Is í an t-amhránaí álainn Bernadette Morris atá linn an iarraidh seo agus í ag ullmhú dá gig ag Other Voices sa Daingean an Domhnach beag seo, an 4 Nollaig.
Sciob muid 60 soicind léi le labhairt faoina halbam nua, atá ar na bacáin, turas go Nashville sa bhliain úr agus an domhan beag Gaeilge iontach atá againn, taobh istigh den domhan mhór seo, a chuireann go mór lena saol!
1. Cárb as duit?
Is as Cill Íseal mé i dTír Eoghain.
2. Na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
– Tá cuid mhaith de mo mhuintir ann go fóill.
– Áilleacht na háite. Is breá liom cé chomh glas is atá sí.
– Bean bhródúil Thír Eoghain mé. Tagann cuid mhór rudaí maithe as an chontae!
3. Bíonn tú ag obair san earnáil teilifíse chomh maith lena bheith ag ceol. Ar thaitin clár ar bith ar leith leat ar oibrigh tú air i mbliana?
Tá mé díreach críochnaithe le clár faisnéise faoi na trioblóidí a ndearna Liam Neeson an t-athghuthú air. Beidh sé á chraoladh ar BBC1 oíche Dé Luain, an 5 Nollaig @ 8.30in.
Seo spléachadh beag daoibh!
4. Cad é an rud is fearr leat faoi bheith i d’amhránaí?
Is breá liom a bheith ag ceol. Ní miste liom cá háit, ar stáitse nó ag cleachtadh i mo sheomra suí, ach faighim an-fhuinneamh ó bheith i mbun amhránaíochta.
5. An ball éadaigh is minice a chaitheann tú?
Péire buataisí thar na glúine atá agam. Caithim go mion minic iad! 🙂
6. An tír is fearr leat?
An Téalainn. Tá na daoine thar a bheith deas séimh ann, tá an bia go hálainn agus tá an tírdhreach agus na tránna dochreidte amach!
7. Cad é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
An Íoslainn. Tá ráite ag beirt chairde liom gur tír speisialta atá ann agus ba bhreá liom na Soilse Thuaidh a fheiceáil.
8. Cad é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
A bheith mar pháirt de phobal, is dóigh liom. Is breá liom go bhfuil domhan beag Gaeilge againn taobh istigh den domhan mhór agus go bhfuil aithne agam ar go leor daoine deasa mar gheall air.
9. Fíon nó beoir?
Ní ólaim. Níor ól mé riamh!
10. Geansaithe Nollag… maith nó olc?
Ó maith! Tá siad gealgháireach, lán gealra, spleodrach! Chaithinn an lá uilig ag treabhadh na cathrach ag lorg geansaí le cloigíní air!
11. Bíonn tú ag díriú ar cheol traidisiúnta den chuid is mó ach tá tú ag comhoibriú le ceoltóirí ó sheánraí eile le déanaí. Cén sórt ceoil is mó a thaitníonn leat?
Tá mé ag dul go Nashville le hamhrán a scríobh agus a thaifead ann, tá súil agam. Is breá liom ceol tíre! Country ceart! Tá nasc éigin agam leis an cheol sin, creidim.
12. Cad é do bharúil faoin tsraith Nashville? An léiriú maith é ar cheol tíre?
Is breá liom é agus is breá liom na hamhráin ann! Tá mé ag súil go mór leis an chéad tsraith eile.
13) An rud is fearr faoi bheith do chónaí i mBéal Feirste?
’Bhfuil a fhios agat, tá mé féin agus m’fhear chéile tar éis bogadh go hArd Mhacha. Beidh Tír Eoghain san fhuil agam go deo áfach!
14. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cuirim dúil mhór, barraíocht dúile, i rudaí milse, mar sin rachainn go dtí an bácús agus gheobhainn slám bonnóg.
15. Tá an Nollaig ag teannadh linn. An bhfuil nós deas ar bith agat a chuireann leis an cheiliúradh?
Tá sé deacair maisiú an chrainn Nollag a shárú. Cuirimid na hamhráin mhóra Nollaigiúla ag gabháil. Tá an crann in airde againn cheana féin! Nach bhfuil sé go hálainn!
16. An t-amhrán Nollaigiúil is fearr leat?
‘A Oíche Bheannaithe’
17. Leabhar maith a léigh tú ar na mallaibh?
The Five Love Languages le Gary Chapman. Leabhar iontach spéisiúil atá ann.
Tháinig an t-údar ar chúig theanga an ghrá tar éis dó na blianta a chaitheamh i mbun comhairle a chur ar lánúineacha pósta.
Deir sé go bhfuil dhá theanga níos tábhachtaí duit ná na cinn eile. Caithfear an leabhar a léamh lena fháil amach cad iad…
18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Níl mé iontach néata. Nuair a bhím ar mo chompord, bíonn rudaí caite timpeall orm.
19. Aon rud a bhfuil tú ag súil leis sa bhliain úr?
Beidh mé ag cur tús le mo dharna albam sa bhliain úr agus tá mé ar bís faoi sin!
HUP!
Beidh Bernie ag tabhairt aghaidh ar an stáitse leis an ghrúpa Arborist sa Marina Inn, Daingean Uí Chúis, Contae Chiarraí, Dé Domhnaigh ag 2in. Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh Bhernie anseo