Eiseoidh Neil Ó Briain agus John Tracey a gcéad cheirnín comhoibríoch féintaifeadta dá gcuid Dé Domhnaigh an 18 Bealtaine. Is “tionscadal teanga, tírdhreacha agus ceangail” é Ar Foluain ón Chorcaíoch agus an Feirsteach a thaifead siad le linn ceithre lá ar oileán Íle na hAlban.
Deir an bheirt cheoltóirí gur “meascán d’áilleacht shíoraí an cheoil Éireannaigh agus ionstraimiú dílis ar an dá ghiotár” é an ceirnín. Beidh cúig thraic le fáil ar an togra, idir amhráin Ghaeilge, amhráin Bhéarla agus leaganacha uirlise de phíosaí traidisiúnta a léiríonn cruthaitheacht na beirte i gcomhcheol le chéile.
Ag labhairt dó faoi ainm an cheirnín Ar Foluain, dúirt John Tracey:
“Thiocfadh linn bréag a rá leat agus freagra mór ealaíonta a thabhairt duit, ach is í an fhírinne lom gurb iad éin mhara oileán Íle a thug an t-ainm dúinn. Agus muid ag taisteal thart ar oileán Íle, b’iontach linn a oiread faoileog a bhí le feiceáil agus iad ar foluain san aer ar fud na háite. Is cosúil go n-úsáideann siad an siorradh suas ón fharraige le fanacht ar foluain. Mar sin d’úsáid muid an frása “ar foluain” míle uair eadrainn féin agus muid ag dul thart, ach ghlac sé tamall eile orainn sular rith sé linn go mbeadh sé foirfe d’ainm an tionscadail.“
Déanann Tracey cur síos ar oíche spleodrach a bhí ag an bheirt le linn an taifeadta fosta.
“Bhí sos beag ón diantaifeadadh de dhíth orainn agus tart millteanach orainn. Isteach linn sa phub bheag áitiúil agus an dá ghiotár linn an oíche sin, agus muid ag súil leis go mbeadh ceol éigin ar siúl. Nuair a chonaic muid go raibh aird gach duine ar an teilifís sa choirnéal, rith sé linn ansin go raibh Albain ag imirt sa sacar. Dúirt Neil liom, ‘D’fhéadfadh sé seo dul slí amháin nó slí eile – má bhíonn an bua ag Albain, beidh muid i gceart, ach má chailleann sí, seans go mbeidh raic ann!’
“Comhscór a bhí ann sa deireadh, mar sin bhí fonn amhráin ar na daoine a bhí i láthair. Nuair a chonaic siad na huirlisí agus nuair a chuala siad na blasanna Éireannacha uainn, d’iarr siad orainn gach amhrán Éireannach dá bhfuil ann a cheol dóibh. Rud a rinne muid go fonnmhar! Cé nár bhain sé go díreach leis an tionscadal féin a bhí ar siúl againn, bhí sé go deas a bheith ag seinm os comhair slua ceart daoine i ndiaidh an lá ar fad a chaitheamh os comhair maidhceanna. Chuir sé borradh iontach fúinn don tseisiún mhór taifeadta an lá dár gcionn fosta.”

Chomh maith leis an cheol féin, cuirfidh Ó Briain agus Tracey físchlár faisnéise amach a thabharfaidh spléachadh ar an phróiseas chruthaitheach agus an bheirt i mbun strumála. Taifeadadh an clár le linn phróiseas taifeadta an cheirnín; feicfear cairdeas, iontaoibh chruthaitheach agus an tírdhreach a spreag an ceol san fhíschlár.
Dúirt Neil Ó Briain faoin chlár faisnéise:
“Bhí sé i gcónaí i gceist againn EP a chur le chéile ag pointe éigin ós rud é go mbímid ag seinnt le chéile an t-am ar fad ar aon nós. Bhíomar ag caint fé thuras go hÍle a dhéanamh uair éigin chomh maith. Rith sé linn gurbh fhiú an dá rud a cheangal le chéile agus rud suimiúil mar thoradh air – clár faisnéise ar phróiseas taifeadta an cheirnín féin, agus é sin a sheoladh i gcomhar leis an gceirnín. Bhaineamar sult as mar is dúshlán sa bhreis a bhí ann tabhairt fé sin ag an am céanna agus ceapaim go gcuireann sé go mór leis an tionscadal. Beidh daoine in ann féachaint orainn agus blaiseadh a fháil de phróiseas taifeadta ar an láthair, chomh maith le blaiseadh a fháil de na radhairc inspioráideacha a bhí mórthimpeall orainn le linn na seisiún.”
Seinneann Ó Briain leis an chomharghrúpa popcheoil/func/hip-hop IMLÉ go rialta agus cumann sé a chuid ceoil féin mar amhránaí aonair fosta. Labhair sé faoin difear a bhí ann le taifeadadh an cheirnín seo:
“Bíonn dinimic dhifriúil ann le gach tionscadal gan amhras agus tá taithí agam le halbaim a dhéanamh liom féin agus mar bhall de IMLÉ go dtí seo. Seo an chéad tionscadal taifeadta a dheineas mar bhall de dhísreach agus clár a chur le chéile ag an am céanna. Tháinig sé le chéile go nádúrtha mar táimid cleachtaithe lena chéile mar cheoltóirí agus mar dhaoine leis – rud atá tábhachtach má tá tú chun obair go dian as lámha a chéile chun tionscadal mar seo a chur i gcrích.
“Mar cheoltóirí neamhspleácha, cuireann sé sin níos mó brú ort i gcás rudaí áirithe (níl aon chomhlacht ag socrú rudaí duit nó ag íoc as aon chostas a bhaineann le tionscadail agus mar sin de) ach tá an smacht iomlán agat ar an tionscadal. Mar sin, bhí sé ar fheabhas a bheith in ann lorg chomh pearsanta a fhágaint ar an rud. Is breá linn an cineál ceoil seo agus is ónar gcroíthe amach a tháinig an ceirnín agus an clár araon. Ní féidir liom fanacht go dtí go mbeidh deis ag daoine féachaint air agus éisteacht leis.”
Beidh Ar Foluain agus an físchlár a thaispeánann cumadh an togra le fáil ar gach ardán sruthaithe agus beidh dlúthdhioscaí le fáil trí chainéil oifigiúla na gceoltóirí féin. Tuilleadh eolais anseo.