Tá an lá buailte linn.
Anocht i gClub an tSiúcra i mBaile Átha Cliath baileoidh bannaí, amhránaithe, lucht na bhféilte agus iad siúd a bhfuil dúil acu sa nuacheol Gaeilge le chéile le haghaidh Ghradaim Cheoil NÓS 2017.
Ag tús na seachtaine d’fhoilsigh muid 8 bhfíseán a rinne pearsana éagsúla faoi na hamhráin atá ar an ghearrliosta don ghradam ‘Amhrán na Bliana’ agus anois anseo thíos tá na 6 cinn eile.
Is é an comhlacht léiriúcháin Macalla a chuir na físeáin le chéile agus sna cinn is déanaí tá Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ Raidió na Gaelachta, an YouTuber aitheanta Clare Cullen, an láithreoir raidió Niamh Ní Chróinín mar aon le hAilbhe Ní Riain agus Aonghus Ó Lochláinn ó Raidió na Life.
Bígí linn anocht agus, muna féidir leat bheith i láthair, ná déan dearmad go mbeidh tú in ann craic na hoíche a leanúint ar Facebook, Twitter agus Snapchat.
#GCNÓS
Fiachna Ó Braonáin – ‘Craiceann agus Cnámha’ le Eve Belle
Clare Cullen – ‘Féach Anois a Stóirín’ le Grace Willis & cairde
Niamh Ní Chróinín – ‘Brú do Bhealach Féin’ le Pádraig Jack
Sinéad Ní Uallacháin – ‘Ní ag Cur i gCéill’ le Spats Colombo
Ailbhe Ní Riain – ‘Críochfort’ le IMLÉ
Aonghus Ó Lochlainn – ‘Bígí leis an Rí’ le Daire McBride