Le blianta beaga anuas tá clú mór bainte amach ag an chlár Ceol ar an Imeall as ardán a thabhairt do cheoltóirí ailtéarnacha agus tá gach cuma ar an scéal go gcuirfidh an tsraith is déanaí leis an chlú sin arís.
Tá an clár ceoil ar ais ar ár scáileáin gach Máirt faoi láthair le rogha eicléictiúil de chuid de na bannaí agus amhránaithe is suimiúla in Éirinn agus thar lear.
Tá leithéidí Fight Like Apes, September Girls, Colm Mac Con Iomaire, Elaine Mai agus Moscow Metro i measc na nÉireannach a bheas ag seinm ar an seó, mar aon le grúpaí aitheanta idirnáisiúnta ar nós Speedy Ortiz, Bombay Bicycle Club agus Metronomy.
“Tá breis agus 130 ceoltóir Éireannach tar éis seinm ar an gclár go dtí seo ach d’éirigh linn fiú níos mó ceoil a chur isteach sa tsraith nua seo,” arsa Una Mullally, láithreoir Ceol ar an Imeall.
“Níl an éagsúlacht cheoil seo le fáil in aon áit eile ar theilifís na hÉireann.”
Is cinnte gur fíor d’Una agus beidh sibh in ann cuid den éagsúlacht iontach sin a bhlaiseadh anocht nuair a bheas ceol beo sa stiúideo ó Darling agus Ainie Blunnie, mar aon le seit ón bhanna pop Sheppard (thuas) as an Astráil.
Tiúin isteach agus tabhair bronntanas do do chluasa…
Tá Ceol ar an Imeall ar siúl gach Máirt ar 9.30in ar TG4.