60 soicind le…

Iardhalta de chuid Choláiste Eoin, tá an píobaire Maitiú Ó Casaide mar bhall de na Bonny Men agus Ré, agus bronnfar Gradam Ceoil TG4 le haghaidh ‘Ceoltóir Óg na Bliana’ air an deireadh seachtaine seo. Labhair sé linn faoin ghradam, a bhród Gaelach, 50 Shades of Grey agus eile….


1. Cárb as duit?

Is as Raghnallach dom, i mBaile Átha Cliath.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

An rud is fearr liom ná gur ceantar eisceachtúil é i dtaobh an méid Gaeilgeoirí, ealaíontóirí agus ceoltóirí atá ina gcónaí ann – is iontach an rud é go bhfuil dhá bhunscoil, Aifreann agus cór Gaeilge, agus dar ndóigh go bhfuil an chuid is mó do mo theaghlach ina gcónaí sa cheantar. Tá caiféanna breátha ann agus tá an LUAS an-áisiúil ar fad!

3. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Bhí an Ind agus an Nua-Shéalainn dochreidte ach caithfidh mé a rá – An Ostair! Nuair a bhí mé i mo leaid óg, théadh muid ann go minic leis Na Casaidigh ar camchuairt.

Is cuimhin liom Éire ag scóráil i gcoinne Shasana sna Coirn Domhanda 90 agus 94… ar chúis éigin bhí mé i gcónaí ann agus an Corn Domhanda ar siúl.

Is ón Fhrainc mo mháthair, só téim ann go minic chun cuairt a thabhairt ar mo mhamó agus daideo. Is breá liom an saol bog, na croissants, na cupáin chaife, an fíon dearg, an cháis, na chateauxs srl. Agus tá pearsantacht iontach spleodrach acu – níl aon rud níos greannmhaire ná scanrúla ná Francach ar buille!

4. Cé hí/hé an ceoltóir is fearr leat?

Tá sé deacair an cheist sin a fhreagairt. Is maith liom go leor stíleanna éagsúla ceoil agus tá an t-ádh liom go bhfuil mé timpeallaithe ag ceoltóirí dochreidte!

Braitheann sé ar an lá den tseachtain agus cén spionn atá orm. Chuir mé aithne ar cheol J.J. Cale le déanaí agus taitníonn sé go mór liom, só sin rogha an lae inniu!

5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?

M’umbro top is mo dhenims dubha!

6. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?

Ag seinm i Hiúdaí Beag ag an gCabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodha Bhuí agus an gang… gan amhras!

Bonnymen-1

7. Fonn mall nó tiúin bheoga?

Fonn mall!

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do cheoltóir?

Nuair a bhí mé óg, bhí mé ag iarradh a bheith i mo ‘Food Critic’ – mar go dtabharfadh sé deis dom dul chuig bialanna deasa gach oíche, saor in aisce! Gliomach le do thoil… 😉

9. Céard é an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Cuimhní ceolmhara – mo sheanathair Seán ag tabhairt ceachtanna dom, na seisiúin cheoil ar fad leis an teaghlach.

Is cuimhin liom bheith faoi gheasa ag píobaí m’uncail Odhrán agus ag rá liom féin gur mhaith liom na píobaí a sheinm.

Ceann eile greannmhar ná nuair a bhí mé sa bhunscoil, chuir mé féin agus mo chairde grúpa ceoil le chéile agus rachadh muid ag buscáil sa chlós ag am lón. Ní dóigh liom gur thuill muid mórán airgid.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Thabharfainn í chun 50 Shades of Grey a fheiceáil sa phictiúrlann. B’fhéidir go gceannóinn mála popcorn dí chomh maith, agus Ben and Jerry’s!

11. Seisiún nó ceolchoirm?

Seisiún ceoil atá i gceist agat? Haha… is dócha go mbraitheann sé ar an seisiún agus ar an gceolchoirm.

12. Céard é an scannán is fearr leat?

An scannán is fearr a chonaic mé le déanaí ná Shaun the Sheep. Chuala mé go bhfuil Ricky Gervais ag obair ar leagan scannáin de ‘The Office’… beidh mé ann!

13. Céard é an rud is fearr faoina bheith i do Ghael?

Measaim go bhfuil an t-ádh dearg orainn go bhfuil ár gcultúr agus ár dteanga fós beo. Cé go bhfuil gach iarracht á déanamh ag an rialtas agus na West Brits ár nGaelachas a chuir faoi cheilt.

Tá mé iontach bródúil gur Éireannach mé, is tír álainn í agus tá sé thar am go dtugann muid níos mó measa do na rudaí a dhéanann chomh speisialta í.

14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?

Serge Gainsburg, an ceoltóir Francach (dár le mo dheirfiúr, Natalie). Nó Grigori Rasputin b’fhéidir!

maitiu-2

15. Cad é a rinne tú nuair a chuala tú gur bronnadh ‘TG4 Ceoltóir Óg na Bliana’ ort?

Fuair mé an scéal an lá a bhí an seoladh albaim ‘Amhrán do Phádraig’ ar siúl – dlúthdhiosca tiomsaíochta a chuir mé le chéile do mo chara Pádraig Schaler a leagadh óna rothar beagnach dhá bhliain o shin agus é ar J1 Visa in Cape Cod SAM.

Ba thionscnamh iontach fiúntach a bhí ann agus bhí oíche iontach againn sa Grand Social ach ní raibh cead agam a rá le héinne faoin ngradam! Nuair a dhúisigh mé an lá dar gcionn, bhí póit orm ar feadh cúpla soicind go dtí gur chuimhnigh mé go raibh ceoltóir óg na bliana buaite agam!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Bearradh gruaige b’fhéidir agus cúpla léine dheas ó St. Vincent de Paul!

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

Tá mé ag dul go an tSaimbia go luath só tá mé ag súil go mór leis sin. Ní raibh mé riamh san Afraic, ach tá draíocht agus mistéireachas mór ag baint leis. Chomh fada is nach n-iarrann siad orm damhsa leo ní náireofar mé!

18. As na ceolchoirmeacha ar fad atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach? Cén fáth?

Chuir mé féin agus Na Bonny Men taispeántas le chéile cúpla bliain ó shin darbh ainm ‘The Fighting Irish, in Victory and Defeat. The Music Lives On’.

Sheinn muid píosaí ceoil agus amhráin a sheas amach as tréimhsí áirithe i rith stair na hÉireann agus bhí Myles Dungan as RTÉ ag léamh faoin gcúlra idir gach píosa ceoil. Bhí sé iontach spéisiúil á chur le chéile, ag tarraingt mo chuid suime sa stair agus sa cheol le chéile.

Thaitin sé go mór le daoine mar gur thug sé comhthéacs don cheol nach bhfaightear go minic. Ba mhaith liom tabhairt faoina leithéid arís go luath.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Is ‘night owl’ amach is amach mé….

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Ag buachaint ‘Gradam Ceoltóir Óg na Bliana’. Onóir iontach atá ann dom agus tá mé ag tnúth go mór leis an oíche!


Craolfar Gradam Ceoil TG4 beo ar an stáisiún ó Áras an Cheoldráma, Corcaigh, ar 9.30in Dé Domhnaigh seo, 22 Feabhra.

SCÉALTA EILE