‘Ag scancáil’ le Boss Sound Manifesto

“Ní hiad na nótaí a chuireann tú isteach sa cheol, ach na nótaí a fhágann tú amach.” Cormac ‘Buzz’ Ó Briain


Tús maith a bhí in 2015 go dtí seo ó thaobh an nuacheoil Ghaeilge de – tá Rís, Gaelphop agus Coláiste Lurgan uilig tar éis saothar úr a eisiúint – agus anois tá banna eile le cur leis an liosta.

Grúpa reigé agus ska as Béal Feirste iad Boss Sound Manifesto atá ar an fhód le tamall de bhlianta agus a bhfuil lucht leanúna dílis cruthaithe acu ag a gcuid gigeanna cois cuain agus in áiteanna eile.

Thosaigh an banna ag ceol i nGaeilge ag an tús ach, idir rud amháin agus rud eile, ba i mBéarla ba mhó a bhí liricí a n-amhrán.

Tá sé sin athraithe acu anois.

“Dar linn go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbíonn ceol maith, agus réimse leathan de, inár dteanga féin,” arsa Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, Gael aitheanta atá ar bhunaitheoirí an bhanna.

“Bíonn muid uilig ag obair fosta áfach agus níor éirigh linn an oiread ceoil a scríobh i nGaeilge agus ba mhaith linn.

“Is dá bharr sin gur chinn muid díriú ar amhráin Ghaeilge arís agus tá muid an-sásta a rá go bhfuil dhá rian nua seolta againn.”

boss-ep

‘Tromchúiseach’ agus ‘An Masca’ na traiceanna nua atá ag Boss Sound Manifesto – tá blaiseadh thíos – agus tá a bhfuaim leithleach ‘scancála’ le brath go mór, mar aon leis an teachtaireacht shóisialta a bhíonn le cloisteáil ina saothar go minic.

“Ní hiad na nótaí a chuireann tú isteach sa cheol, ach na nótaí a fhágann tú amach a dhéanann an difear,” arsa Cormac.

“Glacann sé am teacht ar na píosaí cuí chun cur leis an amhrán ach bíonn sásamh ann nuair a éiríonn leat amhrán eile a chur le chéile.

“Tá an oiread craice ag baint leis.

“Ní féidir seomra lán daoine ag damhsa le do chuid ceoil a shárú, tá sé dochreidte.”

Beidh na Gaeil in ann rince le Boss Sound Manifesto ag an Chabaret Craiceáilte, Tigh Hiúdaí, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 31 Eanáir.

Is féidir an dá amhrán nua Gaeilge, agus ceol eile a bhanna, a íoslódáil ar Bandcamp.


Éist le ‘Tromchúiseach’ anseo:

 

SCÉALTA EILE