10 n-albam atá eisithe ag Tricky Bhriostó ó chuir sé faoi dhraíocht sinn lena albam début, Maxinquaye (1995), gan ceann acu ar chaighdeán an scothalbaim trip hop úd.
Ní gan chúis nár sháraigh Tricky Maxinquaye riamh.
Ginias (genius) é Tricky, ná bíodh aon amhras faoi sin, ach ginias leochaileach lochtach.
Fáisceadh amhráin Maxinquaye as éadóchas agus paranóia; fear a bhí gafa go láidir le raithneach ar feadh tamaill.
Nuair a bhronn Maxinquaye clú agus saibhreas ar Tricky, rith an fear bocht de gheit agus d’eisigh sé albaim níos dorcha agus níos dúshlánaí (Pre-Millenium Tension, Angels With Dirty Faces) le héalú ón spotsolas.
Is iomaí cul-de-sac ceoil atá buailte le Tricky ó dheireadh na 90í, gan mórán sásaimh a thabhairt d’éinne a bhí fós ag éisteacht, agus é ag triail stíleanna éagsúla ceoil – house, uk hip hop, synth-pop, rac – iarrachtaí é féin a chur chun cinn mar léiritheoir eicléictiúil.
Tá droim láimhe tugtha ag Tricky leis an raithneach le gairid, cúis, b’fhéidir, a bhfuil blas úr ar Skilled Mechanics.
Cúis eile, mheasfá, é an léiritheoir DJ Milo a bheith i láthair sa stiúideo.
Iarbhall é DJ Milo de chompántas seamhnach dioscmharcach agus ceoltóirí, an Wild Bunch, a bhí gníomhach i gcathair Bhriostó sna 80í.
Is é DJ Milo an chéad duine a chuir glór Tricky ar théip.
Bhí Tricky féin páirteach sa Wild Bunch, mar a bhí an tríréad Robert ‘3D’ Del Naja, Grant ‘Daddy G’ Marshall agus Andrew ‘Mushroom’ Vowles a bhunaigh an grúpa Massive Attack in 1987.
N’fheadar cén taom dúthrachta a bhuail Tricky agus Milo agus iad sa stiúideo an babhta seo ach is iontach an rud clabaireacht Tricky a chlos thar cheol glan fuarintinneach Milo – go háirithe ar ‘How’s Your Life’, port a bhaineann feidhm as sampla breá síodúil bainte ón bport Rare Groove ‘High Steppin’ de chuid Larry Carlton.
Bhí sé riamh de nós ag Tricky a liricí féin a chur i mbéil amhránaithe eile, is tugann Francesca Belmonte athchuairt ar fhuaim trip hop Maxinquaye ar ‘We Begin’, amhrán a bheadh níos fearr ach é trí huaire níos faide.
Ní mór don té a bhfuil cumha acu i ndiaidh fhuaim smúrach luathcheol MIA (‘Galang’, abair) cluas a thabhairt do cameo iontach Ivy 艾菲 na Síne ar ‘Beijing To Berlin’, agus cuireann amhránaíocht Oh Land na Danmhairge go mór le blas cinniúnaíoch an díséid ‘I’m not Going’.
Tá luach freisin leis na leaganacha clúdaigh fíneáilte bogchroíocha de ‘Porpoise Head’ le Porno For Pyros (‘Diving Away’), agus ‘Bother’ le Corey Taylor (Slipknot) canta ag Luke Harris, drumadóir bhanna beo Tricky.
Gan a bheith chomh nuálach le Maxinquaye, is aiséirí de shaghas é Skilled Mechanics.