1,600,000 éisteacht ag Kneecap ar Spotify i mbliana

Casadh ceol de chuid an bhanna ceoil Gaeilge Kneecap, as iarthar Bhéal Feirste, 1.6m uair ar aip cheoil Spotify i mbliana. Chuir Spotify eolas agus staitisticí éisteachta ar fáil inniu dá n-úsáideoirí, idir éisteoirí agus cheoltóirí, agus tá na meáin shóisialta lasta ag daoine ag caint agus ag comhrá faoina nósanna éisteachta. 

Roinn rapálaithe Bhéal Feirste íomhá den eolas do cheoltóirí a chuir Spotify ar fáil dóibh inniu agus os cionn milliún éisteacht faighte acu taobh istigh de bhliain. Ar na staitisticí eile a roinn Mo Chara agus Mógalaí Bap bhí líon na n-éisteoirí, na huaireanta an chloig a caitheadh ar Spotify ag éisteacht le Kneecap, agus líon na dtíortha ina mbíonn daoine ag éisteacht leis an rapcheol Gaeilge. 

Chaith 96,500 duine 87,200 uair an chloig ag éisteacht le Kneecap in 74 tír ar fud na cruinne le linn 2019. 

Tháinig Kneecap ar an bhfód de phléasc dhá bhliain ó shin nuair a eisíodh físeán ceoil dá n-amhrán mór le rá C.E.A.R.T.A. ar NÓS. Bhí siad gníomhach ar feadh na bliana 2018 á gcur féin chun cinn, agus bhí lucht dílis leanúna aimsithe acu faoin am a eisíodh a gcéad albam. 

Thug siad nach mór chuile ghradam aneas abhaile leo ag Gradaim Cheoil NÓS ag tús na bliana seo. 

Thug siad camchuairt ar Éirinn ag tús na bliana seo, agus díoladh iomlán na dticéad do na gigeanna ar fad i gcathracha thiar, thiar, thuaidh agus theas. An samhradh seo, bhí Kneecap i measc na mbannaí ceoil is mó éileamh ag féilte ceoil ó fhéilte beaga ar nós Fhéile na Gealaí go príomhfhéile cheoil na hÉireann, Electric Picnic. 

Tá an triúr ag dul ó neart go neart agus camchuairt beartaithe acu don bhliain seo chugainn i Sasana agus in Albain. Tá iomlán na dticéad díolta do na gigeanna a bheidh ar siúl i nGlaschú agus in London cheana féin, agus tá éileamh mór ar thicéid don seó in Liverpool. 

SCÉALTA EILE