Droch-chomhartha é muna bhfuil lipéad ceoil sásta albam a sheoladh amach go léirmheastóirí roimh a n-eisítear é.
Cad atá á cheilt ag ceirníní 4AD, a deirim liom féin, agus albam úrnua Grimes Cheanada tar éis tuirlingt de phlimp i mo bhosca litreach ar an lá céanna is a chuaigh sé ar díol ar iTunes.
Tá freagra na ceiste sin le haimsiú sa mhéid a bhí le rá ag mo chéile agus í tar éis cnagadh ar dhoras mo sheomra ceoil agus mé leath slí tríd mo chéad éisteacht le Art Angels: “Más chun léirmheas a dhéanamh ar an gceol sin atá tú”, a deir sí go macánta, “an gcasfá síos é? Tá sé go hainnis ar fad!”
Ní aontaímid faoi gach rud, ach admhaím go bhfuil an ceart aici i gcás Art Angels.
Deirim sin mar dhuine a bhí ag tnúth leis an albam seo.
Bhíos go hiomlán meallta ag Grimes nuair a chuala den gcéad uair í, ar a singil ‘Oblivion’ (2012).
In ainneoin ábhar tromchúiseach an amhráin (ionsaí gnéis ar Grimes agus í amuigh ag siúl san oíche), is sár-phop-amhrán searbhmhilis é ‘Oblivion’, le sméideadh súile do ‘I Think We’re Alone Now’ le Tiffany in amhránaíocht thonnúil Grimes, agus ceol tógálach leictreonach den gcéad scoth faoina bhun.
Sheas an fadcheirnín ‘Visions’ (a tríú ceann) le gealltanas ‘Oblivion’, é ina phop-shaothar faobhrach a dhein nósanna cumadóireachta a ghoid go glic ó gach gné den gceol comhaimseartha.
Is beag atá cloiste ó Grimes againn ó shin.
Scanraigh sí anuraidh sinn le singil sa stíl trap/EDM (an ‘Go’ uafásach i dteannta Blood Diamonds) roimh di fógairt go raibh sí tar éis albam nuathaifeadtha iomlán a chaitheamh i dtraipisí toisc é a bheith “ró-ghruama”.
Cuireann ‘Angels Angels’ ráiteas a luaigh Grimes in agallamh i gcuimhne dom – “Basically I’m really impressionable and have no sense of consistency in anything I do” – mar seachas saothar gruama a thairiscint an babhta seo tá Grimes imithe go taobh eile an speictrim.
Bheadh jab agat idirdhealú a dhéanamh idir amhráin mar ‘World Princess Part II’, ‘Butterfly’ agus ‘Belly Of The Beat’ agus ceol ghnáth-ghligíní chairt na singil.
Baineann liricí ‘Pin’ le téama dorcha an féin-dochair ach ciallaíonn amhránaíocht ró-mhilis falsetto Grimes (stíl a roghnaíonn sí don chuid is mó de Art Angels) agus na buillí eurodance nach mbeidh fonn ort iarracht a dhéanamh díriú ar na bhfocail.
Ní saothar go hiomlán gan luach é Art Angels.
Tá brúidiúlacht bhlasta shonach le clos i bhfoirm ‘Scream’ i dteannta na ban-MC Aristophanes as an Teaváin, agus leictrea-house is fuaim b-more breaks measctha le snas don urlár rince ar an ‘Venus Fly’ i dteannta Janelle Monae. Aintiún pop le snas don ógánach leochaileach é ‘Realiti.’
The Knife na Sualainne agus The Go! Team ag cumadh ceoil do chailíní atá 9 mbliana d’aois a shamhlófá le ‘Kill V Maim.’
Cá bhfios, má tá Grimes chomh neamhréir mar cheoltóir is a deir sí féin b’fhéidir go mbeidh an chéad albam eile go diail ar fad!