Níl ach ceithre chodladh fágtha anois go dtí Gradaim Cheol NÓS 2017, tá a gcinntí déanta ag na moltóirí agus tá roinnt ticéidí go fóill ar fáil.
Mar chuid de na hullmhúcháin úra do Ghradaim na bliana seo tá na físeáin iontacha atá á ndéanamh ag an chomhlacht léiriúcháin Macalla le roinnt Gael aitheanta.
Dírithe ar na 14 rian atá san iomaíocht do ‘Amhrán na Bliana’, labhraíonn na pearsana faoi thraic amháin ón ghearrliosta a thaitníonn leo agus tá cuid de na freagraí tuisceanach ar an cheol, an mhórchuid acu an-dearfach faoi na ceoltóirí agus cuid díreach an-ghreannmhar ar fad.
Seo thíos na 8 bhfíseán atá foilsithe go dtí seo… tuilleadh ar an bhealach idir seo agus an Aoine!
Stiofán Ó Fearail – ‘Foirfe Liom’ le Matt Ó Baoill & Fiasco
Peadar Ó Caomhánaigh – ‘An Fhuil’ le Aeons & Séamus Barra Ó Suilleabháin
Niamh Ní Chadhla – ‘Dochar’ le Sonny Ní Chathasaigh
John Sharpson – ‘Ladrainnín’ le Sive
Inni K – ‘Daoirse’ le An Bothar
Martin Angolo – ‘Ardaigh do Cheann’ le JJ Ó Dochartaigh
Miriam O’Callaghan – ‘Críochfort’ le IMLÉ & ‘Bealtaine’ le Aeons
Chris Greene – ‘Babaí’ le Craos