Bhí uimhreacha 20 go 11 againn. Seo chugainn anois na 10 n-albam is fearr ó 2015, de réir chluasa criticiúla ár léirmheastóra cheoil, Ben Ó Faoláin.
10. Kamasi Washington – The Epic (Brainfeeder)
Má bhí teideal oiriúnach riamh ar albam, seo é.
Tá trí uair an chloig ar fad de shnagcheol domhain iar-John Coltrane le clos ar albam début an tsacsafónaí óig Kamasi Washington as Los Angeles.
Ní hamháin go bhfuil sé eipiciúil fada, bhí trí scór ceoltóirí páirteach i dtaifeadadh The Epic: ceolfhoireann, cór agus croí-ghrúpa snagcheoil Washington (an dordghiotáraí ildánach Thundercat agus a dhrumadóir-deartháir Ronald Bruner Jr ina measc).
Más spéis leat ceol John Coltrane, Pharoah Sanders, Donald Byrd nó 4Hero cuirfidh The Epic gliondar ort.
9. Romare – Projections (Ninja Tune)
Tá albam début Romare ina thaipéis shaibhir snoite as giotaí d’amhráin dhíoga agus oibre na bhfear gorm, d’óráidí ó Harlem i ré chearta sibhialta na seascaidí, d’agallaimh agus de scannáin fite go fíneáilte le rithimí na hAfraice, foinn tharraingteacha agus gnéithe de cheol na gclubanna mar house agus footwork.
Ceol suairc, dóchasach.
8. Matthew Halsall & The Gondwana Orchestra – Into Forever (Gondwana)
Ar Into Forever cloisimid an trumpadóir snagcheoil Halsall ag lúbadh a mhatán mar chumadóir/stiúrthóir seachas mar cheoltóir.
Agus an bhéim ar amhráin agus téaduirlisí faoileanda cóirithe go mionchruinn ní féidir gan comparáid a dhéanamh le halbaim sheamhnacha 4-Hero agus The Cinematic Orchestra (tá drumadóir an ghrúpa úd, Luke Flowers, ina bhall de The Gondwana Orchestra freisin) ó thús na mílaoise.
Sea, tá Into Forever chomh maith sin.
7. Jape – This Chemical Sea (Faction)
Éiríonn le Richie Egan an téad rite idir an popcheol agus ceol na gclubanna a shiúl go cosdaingean ar This Chemical Sea.
Seo an chéad albam dá chuid a bhfuil fuaim shainiúil ‘Jape’ ag baint leis ó thús go deireadh.
Pop-amhrán i ndiaidh pop-amhráin fhoirfe, agus caighdeán a chuid léirithe ardaithe ag Egan go leibhéal a chuirfeadh náire ar an bhformhór de léiritheoirí ceoil leictreonaigh na linne seo.
6. Gwenno – Y Dydd Olaf (Heavenly)
Albam d’amhráin synth-pop cosmach spreagtha ag an úrscéal Breatnais Y Dydd Olaf, leabhar sa stíl ficsean eolaíochta leis an údar Owain Owain a foilsíodh sa bhliain 1976.
Déanann amhráin Gwenno (iar-amhránaí an ghrúpa The Pipettes) plé ar ábhair mar chaomhnú féiniúlachta cultúrtha agus fuath ban.
Tá naoi gcinn acu canta i mBreatnais, agus ceann amháin i gCoirnis (‘Amser’).
Tá leagan breá Andrew Weatherall de ‘Chwyldro’ le haimsiú ar an leagan deluxe den albam.
Albam sainiúil samhlaíoch.
5. Paxton Fettel – Everything Stays The Same (Greta Cottage Workshop)
Má bhí díomá ort le blas nua-chlasaiceach/snagcheoil albam début Floating Points le gairid agus droim láimhe tugtha ag Sam Shepherd dá fhuaim house agus boogie, bíodh an Everything Stays The Same iontach ó Paxton Fettel na Danmhairge mar chúiteamh agat.
Seo ceol domhain house léirithe le grá is le snas, lán de func beoga agus draíocht chosmach na Lochlannach.
Táim ag éisteacht le Everything Stays The Same ó mhí na Bealtaine is mé fós ag éirí níos ceannúla ar an albam gach babhta a éistim leis.
4. Courtney Barnett – Sometimes I Sit And Think, And Sometimes I Just Sit (Milk Records)
Bhainfeadh liricí néaróiseacha Barnett gáire as cloch, agus tá an t-albam seo ag cur thar moill le rifeanna láidre.
“I must confess I’ve made a mess of what should be a small success,” a chanann Barnett ar ‘Pedestrian At Best’.
Níl aon chúis aici a leathscéal a ghabháil linn, seo indie-cheol mar ba cheart é a chleachtadh.
3. Beach House – Depression Cherry (Bella Union)
Má tháinig bláth ceart ar fhuaim Beach House lena n-albam deireanach Bloom (2012), ar Depression Cherry cloisfear an taoide ag aife.
Seo Legrand agus Scally ag filleadh ar an gcur chuige simplí, íosta a bhain lena ndébut.
Fear agus bean istigh i seomra beag le cúpla giotár, orgán agus meaisín drumadóireachta ag cumadh amhrán a dhéanann iontais dár seilbh neamhbhuan ar phléisiúir an tsaoil bhig seo – ár ngreim éadaingean ar an ngrá, ar an óige, ar an sólás féin.
2. Kendrick Lemar – To Pimp A Butterfly (Interscope)
Saothar scrábach ardaidhmeannach ó MC cróga ionraic.
Albam hip hop na bliana?
N’fheadar mé, tá mo chóip féin chomh compórdach suite taobh le saothair Marvin Gaye is Curtis Mayfield is atá sé taobh le halbaim Public Enemy.
Is cuma ‘How Much A Dollar’ ainmnithe ag Barack Obama mar an t-amhrán is fearr a chuala sé i mbliana, tá fir ghorma fós á ndúnmharú ar shráideanna na Stát Aontaithe ag póilíní na tíre.
Gairm chun cogaidh é To Pimp A Butterfly do phobail faoi chois, agus is annamh glaoch chun troda chomh glic fileata funcaí leis.
1. Sufjan Stevens – Carrie & Lowell (Asthmatic Kitty)
Fear, a ghiotár is, m’anam, a leithéid de chrá croí.
Is máthair Stevens, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2012, í Carrie an teidil.
Baineann formhór d’amhráin Carrie & Lowell le brón agus uaigneas Stevens dá huireasa.
Fiú muna bhfuil freagraí ag Stevens ar cheisteanna móra “this vale of great surprises” (mar a thugann sé ar an saol seo san amhrán ‘The Only Thing’) éiríonn leis ábhar trom a láimhseáil go héadrom is go healaíonta.
Tá lón spioradálta ar an ‘Carrie & Lowell’ aoibhinn.