Tar éis 25 bliain bheith i mbun roc ‘n roll sa bhanna The Frames agus le Kíla roimhe sin, tá a dhara halbam de cheol nua-chumtha seolta ag Colm Mac Con Iomaire faoin teideal ‘Agus anois an Aimsir’. Labhair sé linn faoina bheith ag déanamh poitín amuigh faoin sliabh i gConamara fadó, “tús caibidil nua” agus an dealbh i bhFiacha Stiabhna atá cosúil leis!
1. Cárb as duit?
An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath.
2. Trí rud a gcuimhníonn tú orthu nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?
‘Squares’ – cluiche peile sráide.
Oíche Shamhna – ag bailiú adhmaid don tine chnámh.
Ag déanamh poitín amuigh faoin sliabh i gConamara fadó.
3. Cé hiad na ceoltóirí is fearr leat agus cén fáth?
Andy Irvine, Steve Cooney, Myles Davis agus Sandy Denny… tá an t-uafás acu ann.
4. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Is í Éire an tír is fearr liom – tá spraoi ionainn agus daonnacht.
5. Céard é an gig is mó a thaitin leat agus cén fáth?
Sheinn mé gig le mo bhanna ceoil sa Melbourne Recital Hall i 2011. Bhí rud éigin faoi bheith ag seinm mo chuid ceoil féin do shlua mór i bhfad ó bhaile agus dúil acu sa gceol. Seasann sin i mo chuimhne – tús caibidil nua.
6. An t-amhrán/píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?
‘Remorse Code’ le Richard Hawley.
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do cheoltóir?
Seans go mbeinn i mo shiúlaí scéalach.
8. An bhfuil aon aiféala ort?
Bíonn uaireanta – tar éis oíche ragairne.
9. Céard é an cuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Ag cuardach neadacha éin in Inis Meáin le mo chara Pádraig Ó Coinceanainn.
10. Céard é an rud is mó a chuireann tú ag gáire?
Rudaí barrúla.
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Béile is dócha – aimsíonn an dall a bhéal!
12. ‘Ag cumadh’ nó ‘ag ceol ar ardán’?
Ag cumadh liom ar nós cuma liom.
13. Céard í an tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?
Cool Hand Luke.
14. Céard é an rud is fearr faoi bheith i do Ghael?
An nasc atá againn lenár sinsir agus tuiscint a bheith agam ar shaibhreas ár n-oidhreachta.
15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Deir daoine liom go mbreathnaím cosúil leis an dealbh de Roibeard Emmet i bhFaiche Stiabhna, an diabhal bocht…
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cheannóinn píosa ealaíne.
17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba mhaith liom taisteal go dtí an Tibéid lá éigin. Inseoidh mé cén fáth nuair a gheobhaidh mé amach…
18. Céard é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?
‘Shelter from the Storm’ le Bob Dylan.
19. An bhfuil drochnósanna ar bith agat?
Ag déanamh imní cosúil le chuile dhuine eile is dócha.
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Mo bhean agus mo chlann, agus le gairid, ‘Agus Anois An Aimsir’ a chumadh agus a thabhairt ar an saol!
Léigh a thuilleadh faoina albam úr ‘Agus Anois an Aimsir’ anseo.