60 soicind le…

Duine de na hamhránaithe is mó tóir sa tír, tá Pauline Scanlon aitheanta mar bhall den díséad Ciarraíoch, Lumiere, agus mar láithreoir teilifíse ar ‘Bosca Ceoil’ de chuid TG4. Labhair sí linn faoi mhuintir na Tansáine, Sinéad O’Connor agus an uair sin i Londain ar bhain sí a cuid éadaí di!


1. Cárb as duit?
Corca Dhuibhne… An Ríocht!

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Áilleacht an cheantair, na ceoltóirí cruthaitheacha atá ag maireachtaint sa Daingean agus ceoltóirí áitiúla mo chlann. Tá mo chlann iomlán i gCorca Dhuibhne, mo chol ceathracha ar fad beagnach. Tá dream mór groí againn thíos!

3. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
An Tansáin cinnte! Bhíos ann i measc dream oibrithe deonacha a chuaigh anall cúpla bliain ó shin. Cé go bhfuilid an-bhocht ar fad, tá spiorad ag daoine thall ann atá chomh spreagúil. Tá siad chomh cneasta agus tá ceol go smior iontu.

4. Cé hí/hé an t-amhránaí is fearr leat?
Ceist mhaith.. braitheann sé ar an bhfonn atá orm! Sinéad O’Connor is dócha ach tá an-chuid daoine a théann i bhfeidhm orm i ndáiríre.

5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Bróga bána a cheannaigh mé thall in nGlaschú le déanaí. Táim ag maireachtaint le ‘Hipster’ de shórt éigint agus sciobaim an-chuid uaidh! (Eamon Murray)

6. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol?
N’fheadar cén Ghaolainn atá ar streaking… ach streaking uair amháin ag féile thall i Sasana!

pauline1

7. Fíon nó beoir?
Fuisce!

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’amhránaí?
Níor smaoiníos riamh air, rud éigin maidir le bia nó cócaireacht is dócha.

9. An bhfuil aon aiféala agat?
Ní dóigh liom go bhfuil, bhuel… nílim chun iad a lua anseo!

10. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Mé féin ’s mo chol ceathracha go léir fén dtrá i rith an tsamhraidh. Bhíodh sé go diail ar fad.

11. Seisiún nó ceolchoirm?
Tá siad chomh difriúil óna chéile i ndáiríre. Ceolchoirm is dócha.

12. Céard é an scannán is fearr le linn 2014, dar leat?
20 Feet from Stardom – Clár faisnéise mar gheall ar amhránaithe cúl taca thall i Meiriceá blianta ó shin.
Daoine ar nós Darlene Love and Merry Clayton. Ana-shuimiúil ar fad.

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?
Le déanaí Sarah Lancashire – bhí “Happy Valley” thar barr ar fad.

14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Nano Nagle 😉

Lumiere

15. Céard é an píosa éadaí is fearr leat?
Bróga i gcónaí.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?
Ticéid lató a cheannach… láithreach!

17. Cad é an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Cúba. Tá sé go hard sa cheann agam le tamall sula n-athróidh sé go hiomlán. Bhí mo dheartháir ann ar feadh míosa agus dúirt sé go raibh sé ar nós Éirinn sna caogaidí!

18. As na ceolchoirmeacha uilig atá déanta agat, an bhfuil aon cheann ar leith a sheasann amach?
Bhí Lumiere ag ceol roimh Sinéad O’Connor sa Barbican, i nDroichead Átha, anuraidh. Bíonn na gigeanna go diail i gcónaí ach tharla rud éigint an-speisialta ar fad an oíche san.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Iltascáil (multitasking) – ní féidir liom é a dhéanamh. N’fheadar an drochnós é seo ach cuireann sé isteach ar gach éinne a bhíonn ag plé liom!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Mé féin agus Éilis ag canadh i gCarnegie Hall. Bhí mo chlann go léir ann… oíche an-speisialta ar fad.


Beidh Pauline Scanlon ag canadh in éineacht le Pádraig Rynne agus NOTIFY ar 27 Feabhra san ionad ealaíne The Mac i mBéal Feirste agus ar 28 Feabhra i gClub na bPíobairí, Baile Átha Cliath.

SCÉALTA EILE