60 soicind le…

Fear na mbuillí as Corca Dhuibhne, tá Cian Ó Cíobháin ina DJ aitheanta agus láithreoir ar An Taobh Tuathail, clár suaitheanta RTÉ RnaG a bheas ag ceiliúradh 16 bliain ar an aer i mí Bealtaine. Labhair sé le NÓS faoi Willy Wonka & The Chocolate Factory, cluiche peile siar in ’89 atá fós dá chrá agus turas traenach ó Thóiceo go Kyoto.


1. Cárb as duit?
An Ghráig i gCorca Dhuibhne.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoina bheith i do cheantar dúchais?
Cumhrán na mara, dath na spéire ag síor-athrú agus rithimí na Gaolainne.

3. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat?
Harrison Ford. Deacair Blade Runner / Indiana Jones/ Star Wars a shárú.

4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Púróga leamhan de chuid Prada.

5. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol ar son na Gaeilge?
Níl sé de nós agam rudaí craiceáilte a dhéanamh ar son teanga ar bith.

6. Club oíche nó ceolchoirm?
Oíche (go maidin) i gclub i gcónaí.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do láithreoir raidió/DJ?
Shamhlóinn go mbeinn ag scríobh ar chúis éigin. Nó ag staidéar.

8. An bhfuil aon aiféala agat?
Nár éirigh le John Barnes an liathróid a choimeád slán sa chúinne ar feadh leathnóiméid eile in aghaidh Arsenal in Anfield i mBealtaine na bliana ’89.

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Ag féachaint ar Willy Wonka & The Chocolate Factory don chéad uair um Nollaig i dtigh mo sheanathar is seanmháthar ar an nGráig.

10. Fíon dearg nó fíon geal?
Dearg sa gheimhreadh ach fíon geal i gcónaí ar an gcéad ghloine.

cian-o-ciobhain-nua

11. Cén tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?
Thaitin sraith Fargo go mór liom. Is deacair Boardwalk Empire a shárú. Agus tá Better Call Saul ar fheabhas.  Gan dabht, na cinn aitheanta: The Wire, The Sopranos, Breaking Bad.

12. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
Is breá liom go bhfuil dhá theanga agam ó dhúchas chun dearcadh a fháil ar an gcosmas.

13. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Ragnar Lothbrok.

14.  Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
N’fheadar faoina bheith ag gáire ach is breá liom go bhfuil an taoide ag casadh ar an Eaglais anseo agus i dtíortha eile.

15. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Chuirfinn geall ar Chiarraí is ar Chill Chainnigh bheith ar ais i bPáirc An Chrócaigh i mí Meán Fómhair.

16. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Chuaigh tírdhreach na Nua-Shéalainne go mór i bhfeidhm orm. Is breá liom na clubanna i mBeirlín chomh maith.

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Táim riamh faoi gheasa ag an tSeapáin. Chun an traein philéir a thógaint ó Tokyo go Kyoto.

18. Céard é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?
‘Ceremony’ le New Order.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
An iomarca le lua anseo.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Gur chasas le mo ghrá geal.


cian-beag

Léigh tuairimí an Chíobhánaigh faoin renaissance ceoil atá ag tarlú i gcathair na Gaillimhe.

Lean An Taobh Tuathail ar Twitter agus Facebook.

SCÉALTA EILE