60 Soicind le…

Is é an rapaire Pádraig Muipéad Ó Conghaile atá i gcathaoir na 60 soicind an tseachtain seo. Faoi láthair tá Pádraig ag baint sult as an saol beoga san ardchathair, as a chuid oibre sna meáin agus as a bheith ag gabháil d’albam début Imlé atá le seoladh san fhómhar. Hup!

Labhair sé linn faoin cheacht snámha ón gcé (ar stíl Chonamara) a fuair sé agus é óg, faoi iontais na hÉigipte agus faoi bhuaicphointe a shaoil go dtí seo! Conamara abú!


1. Cárb as duit?

Doire Né, Casla, Conamara.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

Spiorad phobal na háite, an tírdhreach agus, ar ndóigh, an tAtlantach fiáin.

3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Má tá orm ceann amháin a roghnú, déarfainn gurb í an Éigipt an tír a thagann chun cinn i m’intinn.

Cultúr iomlán éagsúil ón ngnáthshaol san Eoraip. Radhairc, fuaimeanna agus boladh iomlán difriúil, le stair agus scéalaíocht iontach saibhir.

4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?

Ella Fitzgerald

5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?

Mo chuid seaicéad.

6. Trí rud a thaitníonn leat faoin saol san ardchathair?

An beocht, na mná agus an meascán daoine.

7. Fíon nó beoir?

Chaon cheann. An bhfuil tú ag ofráil?

Padraig

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do rapaire agus i do réalta sna meáin?

Muna mbeinn ag ceol agus sáite sna meáin, bheinn i mo bhádóir de shaghas éigin.

Is breá liom an fharraige.

9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ceacht snámha a thug mo dheartháir dom. Chaith sé ón gcé mé agus d’fhoghlaim mé gan mhoill.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair a raibh dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Béile agus deochanna neamhfhoirmeálta chun go mbeadh an deis againn labhairt ar feadh na hoíche.

11. Cur i láthair nó cumadóireacht?

An dá rud ar ndóigh, is áisiúil an rud dhá chos.Ach, gan an chumadóireacht níl aon rud le cur i láthair…

12. Bialann is blasta i gcathair Bhaile Átha Cliath, dar leat?

Musashi ar Shráid Chéipil.

13. An teach tábhairne is fearr le haghaidh scúip?

An Gingerman.

14. An bhfuil pearsa sa stair atá ar dhóigh ar bith cosúil leat?

Ba mhaith liom Bernard Moitessier a rá…deacair rud mar sin a dhéanamh amach.

15. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr i láthair na huaire, dar leat?

Ní chreidim gur féidir an cheist sin a fhreagairt.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Bia a cheannacht.

17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?

Deisceart na hIodáile.

Cén fáth?

Beidh cairde liom ag pósadh gar do Lecce, agus is breá liom na hIodálaigh go ginearálta. Cosúil linn féin ach níos fearr i mbun cócaireachta.

18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?

Ar ardán Body & Soul ag an bPicnic Leictreach mar go raibh slot luath againn, ach líon an áit suas agus muid ag dul ar stáitse.

Bhí an slua thar barr agus fuinniúil, rud a chuir ar mo chompord mé agus rinneamar gig mhaith.

muip

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Níl aon drochnósanna ag MC Muipéad 😉

20. Buacphointe saoil go dtí seo?

Ag fás suas i gConamara.

SCÉALTA EILE