Mar is eol do lucht NÓS is inár saol laethúil féin, inár dtithe, lenár gcairde agus lenár bpáistí a dhéanfaidh muid an Ghaeilge a athneartú sna blianta atá le teacht.
Ní ionann sin is a rá ar ndóigh nach dtugtar spreagadh ar leith dúinn nuair a tharraingítear aird ar ár dteanga ar an ardán idirnáisiúnta, mar is bealach iontach é le híomhá na Gaeilge a ardú sa bhaile chomh maith.
Sin díreach atá ar siúl faoi láthair agus amhrán i nGaeilge na hAlban le cluinstin go suntasach sa phoiblíocht don mhórscannán beochana is déanaí de chuid Disney Pixar, Brave.
Scannán gleoite é seo atá lonnaithe i nGarbhchríocha na hAlban sa 10ú cead agus a leanann scéal cailín óg rua, Merida, ar boghdóir í a thugann dúshláin na sean-traidisiún agus a chuireann a clann faoi gheasa dá bharr, rud nach mór di a chur ina cheart sula n-éiríonn sé ró-mhall.
Tá fuaimrian an scannáin féin i mBéarla – tá an príomhamhrán “Touch the Sky” anois san iomaíocht do Ghradam Oscar a bhronnfar 24 Feabhra – ach tá lucht éisteachta ar fud an domhain ag cur eolais ar cheol na nGael mar gheall ar an amhrán galánta le Julie Fowlis, ‘Tha mo Ghaol air Àird a’ Chuain’, atá in úsáid sa bholscaireacht do Brave, sna Stáit Aontaithe ach go háirithe.
“Is ardán iontach é don teanga,” arsa an ceoltóir cumasach as Uibhist a Tuath agus í ag lua gur craoladh an blaisín don scannán ag na gradaim Oscar os comhair lucht féachana domhanda de 40 milliún duine.
“Tha mi a’ smaoineachadh gum bi Brave math dhan Ghàidhlig agus do chultar na h-Alba anns an fharsaingeachd, agus tha mi cinnteach gu bheil sinn a’ dol a dh’ fhaicinn togail anns an aireamh de luchd-turais an ath-bhliadhna air a shàilleabh!
“‘S e cothrom air leth a bh’ ann dhuinn a bhith ag obair air proiseact fiolm mar seo. Tha am fiolm fhèin sgoinneil agus tha an ceòl a chaidh a sgrìobhadh le Pàdraig Doyle iomchaidh agus ceòlmhor.”
Dúirt Julie gur mór an t-áthas a bhí uirthi bheith ag obair ar scannán atá fréamhaithe i gcultúr Gaelach na nGarbhchríoch ach go háirithe, cultúr a bhfuil a cúlra féin fréamhaithe ann.
D’fhás sí aníos le teanga agus amhráin na Gàidhlig mórthimpeall uirthi ach tá blas comhaimseartha ar a cuid ceoil atá tar éis ardmholadh a thuilleadh ó chéin agus ó chóngar don trí albam atá eisithe aici go dtí seo, ‘Mar A Tha Mo Chridhe’ (2005), ‘Cuilidh’ (2007) agus ‘Uam’ (2009).
Ina ainneoin sin cuireadh iontas uirthi féin nuair a fuair sí glaoch ó dhuine de cheannasaithe ceoil Disney, Tom MacDougall, ag fiafraí di an mbeadh suim aici traic Gàidhlig, chomh maith le dhá amhrán Béarla, a dhéanamh don scannán, a bhfuil aisteoirí clúiteacha ar nós Billy Connolly, Emma Thompson, Julie Walters agus Robbie Coltrane uilig le cloisteáil ann.
“Vóta deas muiníne a bhí ann mar níor chuala siad mé ag ceol ach i nGàidhlig amháin,” arsa Julie. “Le bheith ionraic níl aon taifeadtaí domh ag ceol i mBéarla mar sin is dócha nach raibh a fhios acu cad é go díreach lena raibh mé cosúil. Is ar éigean a bhí a fhios agam féin!”
Chuir sí na rianta le chéile i nDún Éideann in éineacht lena fear céile, an Gael Éireannach, Éamon Doorley, agus le roinnt seachtainí anuas tá siad beirt ag freastal ar ócáidí premiere sna Stáit agus in Alba.
Ag caint faoin chairpéad dearg sin, dúirt Julie go raibh sí ag iarraidh a spiorad Gaelach a léiriú faoi na soilse chomh maith mar sin chuaigh sí i bpáirtnéireacht le cainteoir eile Gàidhlig, an dearthóir faisin Sandra Mhoireach (www.sandramurray.co.uk), le feisteas oiriúnach a chruthú do na himeachtaí móra.
“Ba thoil liom go mbeinn mo chuma ag teacht le híomhá spreagúil na nGarbhchríoch,” arsa sí. “Tá cruthúcháin Sandra go hálainn agus tá láithreacht dá gcuid féin acu.
“Thaitin sé go mór liom bheith ag obair léi agus tá sé i gceist againn cúpla tionscadal cruthaitheach a dhéanamh le chéile go luath.”
Agus fuaimeanna na Gaeilge anois scaipthe ar fud an domhain aici, beidh i bhfad níos mó daoine ag súil go mór leis an chéad tógra eile ón Ghael cróga ceolmhar seo.
Is féidir Julie a leanúit ar Twitter @juliefowlis