonn ‘Go raibh an t-ádh linn’ agus labhraíonn faoi chaidreamh – pearsanta nó pobail – agus an gá le dul sa seans in amanna.
Suimiúil go leor, tá Llach anois ina pholaiteoir le Esquerra Republicana, páirtí rialtais atá ar son neamhspleáchais.
Què Volen Aquesta Gent? (1968) – Maria del Mar Bonet
Ceoltóir eile ón tréimhse chéanna le Llach, is as Mallorca í Maria del Mar Bonet, oileán ina labhraítear an Chatalóinis chomh maith.
Bunaithe ar dhán de chuid an fhile Lluís Serrahima, déanann an t-amhrán seo cáineadh ar pholasaithe Franco.
Ní gá a rá go raibh cosc ar an traic le linn don deachtóir bheith beo.
Boig per tu (1990) – Sau
Tháinig an chéad rabharta mór eile ceoil sa Chatalóinis ag deireadh na 1980í le teacht ‘Rock Català’.
Phléasc roinnt bannaí nua rac ar an saol a mheall líon suntasach leantóirí agus a thug cic nua-aimseartha don cheol sa teanga.
Tá an t-amhrán grá seo, ‘Craiceáilte i Do Dhiaidh’, anois ar na hamhráin is aitheanta sa tír.
L’Empordà (1989) – Sopa de Cabra
Grúpa iomráiteach as Girona iad Sopa de Cabra (Anraith Gabhair) a bhain clú nach beag amach lena n-amhráin mhóra ‘Camins’, ‘El Boig de la Ciutat’ agus ‘El Far del Sud’.
Is é an ceantar L’Empordá i dtuaisceart na Catalóine is ábhar don aintiún cáiliúil seo.
Alegria (2002) – Antònia Font
In ainneoin an ainm, ní bean í Antònia Font ach cúigear fear as Mallorca.
Spraíúil agus saoithiúil, is minic ábhair éagsúla faoi chaibidil ag an bhanna, ó chúrsaí laethúla an tsaoil go dtí an spás amuigh!
Léiríonn ‘Alegria’ fuaim leithleach na n-oileánach seo.
La Flama (2004) – Obrint Pas
Bunaithe sa bhliain 1993 in València (ceantar eile a bheadh taobh amuigh d’aon stát nua neamhspleách ach atá i mórdhúiche na dTíortha Catalónacha), aithnítear fuaim Obrint Pas fud fad na Catalóine agus níos faide i gcéin.
Tá liricí láidre agus glór an dolçaina (feadóg thraidisiúnta) ag croí a gcuid ceoil agus tá an traic seo – atá in úsáid san fhíseán seo mar chuid de lip dub stairiúil – á seinm go mion minic faoi láthair.
Léiríonn línte ar nós “Lasair de chuid pobail ar a ghluaiseacht” cén fáth.
Camals Mullats (2008) – La Gossa Sorda
Banna eile as País Valencià a bhfuil an pholaitíocht lárnach ina gcuid cumadóireachta, meascann La Gossa Sorda rac, ska, reggae agus punc go héasca.
Is fonn a d’fhanfadh leat é ‘Camals Mullats’, díreach mar atá sé á chanadh go hard ag an slua san fhíseán seo thuas.
Al Mar (2008) – Manel
Indie pop den chuid is fearr a chruthaíonn an grúpa Manel as Barcelona.
Ar na ceoltóirí is mó sa Chatalóinis le 10 mbliana anuas, ba chnag mór samhrúil é ‘Al Mar’ (Chun na Mara) nuair a eisíodh é agus bí cinnte de go mbíonn tóir air go fóill.
Port ar fheabhas agus focail a insíonn scéal beirte ar bhealach álainn réchúiseach fírinneach.
Cala Jóncols (2009) – Dijous Paella
Is geall le filíocht iad amhráin Dijous Paella (Déardaoin Paella) agus is amhlaidh atá le liricí an riain seo.
‘Rumba’ na Catalóine an stíl a chleachtann an grúpa, seánra ceoil a d’fhórbair i gceantar giofógach Romanaíoch Barcelona sna 1950í.
Tugaim do dhúshlán gan bogadh!
Pa amb Oli i Sal (2012) – Blaumut
‘Arán le hola agus salann’ is teideal don amhrán seo ó cheann de bhannaí móra Catalónacha na linne.
Ní hamháin go bhfuil a meascán sofaisticiúil den pop, folk agus ceol clasaiceach tar éis dul i bhfeidhm ar na mílte éisteoir, moltar físeáin ardchaighdeáin ealaíonta Blaumut chomh maith – tá 3.2 milliún radharc faighte ag an cheann seo ar Youtube mar shampla.
Rock & Roll (2013) – Els Catarres
Bíonn spraoi na Catalóine le mothú go soiléir in amhráin Els Catarres – rithimí greamúla, liricí sultmhara agus, ar a bharr sin uilig, déanann siad gigeanna den chéad scoth.
Cosúil le mórchuid na mbannaí a cheolann sa Chatalóinis inniu, tacaíonn Els Catarres go neamhbhalbh le ceart féinchinntiúcháin a náisiúin, rud a chuireann gné bhreise lena gceol áthasach ardscléipeach.
Música de Carrer (2014) – Txarango
Meascán mearaí binn beoga a chuireann na cleasaithe ceoil seo ar fáil, atá ar na bannaí is mó sa Chatalóin le dornán blianta anuas.
‘Ceol sráide’ is teideal don traic seo agus sin díreach an rud atá ann – ceol féile don uile dhuine.
Sampla maith do leithne agus d’éagsúlacht cheol na Catalóinise sa lá atá inniu ann.