Lipéad le haghaidh atheisithe é Habibi Funk a bhunaigh Jannis Stürtz na Gearmáine anuraidh tar éis dó titim faoi dhraíocht an cheoil Arabaigh agus é ar thuras oibre sa Túinéis.
Eisithe ar dtús i 1978, is bailiúchán é Musique Originale De Films de cheol a chum Ahmed Malek (1932-2008) do scannáin Ailgéaracha mar L’Inspecteur Tahar, Omar Gatlato agus Les Déracinés agus é i mbun a chúraimí mar stiúrthóir ar Cheolfhoireann Teilifíse na hAilgéire.
Éist le rian mar ‘Omar Gatlato’ agus tuigfear an chúis go dtugtar “Morricone na hAilgéire” ar Malek. Tá tionchar an maestro Iodálaigh le clos go soiléir – saghas brónach, saghas machnamhach, thar a bheith mealltach.
Tá fuaim níos funcaí agus, sea, kitsch ag baint le píosaí mar ‘La Ville’, ‘Autopsie d’un Complot’ agus ‘La Silence Des Cendres’.
Shamhlófá go raibh Malek ag déanamh suntais den cheol leabharlainne a bhí ag teacht as stiúideo KPM Mheiriceá ag an am, agus ag déanamh iarrachta é a athchruthú i gcomhthéacs an cheoil Arabaigh.
Más duine thú a bhaineann sásamh as fuaim snagcheoil Aetópaigh le leithéidí Mulatu Astatke, ní mór duit cluas a thabhairt do ‘Bolero’ agus ‘Les Vacances de L’Inspecteur Tahar’.
Port síodúil snagcheol tolglainne é ‘La Côte’, an rogha cheoil cheart don uair sin a tharraingítear amach an fondue ag cóisir tí!
Tiomsúchán fíorspéisiúil – beifear ag tnúth leis an gcéad eisiúint eile ar Habibi Funk.