60 Soicind le…


Is amhránaí agus giotáraí óg í Emma Ní Fhíoruisce a tháinig i réim leis an ghrúpa An Crann Óg i nGaoth Dobhair. Faoi láthair tá sí ag obair ar a céad albam aonair agus súil aici é a sheoladh go luath. Labhair sí linn faoi bhanna óige máirseála Ghaoth Dobhair, faoina vardrús lán dathanna agus patrún agus faoina ceolchoirm sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic anuraidh!


1. Cárb as duit?
Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

2. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
SAM, Nua-Eabhrac ach go háirithe. Tá buzz ar dóigh thart fán áit agus tá súil agam cónaí ann ar feadh tamaill amach anseo!

3. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Sin ceist iontach deacair domhsa mar gheall go mbím ag éisteacht le achan stíl ag gabháil. Ach roghnóinn John Mayer, Steven Tyler, Eva Cassidy, Máiread Ní Mhaonaigh, Glen Hansard agus Liam Ó Maonlaí.

4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Mo chultacha… léar dathanna agus patrún! 😀

5. Cad é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?
Nuair a chuaigh muid (An Crann Óg) go dtí an Ghearmáin ar camchuairt… bhí sé ar mire!

6. Fíon nó beoir?
Fíon bán, le do thoil.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’amhránaí?
Bím ag teagasc ceoil do pháistí anseo i nGaoth Dobhair ag Scoil Cheoil na Crannóige agus tá mo chroí istigh ann. Bíonn craic ar dóigh leis na páistí agus bainim sult as an mhúinteoireacht – mar gheall air seo caithfidh mé rá go mbeadh suim mhór agam sa bhunmhúinteoireacht.

8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl, gabháil i gceart go dtí seo ar scor ar bith!

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Ar shiúl ar chosa in airde le Banna Óige Máirseála Ghaoth Dobhair! Bhí muid achan áit, thart ar an tír ag comórtais agus féilte. Tá neart scéalta greannmhara ann ach na cuimhní is fearr atá agam ná nuair a bhain muid Craobh na hÉireann.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat ann den chéad uair, cad é a ba bhreá leat go ndéanfadh sé?
Picnic a eagrú b’fhéidir.

15522306609_ae5d46d4a2_b

11. Ceolchoirm nó seisiún?
Seisiún.

12. Céard an scannán is fearr leat?
Seven PoundsThe Heat.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr dar leat?
An bheirt Will, Smith nó Ferrell.

14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Níl barúil agam… GOA! Duine an-dearfach, sásta agus cainteach mé – an raibh duine ar bith clúiteach mar sin ann?!

15. Cad é an rud is fearr faoina bheith i do Ghael?
An greann. Ní ghlacann muid an saol ró-dáiríre agus amharcann muid ar an taobh dearfach den chás i gcónaí!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad é a dhéanfá leis?
Oíche istigh le mo chairde agus fíon…

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
An Chróit.

18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?
Electric Picnic 2015! Bhí mé ag ceol achan oíche sa Phuball Gaeilge ach ar an Aoine bhí an sé plódaithe le daoine agus bhí achan duine ag ceol liom! Ní dhéanfaidh mé dearmad air choíche.

19. An bhfuil droch-nós ar bith agat?
Níl mé ró-mhaith ag eagrú mo chuid ama go héifeachtach.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Electric Picnic 2015, gan amhras.


Leanaigí Emma ar Twitter ag @whoriskey92

Éist lena hamhrán úrnua ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ anseo.

SCÉALTA EILE