£2,500 bailithe ag Kneecap

Tá an sprioc bainte amach ag an mbanna ceoil Kneecap agus £2,500 bailithe acu ina bhfeachtas sluamhaoinithe le tuilleadh amhrán a thaifeadadh i ndiaidh dóibh dhá ghradam mhóra a thabhairt leo ag Gradaim Cheoil NÓS an mhí seo caite.

D’éirigh le Móglaí Bap agus Mo Chara an t-airgead a theastaigh uathu a bhailiú taobh istigh de thrí seachtaine agus dúirt Móglaí Bap le NÓS aréir go mbeidh siad ag cromadh anois ar an obair amhráin nua a scríobh agus físeáin cheoil a thaifeadadh in am don samhradh.

“Tá trí fhíseán le taifeadadh anois, tá beirt acu scríofa cheana féin agus tá ceann amháin fós le scríobh. Eiseofar an trí cinn roimh dheireadh mhí Bhealtaine agus beidh seit iomlán againn d’Fhéile na Gealaí mí Mheithimh.

“Déanfar forbairt ar na carachtair chéanna a bhí i ‘C.E.A.R.T.A’ agus beidh a scéal siúd ag leanúint ar aghaidh. Déanfar físeán amháin i mBéal Feirste arís agus beidh muid ag dul go Conamara fá choinne físeán eile. Ní mhillfidh muid an scéal go fóill oraibh ach beidh baint ag físeán Chonamara le bád,” a dúirt sé.

Thug 96 duine airgead don bhanna ceoil leis na físeáin a dhéanamh, agus idir £5 agus £20 á dtabhairt ag a bhformhór mór. Dheonaigh beirt os cionn £150. Thug Móglaí Bap le fios do NÓS go raibh “neart daoine ann nach raibh Gaeilge acu” agus nach raibh “aithne ag Kneecap orthu” a thug airgead, idir bheag agus mhór, don fheachtas.

“Níl le déanamh anois ach dul ag obair ar na tunes, beidh muid ag ceol ag an gCabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair ag deireadh na míosa seo chugainn agus beidh an chéad seit iomlán againn ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn,” a dúirt sé.

Ghnóthaigh Kneecap na gradaim do ‘Físeán na Bliana’ agus do ‘Nuíosach na Bliana’ ag Gradaim Cheoil NÓS a reáchtáladh sa Sugarclub i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Chas an banna ceoil nua a n-amhráin beo den chéad uair ag an ócáid sin.

Tharraing liricí an amhráin ‘C.E.A.R.T.A’ conspóid nuair a eisíodh ar dtús é mar gheall ar na heascainí a bhí ann, agus na tagairtí do dhrugaí agus do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann.

Gheall Kneecap go mbeadh “gach amhrán chomh conspóideach céanna” agus “nach gcraolfar aon cheann acu ar RTÉ 2FM go deo!”

Anuas ar an gCabaret Craiceáilte agus Féile na Gealaí, tá sé i gceist ag Kneecap casadh ag roinnt féilte eile ceoil i gcaitheamh an tsamhraidh.

SCÉALTA EILE