Albaim na bliana 2017: Cuid 2
Le Ben Ó Faoláin

Inné foilsíodh cuid 1 de na 20 albam is fearr a eisíodh le linn 2017, dar le cluasa géara léirmheastóir tí NÓS, Ben Ó Faoláin. Anseo thíos tá an chuid eile de na seoda móra ceoil.


LCD Soundsystem – American Dream (DFA/Columbia)

Tar éis do LCD Soundsystem scaradh in 2011, d’fhill Paul Murphy is a chomrádaithe agus iad níos sine, níos moille agus níos soiniciúla ná riamh (ar nós an chuid eile againn, déarfá).

Téann an méid sin chun sochair do American Dream, albam saibhir punc-func lán de thaibhsí (Bowie, Alan Vega) agus imní faoi bheith ag éirí críonna.

Tá na synth-glóranna, go háirithe, gleoite.

The future is a nightmare and there is nothing I can do / there’s nothing anyone can do about this”, a chanann Murphy ar ‘Tonite’, ag cur focail ar bhuairt ghlúine.


Kelly Lee Owens – Kelly Lee Owens (Smalltown Supersound)

Fuaimrian an tseisiúin iar-chlub é début Kelly Lee Owens na Breataine Bige – nuair atá fonn rince éigin fós ar an gcriú ach iad ag lorg ceoil ábhairín níos boige is níos milse.

Dord-línte dorcha dordánacha, buillí glana, simplí agus rifeanna séiseacha sintéiseora.

Nuair scaoileann Kelly le cúpla focal ar bharr an cheoil tá sé mar a bheadh ribín síoda ildaite ag rince ar an ngaoth.


Kedr Livanskiy – Ariadna (2MR)

Ba de sheans, ar Soundcloud, a tháinig úinéirí an lipéid 2MR, Mike Simonetti agus Mike Sniper, ar cheol Kedr Livanskiy (Yana Kedrina a hainm ceart) as Moscó na Rúise.

Albam amh, gleoite leictrea-pop é Ariadna, léirithe ar shintéiseoirí na sean-ré mar an Juno 106 agus Roland SH 101.

Ógbhean ciaptha ag cuimhní ag cumadh amhrán taibhsiúil a lonnaíonn ar na cluasa.


Patricia – Several Shades of The Same Colour (Spectral Sound)

Tá idir geall agus dorcha i gceist le dathanna an tsaothair fíor-techno seo don éisteoir cróga.

Rófhada, ag 91 nóiméad?

B’fhéidir, ach is cuma thú ag sleamhnú ar an oighear le ‘Upper Peninsula’, ag luascadh le gaoth mhall acid-techno ‘Alternate Mindset’, nó ag déanamh iontais den bhfirmimint agus ‘Etant Donnés’ ar na cluasáin agat istoíche, aimseoidh tú rud éigin pléisiúrtha anseo is cuma cén spion a bheadh ort.


Portico Quartet – Art In The Age of Automation (Gondwana)

Má thóg sé deich mbliana ar Portico Quartet sár-albam a thaifeadadh is leor Art in the Age of Automation mar chúiteamh as foighne an té a sheas leo le linn blianta fada a lagmheasarthachta.

Colláis fhuaime shaibhir é Automation, tógtha sraith ar shraith as eilimintí den snagcheol, ceol minimeach leictreonach agus ceol an Oirthir.

Tá sé in am anois ag Portico Quartet tabhairt faoin áit is dual dóibh; taobh le leithéidí The Cinematic Orchestra agus Bonobo ar stáitsí na bhféilte móra.


Shobaleader One – Elektrac (Warp)

Albam beó é Electrac de leaganacha Tom Jenkinson, nó Squarepusher mar is fearr aithne air, agus a ghrúpa Shobaleader One de sheoda ó iarchatalóg Squarepusher.

Ní haon ionadh go bhfuil formhór de rianta Electrac bainte ó luath-albaim Squarepusher (Feed Me Weird Things, Hard Normal Daddy, Music Is a Rotted One Note); feileann blas jazz-func na n-albam úd don ngrúpa beo.

Tá léamh beo an ghrúpa ar an ábhar thar na bearta, ní hamháin ó thaobh cumas ceoil de ach ó thaobh na samhlaíochta de freisin.


Slowdive – Slowdive (Dead Oceans)

Fiosracht fhánach a ba chúis dom cluas a thabhairt don gcéad albam eisithe ag fathaigh na fuaime shoegaze, Slowdive, le 22 bliain seachas mé bheith ag súil i ndáiríre le saothar iontach.

Ábhar iontais é, mar sin, go sáraíonn Slowdive aon albam eisithe riamh ag an grúpa ach a magnum opus, Souvlaki (1992).

Is aoibhinn an tuilleadh agus trá ‘Don’t Know Why’, shásódh blas cumhach, réidh ‘Sugar For The Pill’ lucht leanúna Beach House, agus is milis dlútharmóiní Rachel Goswell agus Neil Halstead ar an ‘Falling Ashes’ áiféalach.


Soul Sugar – Chase The Light (Gee)

Taifeadta i Kingston, Iamáice agus i bPáras, is saothar gleoite é Chase The Light a dhíríonn, ar nós ceol Fat Freddy’s Drop agus Lord Echo, ar an bpaiste plobarnach sin d’fharraige an cheoil ina gcastar sruthanna an reigé, an func agus an soul ar a chéile.

Más olc an rud é go bhfuil amhrán frithchiníochais mar ‘Why Can’t We Live Together’ le Timmy Thomas, a eisíodh siar in 1973, fós tráthúil in 2017 nach maith é go bhfuil Soul Sugar agus Leonardo Carmichael i láthair chun leagan úr den gcéad scoth a sholáthar?


Trio Da Kali & Kronos Quartet – Ladilikan (World Circuit)

Ar nós na nGael féin bhí traidisiún béil láidir riamh ag muintir Mhailí, agus meas acu ar thábhacht an tseanchaí (nó ‘griot’) chun seanchas na tíre – idir cheol, scéalaíocht, stair agus fhilíocht – a choimeád beo.

Ar Ladilikan castar triúr griot (Hawa Kassé Mady Diabaté, Lassana Diabaté agus Mamadou Kouyaté) agus an téadcheathairéad Meiriceánach Kronos Quartet ar a chéile.

Ní gach tógra traschultúrtha dá leithéid a éiríonn leis, ach tá glór croíúil Hawa ina phléisiúr ceart, agus tá tuiscint agus meas an Kronos Quartet ar oidhreacht na ngriot soiléir le clos sa ghrástúlacht lena lúbtar a nótaí timpeall ar cheol balafon Lassana agus ngoni Mamadou.


Kamasi Washington – Harmony of Difference (Young Turks)

Mionalbam coincheapúil ón sacsafónaí snagcheoil a bhaineann feidhm as cuntraphointe séiseach chun scrúdú a dhéanamh ar luach na héagsúlachta.

Ní neart go cur le chéile, ambaiste, ach ní gá go mbeimis ar fad mar an gcéanna.

Níl ach sé rian ann, agus an chéad chúig cinn acu – ‘Desire’, ‘Knowledge’, ‘Perspective’, ‘Integrity’ agus ‘Humility’ – athshamhlaithe mar aon rian mór eipiciúil, ‘Truth’, mar chlabhsúr spleodrach leis an saothar.

Tá sciúradh pléisiúrtha anama romhat.