Duine de na hamhránaithe is fearr sa tír í Nell Ní Chróinín a thug léi an mórghradam don amhránaíocht ar an sean-nós Corn Uí Riada anuraidh. Tá sí ar ais i measc na nGael ag Oireachtas na Samhna 2015 agus shuigh sí síos linn le haghaidh comhrá beag…
1. Cárb as duit?
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.
2. Trí rud a chuimhníonn tú faoi nuair a shamhlaíonn tú do cheantar dúchais?
Gleannta. Comhluadar. Amhráin.
3. Trí fhocal a chuireann síos ort?
Spleodrach. Gealgháireach. Bríomhar.
4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Vítneam – tá na daoine an-chairdiúil, bhí an áit go hálainn agus tá an bheoir an-deas!
5. Céard í an ghig is mó a thaitin leat riamh? Cén fáth?
Rinne Begley agus Cooney gig sa Mhuileann, i mBaile Bhuirne, am Nollaig agus bhí atmaisféar mighty ann. Bhíodar tagtha thar n-ais le chéile tar éis an-chuid blianta gan a bheith ag seinm le chéile. Bhí sé speisialta maith!
(Seo iad beirt ag seinm ag an Oireachtas 1994, i nDún Garbháin.)
6. Fíon dearg nó fíon geal?
Fíon dearg.
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá ag plé le ceol agus ag múineadh?
Ba bhreá liom obair sna meáin agus cláir theilifíse a léiriú.
8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl go dtí seo, buíochas le Dia!
9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Is cuimhin liom a bheith ag imirt le mo dheirfiúracha agus mé an-óg – leag siad síos cloch mhór in airde ar mo bharraicín!
10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Daoine eile ag gáire!
11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Cúpla pionta (gáire).
12. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat, cén fáth?
Aisteoir Bhaile Átha Cliath, Colm Meaney, as Snapper agus Star Trek! Is breá liom é!
13. Ceolchoirm nó Seisiún?
Seisiún gan amhras.
14. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
Bualadh le daoine ag an Oireachtas, bíonn atmaisféar iontach i gcónaí nuair a thagann pobal na Gaolainne le chéile.
15. Pearsa stairiúil a chuaigh i bhfeidhm ort?
Máire Bhuí Ní Laoghaire, amhránaí agus file a bhí inti as Túirín na nÉan, gar go Béal Átha ‘n Ghaorthaidh. Tháinig sí ar an saol thart ar na 1770í agus an t-am sin níor glacadh le mná mar scríbhneoirí, ach bhí sí sin eisceachtúil.
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Líonfainn an carr le peitreal agus rachainn abhaile. Dinnéar ar an mbord agus ar ais go dtí mo mháthair. (gáire)
17. Céard é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi?
Cúba. Tá cuma iontach ar an áit.
18. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Ithim m’ingne. Is drochnós é sin!
19. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Corn Uí Riada a bhuachan anuraidh.
20. Rud ar leith ar mhaith leat a dhéanamh amach anseo?
Ba mhaith liom albam a dhéanamh.
Beidh Nell ag an Oireachtas sa Citywest, BÁC, thar an deireadh seachtaine agus beidh sí i mbun ceoil ag Féile Geordie Hanna, in Oileán an Ghuail, Tír Eoghain, 6-8 Samhain.