Duine ar bith a bhfuil cuimhne acu ar shamhradh 1990, beidh cuimhne acu ar an amhrán clasaiceach seo chomh maith.
Bhí fiabhras an tsacair i réim ar fud na hÉireann agus foireann náisiúnta na tíre ag imirt i gCorn an Domhain den chéad uair riamh.
Tháinig na himreoirí ar fad le chéile lena n-amhrán oifigiúil a thaifeadadh don chomórtas agus bhí sé ina chnag mór a luaithe is a eisíodh é.
Frása clúiteach de chuid an bhainisteora Jack Charlton é an teideal Put ‘Em Under Pressure agus leis an rif ón Dearg Doom agus “Olé Olé” sa churfá, d’fhan sé 13 seachtain ag uimhir 1 i gcairteacha na hÉireann.
Cé gur chuir na hóstaigh, an Iodáil, agus cúl le Totò Schillaci Éire amach as an chomórtas ar 30 Meitheamh, lean an t-amhrán sa chéad áit sna cairteacha le linn mhí Iúil ar fad ar aghaidh go dtí deireadh Lúnasa.
A leithéid d’éacht le haghaidh amhráin spóirt, agus a leithéid de shamhradh.
Laethanta órga an tsacair in Éirinn gan aon agó – an bhfeicfidh muid iad, agus clasaic mar Put ‘Em Under Pressure, amach anseo arís?