Aiséirí na Ravelóide!

Seachtain tar éis gur fógraíodh go bhfuil an fhéile Ravelóid curtha ar athlá, tá clár spreagúil imeachtaí anois foilsithe ag lucht eagraithe na féile don deireadh seachtaine céanna.

Cuireadh díomá ar na mílte duine fud fad na tíre Dé Céadaoin seo caite nuair a tugadh le fios nach mbeadh an fhéile ag tarlú ag Caisleán Ard Giolláin, tuaisceart Bhaile Átha Cliath, ar 10-11 Meitheamh.

Tá sé soiléir anois áfach nach féidir spiorad na nGael a chloí mar go bhfuil sraith gigeanna ceoil agus ócáidí siamsa fógartha ina mbeidh cuid mhór de na bannaí a bhí le seinm ag Ravelóid féin páirteach.

raveloid-sa-chathair-nua

Cuirfear tús leis an spraoi Déardaoin 9 Meitheamh leis an ghrúpa grinn Gaelgáirí i gClub Chonradh na Gaeilge ag 9in agus ansin eagrófar oll-cheolchoirm sa Sugar Club Dé hAoine leis na Bonny Men (thíos), Rís, Seo Linn agus baill de Kíla.

Is ócáid speisialta é seo le haghaidh daoine a cheannaigh ticéad do Ravelóid agus beidh na Ravelóidithe sin in ann áit a chur in áirithe don ghig trí rphost atá á sheoladh amach chucu inniu.

Ar ais i gClub Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn beidh lá iomlán ann le ceardlanna, ióga agus imeachtaí teaghlaigh timpeall Fhaiche Stiabhna ó mheán lae ar aghaidh.

Ó 2in beidh ceol beo den scoth ann don chuid eile den lá le lethéidí Aoife Scott, Enda Reilly, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Eve Belle, Dysania, Na Taoisigh, Emma Ní Fhíoruisce agus Trinitones, i measc ceoltóirí eile.

BonnyMen

“Bhí an oiread sin daoine ar bís faoi Ravelóid, agus an oiread oibre curtha isteach ann, nach raibh muid ag iarraidh an fuinneamh ar fad a ligean le sruth,” arsa Tomaí Ó Conghaile, thar ceann choiste na féile.

“Tá muid an-bhuíoch go deo de na bannaí ar fad a thacaigh go mór le coincheap na féile agus a bhí go fóill sásta seinm ag Ravelóid sa Chathair agus cuidiú linn an clár seo a chur ar fáil do Ravelóidithe agus don phobal mór araon.

“Beidh deireadh seachtaine iontach ann.”

Tuigtear go bhfuil an dlaoi mhullaigh á cur ar phleananna chun ceolchoirmeacha agus imeachtaí éagsúla a eagrú in áiteanna eile sa tír do na dátaí céanna, rud a chinnteoidh go mbeidh cúpla lá spleodrach ag na Gaeil agus a chuirfidh na síolta atá ag teastáil le haghaidh féile náisiúnta shamhraidh a reáchtáil amach anseo.

SCÉALTA EILE