Níl ach 40 lá fágtha go dtí go mbeidh na sluaite ag cruinniú le chéile ag Caisleán Ard Giolláin, BÁC, le haghaidh na féile úrnua Ravelóid agus tá tuilleadh sonraí díreach eisithe ag an lucht eagraithe a chuirfidh faobhar ar ghoile na nGael.
Breis agus 20 grúpa agus ceoltóir eile atá fógartha ag muintir Ravelóid a chuireann líon na mbannaí ceoil anois thar 40 don deireadh seachtaine ar fad, le tuilleadh imeachtaí, fuirseoirí, filí, cainteanna agus ceardlanna le heisiúint go fóill.
I measc na ngrúpaí nua a fógraíodh inniu tá na Gaeil aitheanta Eve Belle, Dysania, IMLÉ, Enda Reilly, Emma Ní Fhíoruisce, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Na Taoisigh, Bernie Pháid, Lauren Ní Chasaide agus Spats Colombo.
Ar a bharr sin tá bannaí móra a cheolann i mBéarla don chuid is mó ach a bhfuil cainteoirí Gaeilge ag seinm iontu agus a chuirfidh roinnt amhrán inár láthair as Gaeilge chomh maith.
Luaite ina measc siúd tá In Their Thousands, Picture This, In The Willows (thuas), Perfect Friction agus Trinitones.
Nuair a chuirtear na bannaí úra leis na grúpaí atá fógartha cheana féin, leithéidí Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Kíla, Heathers, Hothouse Flowers agus Altan, is léir go mbeidh scoth an cheoil agus an spraoi thar dheireadh seachtaine na Ravelóide.
Meastar go gcuirfidh an fhógairt nua seo dlús arís eile le díol na dticéad agus moltar d’aon duine ar mhaith leo dul go Ravelóid ach nach bhfuil ticéad ceannaithe acu go fóill ceann a aimsiú láithreach sula mbíonn sé ró-mhall.
Is ag Caisleáin Ard Giolláin, idir Na Sceirí agus Baile Brigín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a bheas an fhéile spleodrach Ghaeilge ar siúl Dé hAoine 10 agus Dé Sathairn 11 Meitheamh.
Níl ach €129 ar thicéad deireadh seachtaine, campáil san áireamh, agus tá gach eolas le fáil ar raveloid.ie