16 Visions Of Ex-Futur, le Véronique Vincent & Aksak Maboul
Cad é seo, go díreach?
Ceann d’albaim na bliana 2014 domsa ab ea seoid ón bhliain 1983, Ex-Futur Album, nár eisíodh ag an am toisc é a bheith ró-phop don margadh avant-garde agus ró avant-garde don mhargadh pop.
Popcheol Beilgeach sultmhar ealaíniúil é, a bhaineann leas as gnéithe de cheol hi-life, ceol Arabach, dub, snagcheol agus ceol na scannán Francach.
Ceol léirithe go príomha ar na sintéiseoirí céanna (Roland TB303, Juno 60, Roland TR808 agus Casio MT-40) a bheadh mar bhunchlocha an cheoil uirbigh, ó techno Detroit go hip hop Nua-Eabhrac go dancehall Kingston go ceol house Chicago, taobh istigh de thréimhse cheithre bliana.
Ar 16 Visions Of Ex-Futur cloisimid rianta ón bhun-albam ath-shamhlaithe, ath-sheinnte nó ath-mheascaithe ag leithéidí Burnt Friedman, Laetitia Sadier (Stereolab), Marc Collin (Nouvelle Vague), Aquaserge, Lena Willikens agus Capitol K.
An bhfuil aon mhaith ann?
Tugann formhór na leaganacha nua seo faoi amhráin Ex-Futur go tuisceanach, samhlachúil, agus tá an rud ina iomlán ar chomhchaighdeán leis an bhun-albam féin.
Aistríonn Jaakko Eino Kalevi liricí ‘I’m Always Crying’ go Fionnlainnis, an bun-cheol óirithe mar pop kitsch don dtolglann aige.
Déanann Laetitia Sadier bailéad breá, leachtúil, brónach as ‘Afflux De Luxe’.
Roghnaíonn Burnt Friedman leagann snagcheol tropacach de ‘Je Pleur Tout Le Temps’ a chur faoi bhráid an éisteora.
Tá léamh snasta electro-disco Hello Skinny ar ‘Oh Je Veux’ ar an rud is fearr anseo, cé go bhfuil athmheascán Bullion de ‘Veronika Winken’, a mhalartaíonn gan dua ó hi-life go pop ceolfhoirneach thar bhuillí electro nach mór chomh maith leis.
Tugann Flavien Berger faoi leagan milis, caointeach de ‘Je Pleure Tout Le Temps’ a léiriú i stíl The Beach Boys in aimsir Smile.
Tá dhá rian nua-thaifeadta ag Véronique & Aksak Maboul féin le clos freisin.
Ní mór a rá go bhfuil ceann acu, an leagan eipiciúil de ‘Le Troisieme Personnage/Paysage Volé’ i dteannta na ngiotáraithe Mopero Mupemba & Francois Kalenga ón ngrúpa Kasai Allstars, ar an rud is fearr atá taifeadta ag an ngrúpa riamh.
Laigí?
Tá ceol Capitol K chomh leamh, ciotrúnta is a bhí riamh ar a leagan de ‘Kinda Doll’.
Crá don chluas é léamh trialach Bérangére Maximin ar ‘Fuir Les Aborigines’.
An breithiúnas?
Ní minic pacáiste athmheascáin agus athleaganacha clúdaigh chomh sásúil le 16 Versions Of Ex-Futur.