60 Soicind le…

Is í Caroline Ní Dhubhchóin, duine de phríomhamhránaithe Spats Colombo, atá i gcathair an 60 Soicind an iarraidh seo.

Labhair sí linn faoi eachtraí iascaireachta a hóige, faoi aisteoirí draíochtúla ón tseanré agus faoina céad ghig riamh leis na Spatadóirí, a mhúscail íota fhiánta an cheoil iontu uilig!


1) Cárb as duit?

Is as An Fhál Charrach i gContae Thír Chonaill mé.

2) An bhfuil cuimhne ar leith a sheasann amach ó d’óige?

Tá, nuair a bhí mé iontach óg, bhí mé féin agus mo dheirfiúr agus m’athair, bhí muid ag iascaireacht i gCill Ulta i nGort a’ Choirce, agus is cuimhin liom gur tháinig an taoide isteach orainn agus cha raibh muid ábalta dul trasna.

Thug m’athair an bheirt againn siar. Chuir sé muid suas ar a cholainn agus shiúil sé fríd an uisce agus seasann sé sin amach dom. Bhí sé cineál speisialta ag an am mar go raibh muid óg agus bhí píosa craice ag baint leis.

3) As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Chuaigh mé chuig na hOileáin Fhilipíneacha cúpla mí ó shin. Bhí sé galánta. Bhí na daoine speisialta agus feiceann tú lorg mhuintir na Seapáine agus na Spáinne agus na hIsiltíre ann i dtólamh.

4) Cé hí nó hé an t-amhránaí is/ab b’fhearr leat?

Tá sé iontach doiligh dom a rá. Is breá liom go leor amhránaithe. Is maith liom glór leithéidí Natalie Merhant agus Margo Timmins ó The Cowboy Junkies ach mar sin féin , is breá liom glór phríomhamhránaí The National chomh maith agus daoine áirithe eile.

5) Píosa ceoil nó amhrán a chuireann tú ar siúl go minic?

Cuirim ar siúl Trouble will find you le The National go minic.

Amantaí nuair atá mé ag cócaireacht is maith liom a bheith ag éisteacht le The Buena Vista Social Club nó Rodriguez ach athraíonn sé go minic.

5) An béile is fearr leat?

Is breá liomsa iasc, áit ar bith sa teach nó amuigh is cuma liom, agus comhluadar deas – sin an rud is tábhachtaí faoi dtaobh den bhéile.

7) Fíon nó beoir?

Is breá liom fíon ach nuair atá mé amuigh ólaim beoir níos minice ná fíon.

8) Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’amhránaí?

Bhuel, is stiúrthóir agus léiritheoir teilifíse mé mar sin seans go mbeinn ag déanamh sin ach dá mbeadh rogha agam dul ar ais ar an choláiste arís ba bhreá liom a bheith i m’ailtire.

9)  Leabhar maith atá léite agat?

Murphy le Samuel Beckett

10) Dá mbeifeá ag eagrú oíche chleamhnais den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Seans go mbeinn cúthaileach agus go mbeinn ag súil go mbeadh seisean ag eagrú na hoíche.

Dá mbeadh níos mó aithne agam air seans go rachadh muid ag siúl sna sléibhte agus béile deas san oíche, níl a fhios agam!

11) An bhfuil scannán maith feicthe agat ar na mallaibh?

Chonaic mé Locke le Tom Hardy an oíche dheireanach.

Bhí an scannán iontach iontach maith ar fad.

Ní raibh mórán ag baint leis, ní raibh ann ach radharc istigh i gcarr ach bhí sé go maith agus dar ndóigh, níl caill ar bith ar Tom Hardy.

12) Cé hé nó hí an t-aisteoir is fearr dar leat?

Is breá liom na haisteoirí ón tseanré. Tá draíocht ag baint leo, leithéidí Faye Dunaway agus Steve McQueen.

Ó thaobh na mboc nua-aimseartha de, is maith liom Sean Penn agus Kate Blanchett ach athraíonn sé go minic.

13). An rud is fearr faoi bheith i do Ghael?

Cairdeas i measc an phobail Ghaelaigh. Tá sé iontach go bhfuil pobal beag rúnda againn!

Fosta, amantaí deirtear liomsa go bhfuil taisceadán abairtí nó focail áirithe againn atá níos saibhre ná teangacha eile.

14) Céard é an píosa éadaí is fearr leat?

Buataisí suede dubha.

15) An bhfuil aon aiféala ort?

Corrcheann ach ar ndóigh, níl maitheas ar bith a bheith ag amharc siar.

16) Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Seans go bhfaighinn ticéad na bhaile go Tír Chonaill ar an bhus agus táim cinnte go mbeadh duine ann le haire a thabhairt dom thuas ansin.

17) Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Ba bhreá liom dul go Ceanada. Tá dlúthchara liom ina cónaí ann agus bíonn sí i gcónaí ag rá liom teacht ar cuairt. B’fhéidir go ngabhfainn ann an samhradh seo.

18) As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? 

Ceann de na chéad cheolcheoirmeacha a rinne Spats Colombo ná bhí muid ag casadh in Body and Soul. Ní raibh mórán taithí againn a bheith ag seinm le chéile ach bhí slua gálanta ann.

Thug sé ata fiánta dúinn a bheith ag seinm agus spreag sé muid coinneáil leis.

19) An bhfuil drochnós ar bith agat?

Is iomaí drochnós atá agam, níl mé chun a insint duit. (gáire)

21) Buaicphointe saoil go dtí seo?

Cúpla bliain bhí mo thuismitheoirí tinn ag amantaí éagsúla, bhí rud inteach ar an bheirt acu.

Ach is cuimhin liom i ndiaidh díofa é sin uilig a chur taobh thiar díofa agus ag suí ag roinnt béile leo, bhí sé sin galánta mar tá a fhios agat nuair a thagann tinneas ag cnagadh ar an doras, is ansin a thuigeann tú na rudaí tábhachtacha.

Seasann sin amach dom mar bhuaicphointe cinnte!

Dóibh siúd san iarthar, beidh na Spatadóirí ag seinm sa Róisín Dubh i nGaillimh anocht ag a 9in! Gabhaigí ann! 

SCÉALTA EILE