Ar dhuine de na réaltaí óga atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana tá príomhamhránaí Seo Linn Stiofán Ó Fearail, atá le feiceáil chomh maith ag láithriú ‘Cleas Act’ ar TG4 faoi láthair.
Labhair sé linn faoi dheoir rúnda i súil a athar an lá a ghnóthaigh na Rossies Craobh Mionúr na hÉireann, faoina gheansaí peile Ros Comáin (nach álainn é!) agus faoin didgeridoo a tharraing spéis a chailín Lisa an chéad lá is iad ag cóisireacht i mBéal Feirste!
1. Cárb as duit?
As Ros Comáin dom! Agus fíorbhródúil as.
2. Cad hiad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Na daoine, an iargúltacht, an pheil!
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Caithfidh gur Uganda a bheadh ann. Chuaigh mé ann leis na leaideanna eile in Seo Linn le hamhrán a chumadh do Self-Help Africa.
Taithí as cuimse a bhí ann taisteal ann agus castáil leis na daoine ar fad a bhí ann.
Ba é an rud ba mhó a sheas amach dom ná cé chomh sásta ‘s a bhí daoine ann.
Is iad na laethanta scoile na laethanta is fearr dóibh agus fios maith acu é.
Brónach a laghad deiseanna acu a fheiceáil i ndiaidh na scoile. Is é ‘Ar Scáth a Chéile’ an t-amhrán a chum muid ann.
4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Is deacair an cheist í seo. Taitníonn go leor leor amhránaithe liom ar chúiseanna éagsúla.
Is maith liom Kris Kristofferson agus Luke Kelly mar gheall ar an tslí a n-insíonn siad scéal amhráin; Bob Marley agus Sting as an mothú a mhúsclaíonn siad ionam; Eric Clapton agus Ed Sheeran mar gheall ar an stíl agus cumas scríbhneoireachta agus Bruce Springsteen i ngeall ar an mbealach a láimhseálann sé an stáitse.
5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Á muise, geansaí peile Ros Comáin… nach álainn é! Ar an gceann nua le Club Rossie tá léarscáil ar an droim leis na clubanna ar fad air – go hálainn.
6. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?
Deacair sin a fhreagairt freisin!
Bhuel bhí mé páirteach sa seó Centenary le déanaí ar RTÉ 1 lenár n-amhrán nua, ‘Music Makers’, agus bhí sé sin craiceáilte!
B’fhéidir dreapadh suas ar dhíon óstáin in Kampala, Uganda freisin! Agus mé ag cuimhniú siar, ní raibh sin ró-chliste!
7. Fíon nó Beoir?
Braitheann sé ar an oíche! Beoir den chuid is mó.
Is maith liom Hop House 13 atá amuigh le déanaí. Fíon dearg as an tSíle má bhím istigh léi féin nó amuigh ag dinnéar!
8. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Níl tuairim na ngrást agam! An-mheas agam ar Dhubhghlas de hÍde, Rossie eile, ach nílim mórán cosúil leis i ndáiríre!
9. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Neart cuimhní. Is cuimhin liom go maith é nuair a ghnóthaigh na Rossies Craobh Mionúr na hÉireann sa bpeil in 2006 thíos in Inis, Co. an Chláir.
Chonaic mé deoir rúnda i súil m’athar an lá sin!
10. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Bhuel nuair a chas mé le Lisa den chéad uair bhí mé i mbrú óige thuas i mBéal Feirste.
D’fhoghlaim muid cén chaoi an didgeridoo a chasadh an oíche sin!
11. Ceolchoirm nó buscáil?
Ceolchoirm! Ach is maith liom an bhuscáil freisin.
12. Cad é an rud is fearr faoina bheith ag buscáil?
Casann tú le neart daoine éagsúla ann agus bíonn an tsaoirse agat rudaí a thriail nach ndéanfá i gcoirmcheoil gan neart cleachtaidh a dhéanamh orthu!
13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?
Is maith liom Leonardo di Caprio.
Bhí an tOscar tuillte aige go maith tar éis Revenant. Taitníonn Liam Neeson liom freisin mar chineál Laoch Baile!
14. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do cheoltóir?
Seachas an mhúinteoireacht, ba mhaith liom triail a bhaint as aisteoireacht nó tuilleadh láithreoireachta!
15. An bhfuil aon aiféala agat?
Is trua nach bhfuair muid Troy Armour mar bhainisteoir ar Seo Linn sula bhfuair ach ar a laghad tá sé againn anois.
Thug sé cic sa tóin don bhanna. Eisean a chuir brú orainn an feachtas Kickstarter a reáchtáil.
Léirigh sé dúinn gur féidir leat aon rud a bhaint amach má chuireann tú an obair isteach.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Tuilleadh peitril don charr!
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba bhreá liom dul chuig Peiriú agus Machu Picchu a shiúl. Tá roinnt pictiúr feicthe agam agus cuma dhochreidte ar an áit. Is maith liom an tsiúlóid, rinne mé Camiñona na Portaingéile roinnt blianta ó shin agus bhí sé ar fheabhas.
Thitfeadh oráistí áille anuas ó chrainn agus tú ag siúl ó háit go áit.
18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Bhí an Centenery dochreidte ar fad.
Ní raibh ann ach amhrán amháin ach bhí sé speisialta a bheith ag casadh ‘Music Makers’ ann, amhrán a scríobh muid muid féin.
Beidh muid ag casadh thall i Nua-Eabhrac in Battery Park ag Comóradh an Chéid ar 24 Aibreán ag breathnú amach ar Oileán Ellis le Paul Brady agus The Gloaming. Beidh sé sin speisialta freisin.
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Frítheadh mé ag piocadh as mo shrón nuair a bhí mé sa lucht féachana ar an Late Late Show roinnt mhaith blianta ó shin!!
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Bhí an Centenary sách maith… agus bua Ros Comáin in 2006… níl a fhios agam i ndáiríre.
Tá súil agam nach bhfuil buaicphointe mo shaoil tagtha fós!
Tá na línte vótála do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais oscailte anois agus beidh deis vótaí a chaitheamh do na réaltaí óga go dtí meán lae Déardaoin, 12 Bealtaine 2016.
Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a theastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig 57003, ó Phoblacht na hÉireann,
agus 60999, ó Thuaisceart Éireann & ón Bhreatain. Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann.
STIOFÁN Ó FEARAIL téacsáil GRADAM101
SINÉAD NÍ UALLACHÁIN téacsáil GRADAM102
FIONA NÍ FLAITHEARTA téacsáil GRADAM103
LISA MADDEN téacsáil GRADAM104
MICHEÁL Ó CIARAIDH téacsáil GRADAM105
EDEL NÍ CHURRAOIN téacsáil GRADAM106