Is í Eve ‘na n-amhrán’ Belle atá i gcathaoir na 60 soicind an tseachtain seo agus í díreach ar ais i ndiaidh di tréimhse a chaitheamh i Londain i mbun cumadóireachta agus ceoil. Labhair sí linn faoina cuimhní cinn, faoina spéis i gcúrsaí teangeolaíochta, agus faoina buaicphointe saoil go dtí seo…. a lucht na hArdteiste, ní fada go mbeidh an lá libh!
1. Cárb as duit?
Rugadh mé i mBaile Átha Cliath, ach tá mé i mo chónaí i nDún na nGall le chóir a bheith deich mbliana anois.
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Déarfaidh mé gurb é Dún na nGall mo cheantar dúchais. Is aoibhinn liom an ceol, an Ghaeilge agus an dúlra.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Chuaigh mé go dtí an Phortaingéil thart fá sheacht n-uaire nuair a bhí mé níos óige. Tír ghalánta atá ann. Go hiomlán niamhrach!
3. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Tá seo doiligh! Tá cuid mhór acu ann. Déarfainn gurb é Conor Oberst an ceoltóir/t-amhránaí is fearr liom ar domhan.
4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Chuaigh mé ag siopadóireacht ar líne cúpla seachtain ó shin agus tá gúna galánta ceannaithe agam ach níl áit ar bith agam lena chaitheamh! Ach tá sé go hálainn.
5. Fíon nó beoir?
Uisce beatha, le do thoil.
6. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’amhránaí?
Ba mhaith liom bheith i mo theangeolaí. Tá suim mhór agam sna nascanna idir teangacha éagsúla.
7. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Nuair a bhí mé sé bliana d’aois, bhí mé an-chrosta le George Bush. Níor thaitin sé liom ar chor ar bith. Scríobh mé alt feargach faoi i mo dhialann ar scoil. Cheap mo mhúinteoir go raibh sé iontach greannmhar, ach bhí mé féin ar mire.
8. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus spéis agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Ní duine maith mise fá choinne na ceiste seo! Pictiúrlann agus dinnéar? Rud traidisiúnta mar sin. Gabh mo leithscéal; tá mé iontach leadránach!
9. Seisiún nó ceolchoirm?
Seisiún, gan dabht.
10. Céard é an scannán is fearr in 2016, dar leat?
Níl sé thart go fóill! Agus tá mé ag fanacht le Suicide Squad.
11. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr, dar leat?
Tá Stanley Tucci ar dóigh. Sílim go bhfuil sé iontach solúbtha do rólanna difriúla.
12. Cén phearsa stairiúil is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
Tá seo deacair! Marie Antoinette. Ní thuigim cén fáth nach féidir liom cáca a ithe i gcónaí in áit aráin.
13. Céard é an ball éadaigh de do chuid is fearr leat?
Tá seangheansaí agam atá thart fá thrí bliana d’aois a bheidh i gcónaí i mo chroí. Is é an rud is compordaí ar domhan é.
14. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Rachainn chuig an phictiúrlann, nó cheannóinn sreanga nua do mo ghiotár.
15. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
An Fhrainc. Is aoibhinn liom an teanga agus an cultúr (agus an bia). Ba mhaith liom an seans a fháil mo chuid Fraincise a fheabhsú.
16. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Is aoibhinn liom na Ruby Sessions in Doyle’s i mBaile Átha Cliath. Sheinn mé ann cúpla uair. Tá atmaisféar draíochta ann; tá an lucht féachana i gcónaí ar dóigh chomh maith. Gig dochreidte atá ann, i ndáiríre.
17. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Ag codladh amach agus ag ithe bia mífholláin. Agus tá mo sheomra i gcónaí trína chéile. Ní duine néata mé.
18. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Ag críochnú na hArdteiste. Níl rud ar bith níos fearr na an mothúchán a bhí agam ag siúl amach as mo scrúdú deireanach dom.
19. Cad é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
Is aoibhinn liom an Ghaeilge a labhairt. Teanga cheolmhar, ghalánta í, i mo thuairimse.
20. An bhfuil aiféala ort as aon rud?
Tá mé ró-óg i ndáiríre chun fíor-aiféala a bheith orm, ach déarfainn nach bhfuil ciall ar bith san aifeála. Caithfidh tú foghlaim ó do chuid botún.
Beidh Eve Belle ag seinm ag Ravelóid sa Chathair, Dé hAoine, 10 Meitheamh sa Chlub Siúcra, BÁC. Coinnígí ar an eolas faoi cad atá ar siúl ag Eve ar Twitter agus Facebook.