Caitheann ár léirmheastóir ceoil Ben Ó Faoláin súil siar ar 2015 agus roghnaíonn an 20 albam a sheas amach dó le linn na bliana. Seo thíos uimhreacha 20-11. Agus seo an barr 10.
20. Mbongwana Star – From Kinshasa (World Circuit)
Núicléas an ghrúpa Mbongwana Star iad Théo Nzonza Nsutuvuidi agus Coco Yakala Ngambali, beirt ceoltóirí paraipléigeacha a bhí ina mbaill bhunaidh den ngrúpa soukous Congólach, Staff Benda Bilili.
Ba é Doctor L (Liam Farrell), áfach, léiritheoir Éireannach Páras-lonnaithe (agus dord-ghiotáraí Mbongwana Star) an príomhfhórsa cruthaitheach laistiar de From Kinshasa.
Cleamhnas sultmhar idir anord shráideanna Kinshasa agus ord frithbhuailteach an func.
19. Ezra Furman – Perpetual Motion People (Bella Union)
Tá faobhar ar inchinn an amhránaí óig seo as Chicago, Illnois, agus rancás ag baint leis an mélange de cheol doo-wop na 50í, indie-rock smuilcíneach Violent Femmes agus fuaim mhór stóinsithe an E Street Band atá le clos ar Perpetual Motion People.
Tá glór Furman féin ina rud tanaí a chuirfeadh an Dylan óg i gcuimhne duit, ach is féidir lorg a shinsearachta cultúrtha déghnéasaí a leanúint ó amhránaithe mar Bobby Conn agus David Bowie siar chomh fada le Billie Holiday féin.
18. Kerrier District – Kerrier District 4 (Hypercolour)
Cuireadh chun súgachais é Kerrier District 4, agus Luke Vibert Chorn na Breataine ag filleadh ar an dtogra dioscó/func leictreonach a bhunaigh sé siar in 2004.
Déanann Vibert a shúil a sméideadh ar stíleanna mar cheol na Brasaíle agus fuaim house Nua-Eabhrac na sean-ré (‘Brush The Bush’), hip house (‘Come On Kerrier’), electro-boogie (an ‘London Groove’ damanta funcaí) agus dub-house trópaiceach (‘Sexspurt’).
Cuir ort do bhríste spréite spandex, tá sé in am tabhairt faoin urlár rince!
17. Jlin – Dark Energy (Planet Mu)
Le Dark Energy tá an ban-léiritheoir Jlin as Indiana tar éis footwork – seánra ceoil a tháinig ar an saol mar cheol don rinceoir amháin – a stiúradh i dtreo ealaíonta úr do ghaiscígh na gcluasán.
Tá an stuif seo chomh crua, brúidiúil, lán teannais le footwork na bhfear, ach damanta snasta agus samhlaíoch san am céanna.
16. Bjork – Vulnicura (One Little Indian)
Nuair a tháinig lá an scartha do Bjork agus athair a hiníne, an t-ealaíontóir Meiricéanach Matthew Barney, bhí Bjork chomh hábalta céanna ceol agus focail a chur ar a mothúcháin agus a bhí sí agus í ‘Violently Happy’ le linn a hóige.
Albam dorcha dúshlánach é Vulnicura, ach is fiú an iarracht a dhéanamh – go háirithe nuair atá amhráin mar an dísréad le Anthony Hegarty, ‘Atom Dance’, le clos.
Tá obair léirithe Arca agus The Haxan Cloak thar na bearta.
15. Colm Mac Con Iomaire – Agus Anois An Aimsir (Plateau)
Fear ag aimsiú taisce i dtobar a dhúchais atá le cloisteáil ar Agus Anois An Aimsir.
Croí agus anam an tsean-nóis, fís agus saoirse an cheoil chlasaicigh.
Cloisim Philip Glass i lúibíní guairneánacha ‘An Bád Bán – Liam Ó Raghallaigh’, ach cloisim lorg amhránaithe cosúil le Darach Ó Catháin agus Seán ‘ac Dhonncha i bpríomhshéis an phíosa chéanna.
Ardcheol tomhaiste, mothálach, nua-aimseartha tríd is tríd.
14. Drew Lustman – Midnight Cowboy (Planet Mu)
Is mar ‘FaltyDL’ is fearr aithne ar an léiritheoir ceoil leictreonaigh Brooklyn-lonnaithe Drew Lustman.
Má tá téama ar bith ag baint le The Crystal Cowboy is spiorad an luathcheoil jungle/hardcore é.
Le rianta mar ‘Watch A Man Die’, ‘Time Machine’, ‘The Crystal Cowboy’ agus ‘Green Technique’ siúlann Lustman go scafánta isteach i gcomhluadar na máistrí.
13. La Luz – Wierdo Shrine (Hardly Art)
Dá 2ú halbam, Weirdo Shrine, meascann ban-racairí Seattle La Luz fuaim surf-rock le stíl tiománta indie.
Samhlaigh Breeders Kim Deal faoi stiúir Dick Dale.
Ciallaíonn La Luz “an solas” sa Spáinnis, ach tá téamaí dorcha amhráin Weirdo Shrine bunaithe ar an úrscéal grafach Black Hole de chuid Charles Burn, leabhar faoi ghrúpa déagóirí atá buailte ag galar véinéireach ar cúis é le míchumaí fisiciúla scanrúla.
12. King Midas Sound / Fennesz – Edition 1 (Ninja Tune)
Tá níos mó ná méid a chodanna i gceist leis an dtoradh seo ar chomhoibriú King Midas Sound (Kevin Martin/The Bug & an file/amhránaí Roger Robinson) agus an cumadóir/giotáraí turgnamhach Ostarach Fennesz.
Samhlaigh Portishead agus Tricky ach iad gafa le fuaim dub-techno Basic Channel seachas ceol Isaac Hayes agus Studio 1 i gcás amhrán mar ‘On My Mind’ agus ‘Mysteries’.
Ceann dos na cluasáin.
11. Kode9 – Nothing (Hyperdub)
Ar Nothing cloisimid Kode9 ag tabhairt faoi chónascadh faobhrach d’eilimintí an luath-cheoil dubchéime, grime agus fuaim footstep Chigaco.
Tá rud éigin sa cheol ag aistriú i gcónaí is tú ag éisteacht leis an albam seo – pátrúin na ndrumaí ag malartú de shíor, dath séiseach an cheoil ag athrú ar nós dath na farraige lá scamallach, gaofar.
Ceol glan, tomhaiste nach gcuireann céim amú.
Ná caill uimhreacha 10-1 anseo.