60 soicind le…

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil i Sligeach agus plúr na gceoltóirí, ó chéin agus ó chóngar, bailithe isteach le haghaidh phríomhfhéile trad na cruinne. Ina measc sin tá Louise Mulcahy, bean ildánach atá ar na píobairí agus fluiteadóirí is fearr sa tír. Sheol sí a céad albam aonair ‘Tuning the Road’ le déanaí agus ní fada go mbeidh sí le féiceáil ar ár scaileáin sna sraitheanna nua ar TG4, ‘Port’ agus ‘Mná an Cheoil’. Labhair Louise linn beo ón bhFleadh faoi tapas, faoin cheoltóir is ansa léi agus faoina tuas go Maenmar…


1. Cárb as duit?

Mainistir na Féile, i gCo. Luimnigh.

2. Trí rud a gcuimhníonn tú fúthu nuair a luaitear do cheantar dúchais?

– Mo bhaile agus na cuimhní iontacha atá agam agus mé ag fás aníos.
– Mo Dhaid, mo dheirfiúr Michelle agus mé féin ag seinm ceoil sa chistin le mo Mham ag éisteacht linn.
– Ceol agus ceoltóirí Shliabh Luachra.

3. Cé hí/hé an ceoltóir is fearr leat, cén fáth?

Tá go leor laochra ceoil agam ach gan dabht is é mo Dhaid an ceoltóir is ansa liom. Tá tobar ceoil aige agus tugann sé an-spreagadh dom i gcónaí.

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Bíonn go leor buaicphointí ag baint leis an taisteal! Bíonn rudaí iontacha agus difriúla ag baint le gach tír ach is í Éire an tír is fearr liom. Is lucht leanúna ceoil iad na Gaeil atá lán bróid agus a thugann tacaíocht i gcónaí. Bíonn sé i gcónaí deas teacht abhaile!

5. Céard í an ghig is mó a thaitin leat riamh?

Bhain mé an-taitneamh as an gceolchoirm a bhí agam i Halla na Catharach i mBÁC ag Féile Bhaile an Teampaill 2015. Is áit fíor-stairiúil í agus bhí an t-atmaisféar go hiontach! Chomh maith leis sin bhí féile ar siúl i West Virginia i Meiriceá a bhí eagraithe ag Mick Moloney. Chuaigh mé féin, Dad agus Michelle go dtí West Virginia gach samhradh ar feadh cúig bliana. Bhí go leor laochra ceoil ann nach bhfuil linn anois. Tá cuimhní iontacha agam maidir leis an gceol agus na ceoltoírí a bhí ann. Gach oíche ar feadh seachtaine fuaireamar gáir ómóis seasta.



6. An t-amhrán/píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

Ceol ó Willie Clancy! Is aoibheann liom snagcheol freisin cosúil le leithéidí Bill Evans.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do cheoltóir?

Ba bhreá liom a bheith i mo láithreoir teilifíse.

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Ní chreidim gur cóir aiféala a bheith ort. Foghlaimímid ó na botúin a dhéanaimid agus cuireann siad ar bhóthar ár leasa sinn.

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

An cuimhne is mó a sheasann amach ó m’óige ná ag éisteacht le ceol aláinn ó bhreacadh go deireadh an lae sa bhaile. Bhí mo Dhaid i gcónaí ag seinm ceoil dúinn, fiú ón gcliabhán!

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Ag éisteacht le gáire eile… mo dheirfiúr Michelle ach go háirithe!

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Tá buachaill álainn agam agus aon oíche ag baint le tapas agus club snagcheoil, bíonn oíche iontach againn!

12. ‘Ag cumadh’ nó ‘ag ceol ar ardán’?

Ceol ar an ardán mar bíonn draíocht ag baint leis agus déanaim dearmad faoi gach rud eile a bhíonn ar siúl sa saol!

13. Céard í an tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?

Chun an fhírinne a rá ní bhíonn mórán ama agam le féachaint ar teilifís ach is aoibheann liom an clár cartlainne ‘Siar an Bóthar’ nó an tsraith teilifíse ‘Downtown Abbey’.

14. Cad é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?

An rud is fearr faoi a bheith i mo Ghael ná an fháilte mhór a bhíonn ag daoine timpeall an domhain romhainn agus an meas a léirítear dár gcultúr.

15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?

Is ceist dheacair í seo – tar ar ais dom tar éis cúpla bliain eile! Tá an-chuid laochraí ceoil agus staire agam agus is iadsan a thugann spreagadh dom.

louise-mulcahy-2

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

Cúpla seachtain ó shin cheannaigh mé seanghramafón álainn ón na 1920í. Mar sin, b’fhéidir cúpla 78’s chun cur leis an mbailiúchán. Agus turas go dtí TK Maxx – ní bheadh a fhios agat cad a bheadh ann!

17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Tá an t-ádh orm go bhfuilim ábalta go leor taistil a dhéanamh timpeall an domhain. Beagnach gach ilchríoch atá siúlta agam! Sa todhchaí ba mhaith liom taisteal go hAlasca mar is maith liom an saol faoin aer agus chuala mé go bhfuil na radharcanna agus an tír fíor-aláinn. Mar a deir mo mháthair “Níl aon bhóthar rófhada dom”. B’fhéidir Cúba freisin mar go bhfuil an áit chomh stairiúil agus tá tradisiún ceoil láidir ann.

18. Cad é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?

Is breá liom Billie Holiday, agus Etta James ag canadh ‘At Last’.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Nílim cinnte gur drochnós é seo ach bím i gconaí gnóthach agus is foirfeoir mé!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

An bhliain seo caite bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann taisteal go Maenmar le mo dheirfiúr agus ceoltoirí eile. Sinne an chéad toscaireacht cheoltoíri as Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an tír agus cuireadh fáilte chroíúil romhainn ag an aerfort ann. Fanfaidh na cuimhní sin liom go deo.

Gan dabht, d’eisigh mé mo chéad albam aonair Tuning the Road an bhliain seo caite freisin – ba mhór an ónoir é sin. Ina theannta sin aimníodh mé mar Bhanceoltóir na Bliana 2015 ag “Live Ireland Awards”. Sa bhliain chéanna bhain mé céim máistreachta amach ó Choláiste na Tríonóide. Ar deireadh, tá an t-ádh orm go bhfuil mé in ann ceol a sheinnt le mo Dhaid agus deirfiúr timpeall an domhain!


Lean Louise ar Facebook anseo.

SCÉALTA EILE