Ina focail féin, tá Aoife Scott tar éis “sliabh a dhreapadh” agus í ag gabháil dá céad albam aonair ‘Carry the Day’, atá á sheoladh sa Duncairn anocht i mBéal Feirste, sula dtugann sí faoi chamchuairt timpeall na tíre.
Labhair sí linn faoina haistear go dtí seo!
Ní gan dua a tháinig Aoife ar an chinneadh chun droim láimhe a thabhairt dá post lánaimseartha sna meáin agus díriú, den chéad uair, ar a beatha a shaothrú ar an cheol amháin.
Seans maith go bhfuil iontas ort a chloisteáil gurb é ‘Carry the Day’ an chéad eisiúint aonair le hAoife Scott, amhránaí óg as Baile Átha Cliath a bhfuil a hainm in airde i saol an cheoil le fada.
Ar ais ó chamchuairt leis an ghrúpa The Outside Track, tá Aoife tar éis a bheith ar aon stáitse le laochra móra i saol an cheoil, mar atá Sharon Shannon, Séamus Begley, Altan, Cherish the Ladies, Eddi Reader, agus a muintir féin, clann Black.
Ag féachaint duit ar liosta na réaltaí thuas, is ait a chloisteáil don té nach bhfuil aithne acu ar Aoife gur easpa muiníne is mó ba chúis lena moilleadóireacht ó thaobh an albaim de.
“Thóg sé a lán ama orm an t-albam a chur le chéile mar nach raibh muinín agam asam féin agus go raibh mé buartha faoi.
“Bhí an-scanradh orm go dtitfeadh an tóin as an iarracht,” arsa Aoife go borb.
Sin mar a labhraíonn Aoife – go borb, macánta, gan aon chur i gcéill agus is furasta a bheith iomlán meallta aici.
Iníon í Aoife le Francis Black ar ndóigh, neacht le Mary Black, agus shílfeá go dtabharfadh an cúlra ceolmhar seasamh agus spreagadh ar leith di tabhairt faoin cheol ar bhonn gairmiúil.
Aontaíonn Aoife leis an méid sin, go pointe.
“Tá buntáistí agam maidir le mo chlann, go bhfuil an saghas céim in airde agam, go bhfuil tacaíocht ar fáil uathu agus go bhfuil tuiscint acu ar earnáil an cheoil,” arsa Aoife.
Ach, chothaigh a cúlra deacrachtaí di chomh maith, go háirithe agus í ag iarraidh a féiniúlacht féin a aimsiú mar amhránaí.
“Bheinn do mo cheistiú féin faoi mar a aithníonn siad mé mar cheoltóir agus faoi cad a cheapann siad den gceol a dhéanaim, faoi conas mar a aithníonn daoine eile mo chuid ceoil, agus fios acu faoi mo chúlra.”
Bhí meascán den bhrú sin uirthi ach ní hé sin amháin a choinnigh í amach ó shaol gairmiúil sa cheol.
Tar éis an scoil a chríochnú, bhí Aoife iomlán cinnte nach raibh sí ag iarraidh dul leis an cheol go lánaimseartha.
“Bhí jab ceart uaim le tuarastal rialta agus saol compordach a thagann leis.
“D’fhás mé aníos leis an taithí sin. Ní bhíonn a fhios agat cén uair a bheidh airgead ag teacht isteach,” a dúirt sí.
“Post faoi thrí” a bhí san obair teilifíse a chaith sí 10 mbliana ag plé leis agus é “mar leithscéal” aici gan bacadh le halbam ar feadh i bhfad.
Tógadh na chéad chéimeanna i dtreo an albaim trí bliana nuair a seoladh feachtas tiomsaithe airgid Fundit dá halbam aonair, feachtas ar éirigh leis.
An tseachtain seo, bhí jab mór riaracháin le déanamh ag Aoife agus na dlúthdhioscaí á chur isteach sna clúdaigh litreach agus á sheoladh amach chuig daoine a thacaigh lena feachtas.
“Ní go dtí sin a mhothaigh mé yeah, tá albam agam.”
Agus is scoth albaim atá ann!
Bailiúchán de 12 amhrán i nGaeilge agus i mBéarla atá i gceist, ar amhráin iad a chum Aoife – agus a cara ceolmhar Enda Reilly – agus a phléann le ceisteanna sóisialta, imeachtaí staire agus an Ghaeilge i measc eile, mar aon le hamhráin thraidisiúnta a thug sí léi thar na blianta.
Dick Gaughan na nGael nó seans gur fearr gan chomparáid ar bith a dhéanamh, agus fáilte chroíúil a thabhairt d’amhránaí óg atá ag déanamh a bealaigh féin.
Seolfaidh Aoife “Carry the Day” sa Duncairn anocht, i mBéal Feirste agus beidh sí ag tabhairt faoi chamchuairt timpeall na tíre as seo go ceann míosa. Tuilleadh eolais anseo.
Tabhair cluas lena céad singil ‘All Along the Wild Atlantic Way’.