Aigne aclaí Jeffrey Lewis

Pé mallacht atá tuillte acu siúd a ghoid ceol uaim thar na blianta, admhaím, agus mé ag cuimhneamh siar ar na teidil a sciobadh uaim, gur daoine breithiúnacha a bhí iontu a d’aithin ceirnín maith.

Rounds le Four Tet, abair, The World is Saved le Stina Nordenstam, Another Music From a Different Kitchen le The Buzzcocks, Social Living le Burning Spear, It’s My Thing le Marva Whitney, Tranphormer le Alter Ego, Hypocrisy Is The Greatest Luxury le The Disposible Heroes of Hiphoprisy, Big Loada le Squarepusher.

Agus cím anois, agus mé i mbun taighde don léirmheas ar an albam úrnua seo le Jeffrey Lewis & The Bolts – mo chóip de City and Eastern Tapes le Jeffrey & Jack Lewis as cathair Nua-Eabhrac.

Ní raibh Jarvis Cocker (Pulp) ag magadh nuair a thug sé “the best lyricist working in the US today” ar Jeffrey Lewis.

Tá aigne aclaí ag an bhfear.

Suigh síos agus éist le hamhrán dá chuid agus ní bheidh do chuid ama curtha amú agat.

Ní chuireann sé a chuid ama féin amú ach an oiread.

Níl albam eisithe le ceithre bliana aige, ‘sea, ach tá sraith irisí foilsithe aige ina bhfuil amhráin ‘Sonic Youth’ aistrithe ina soinéid aige (Sonnet Youth, ha!), agus thug sé faoi chamchuairt timpeall SAM is é i mbun léachtóireachta faoin úrscéal grafach Watchmen.

Is cuma cén t-ábhar atá faoi chaibidil ag Lewis (an tionscal ceoil, colúr ar strae a tháinig chuige trí fhuinneog a árasáin, grá, brú ar an duine fásta géilleadh nuair a thagann leanbh díobh ar an saol agus a gcuid dúspéiseanna a chaitheamh i dtraipisí), bíonn idir ghreann agus ghrinneas ag baint lena chuid liricí.

It seems you never outgrew your little pre-teen rage, I still see you look so mean though now we’re middle aged” a chanann sé ar amhrán faoi andúileach a fheiceann sé go rialta sa tsráid, ‘Scowling Crackhead Ian’, a d’fhreastail ar an mbunscoil chéanna leis.

Dá mbeadh sé fós beo, bheadh Lou Reed mórtasach as ‘Back To Manhattan’, amhrán a thugann faoi eachtra (Lewis ag scaradh óna chailín ar an slí abhaile ón bpictiúrlann) agus áit (Manhattan) le stíl thíosach a thugann le fios gur máistir-ghearrscéalaí é – “the air’s so romantic, but the big graffiti says SUCK DICK, while the night drifts so gently, through the sadness between us“.

Níl aon rud chomh dodhearmadta céanna le haintiún Lewis don ógánach aimhleasta beatnik, ‘The Last Time I Took Acid I Went Insane’, atá le clos ar Manhattan, ach is spéisiúil an radharc atá le fáil ar do shaol féin trí lionsa amhráin Lewis.

Éistigí le ‘Outta Town’ ón albam nua Manhattan!

 

SCÉALTA EILE