Uaireanta bíonn an saol seo chomh haisteach iontach sin go mbíonn ort pinse a bhaint asat féin lena chinntiú nach i mbun brionglóidí atá tú.
Tá sin déanta agamsa faoi thrí i mbliana.
Ar dtús, agus mé i mo shuí ar an trá taobh le Cuan an Chaoil in Iarthar Dhuibhneach ag féachaint tríd na spéaclaí ar Adam Driver gléasta mar Kylo, agus Star Wars Episode 8 á thaifeadadh amach romham ar Cheann Sibéal.
Ansin, nuair a thug foireann sacair na hÍoslainne crústáil do Shasana.
Agus anois, agus The Avalanches ón Astráil ar tí a ndara albam a eisiúint – rud nach raibh súil in aon chor agam leis ós rud go bhfuil sé bliana déag caite ó mhealladar mé lena début lúcháireach Since I Left You.
B’fhiú an mhoill.
Ar Wildflower tá ceol The Avalanches mar a bhí riamh, ach níos fearr.
Tá draíocht sa tslí a meascann The Avalanches nótaí casta ar a ngléasanna féin sa stiúideo le giotaí súmhara bainte ó cheirníní anaithnide.
Measann The Avalanches féin gur bhaineadar feidhm as tuairim is 3,500 sampla chun taipéis fuaime ‘Since I Left You’ a fhí.
Níl Wildflower chomh trom céanna le samplaí, ach tá feidhm iontach bainte ag The Avalanches as an ualach aoi-amhránaithe a bhí páirteach sa togra (Camp-Lo, Father John Misty, Ariel Pink agus Biz Markie ina measc).
Gach seans go bhfuil an singil dodhearmadta ‘Frankie Sinatra’ cloiste cheana féin agat.
Tá an curfá sotalach bainte ó cheirnín calypso de chuid Wilmoth Houdini, agus tá caimeonna ann ag Danny Brown agus MF DOOM.
Go diail, ach tá rianta níos fearr ná é fiú le haimsiú anseo.
Éist le ceol dioscó faoileanda ‘Subway’, port bunaithe ar ghiota beag d’amhráin taifeadta i 1980 ag an amhránaí iar-punk Chandra, gan í ach 12 bhliain d’aois ag an am.
Cuireann glór buachalla ag canadh na línte “If she don’t love me what can I do / Just put on my best pair of shoes” tús le ‘Because I’m Mé’, amhail is go bhfuil freagra á thabhairt ar an mban-amhránaí a chan na línte “Since I left you / I found a world so new” ar début The Avalanches siar sa bhliain 2000.
Dá dtabharfadh an léiritheoir disco-house Andrés as Detroit faoi leagan de ‘Everybody’s Gotta Learn Sometime‘ le The Korgis a thaifeadadh, déarfainn go mbeadh toradh mar ‘If I was A Folkstar’ de chuid The Avalanches i dteannta Toro Y Moi i gceist.
Ar ‘The Noisy Eater’ tá cór ógra le clos sa chúlra ag tabhairt go misniúil faoi ‘Come Together’ le The Beatles idir véarsaí meidhréiseacha an rapadóra Biz Markie. Lúbtar glór séimh Jonathan Donahue (Mercury Rev) thart timpeall ar nótaí aoibhne sícideileacha ar ‘Colours’.
Níl luaite anseo ach cuid de bhuaicphointí an albaim seo a bhfuil dath na gréine air.
Tá Wildflower lán le spiorad agus lúcháir na hóige.
Léim isteach.
Tá aiséirí The Avalanches ina phléisiúr ceart!