Albaim na Bliana 2024 le Ben Ó Faoláin #1

Conor Torbóid: Agus deireadh na bliana ag druidim linn, tá na halbaim is fearr le Ben Ó Faoláin i mbliana cnuasaithe san aon áit amháin – anseo! Bain sult as cuid de na traiceanna spleodracha ar na halbaim roghnaithe agus ná déan dearmad an seinnliosta Rianta na Míosa le NÓS ar Spotify a leanstan. Athbhliain faoi mhaise daoibh!

Low End Activist – Airdrop (Peak Oil)

Léiritheoir dordcheoil é Low End Activist nár shásaigh a chuid eisiúintí mo chluasa an oiread sin roimhe seo ach a bhfuil obair thar na bearta déanta aige ar Airdrop.

Tá an ceirnín seo ar nós dúphoill atá tar éis gach ceirnín dordcheoil a eisíodh idir 1990 agus 2005 a shlogadh siar, a stracadh as a chéile agus a chomhbhrú isteach i gcruth nua le fórsa millteannach. Tá teannas agus samhlaíocht iontach anseo – an tost idir na buillí chomh tábhachtach leis an gceol féin.

Tabhair do d’aire: díthógálaí doird i mbun gnímh.

Súil Amháin & Bantum – athPhORT (Féineisithe)

Cloistear Ciarraí agus Corcaigh ag obair as lámh a chéile ar an bhfadcheirnín début millteannach maith seo le Séamus Barra Ó Súilleabháin na Ríochta léirithe ag Ruairí Lynch (Bantum).

Friotal agus greann dóite de réir stíl mhuintir Chorca Dhuibhne atá romhat, tagairtí glice do mhiotaseolaíocht ársa na nGael ach machnamh urramach leis ar an miotas nua-aoiseach a bhaineann le saol na nGael ar imirce go Sasana.

Is cuma Séamus Barra ag spalpadh rannta ar luas na smaointe thar bhuillí crunk (deisceart salach, más fearr leat) ar ‘Incantation of Féile-Flow Funk’ nó ag déanamh gaisce thar bhuillí boom-bap ‘Caochpholl’cloisim rud éigin nár thugas fé ndearadh cheana gach uair a éistim le AthPhORT. Luach an mheafair agus bleaist den fhunc.

Lá dár saol é, a chomrádaithe, is sinn loite ag a leithéid de liriciúlacht, mórtas agus misneach atá bronnta ag Súil Amháin, Torby agus Kneecap orainn le blianta beaga anuas (mo ghraidhin iad na créatúir ná tuigid a nGaelainn!).

Liam Bailey – Zero Grace (Big Crown)

Sasanach de bhunadh Iamáice é Liam Bailey, is tá rud nó dhó le rá aige faoin drochthionchar ar aigne an duine atá ag oidhreacht choilíneach impireacht na Breataine (‘Mercy Tree’), an t-alcólachas (‘Sour Wine’), saol clainne anordúil (‘Disorder Starts At Home’) agus an grá féin fiú (‘Winter Is Within Thee’).

É sin ráite, is albam dearfach sultmhar é Zero Grace. 

Léirithe le snas ag Leon Michels (El Michels Affair), tá fuaim an albaim fréamhaithe sa cheol sól-reigé beoga a bhíodh á thaifeadadh in Iamáice ag deireadh na 60idí, chomh maith le func-cheol New Orleans na linne céanna.

Fear cróga ar bhealach funcaí a shlánaithe.

The Cure – Songs of a Lost World (Fiction/Polydor)


Bhain Robert Smith aois na dtrí scór amach in 2019. Seanfhear ag iarraidh ciall a dhéanamh den saol, agus ag teip air, atá le clos ar amhráin Songs of a Lost World.

Ar nós na mórchoda den albam Desintegration (1989) dá gcuid, is amhráin mhóra mhalla eipiciúla atá ag The Cure dúinn anseo ach gan aon rud chomh rómánsúil le ‘Lovesong’ a bheith le clos, ná chomh spórtúil le ‘Lullaby’. Cuireann fuaim bhriosc ghéar na n-amhrán seo an fadsaothar Pornography (1982) i cuimhne dom chomh maith. 

Fuaim mhonacrómach í, stíl a fheileann d’ábhair na n-amhrán: bás agus uaigneas, imreas agus aiféala.  

Kim Deal – Nobody Loves You More (4AD)

Tá a céad albam aonair eisithe ag Kim Deal is gan í ach 63 bliain d’aois, bail ó Dhéithe an cheoil indie uirthi. Chun an ceart a thabhairt di, bhí Deal gafa mar bhall de Pixies, Breeders, agus The Amps araon ó 1986 ar aghaidh. 

Fiú muna mbeadh ach cúpla “óóó” agus “ááá” á scaoileadh as a béal ag Deal thar rithim buailte ar stán brioscaí, bheinnse meallta ag saibhreas a glóir. Mar a tharlaíonn sé tá pléisiúr agus éagsúlacht ar leith i gceist leis an 11 amhrán seo a thaifead Deal i stiúideonna éagsúla le cairde ceoil éagsúla (Raymond McGinley as Teenage Fanclub, Britt Walford as Slint, an t-innealtóir/léiritheoir Steve Albini nach maireann, baill uilig The Breeders). 

Meas tú an bhfuil ‘Crystal Breath’ ar an éisphéist is fearr atá scríofa aici ó d’eisigh The Breeders ‘Cannonball’?

Ezra Feinberg – Soft Power (Tonal Union)

D’inis an seinnteoir ceoil ar mo ghuthán dom le déanaí gur éist mé leis an bport ‘Flutter Intensity’ ón albam seo níos minice ná port ar bith eile le linn 2024. Léargas é, más ea, ar an ngá a bhí i mbliana agam le héalú ó chúrsaí domhanda isteach i gceol binn teibí séiseach.

Síocanailísí is ea Ezra Feinberg, is más sceiptiúil a bhíosa riamh fé cé chomh héifeachtúil is atá modhanna Sigmund Freud, níl aon amhras go bhfuil fios maith ag Feinberg, mar chumadóir ceoil, conas sólás a thabhairt dá éisteoirí.

Le macallaí anseo de cheol Steve Reich, Penguin Café Orchestra agus Cluster, is ola ar mo chroí é Soft Power,  agus WD-40 ar m’anam.

Fracture – SlOW0860 (Astrophonica)

Ceol jungle agus hardcore na 1990idí athshamhlaithe mar cheol timpeallach (‘ambient’) gan bhuillí (don chuid is mó) atá i gceist leis an albam seo de chuid úinéir cheirníní Astrophonica, Charlie Fracture.

Saothar é atá faoi anáil fhuaim Chill Out (1990) de chuid KLF, ach más turas samhailteach thar oíche ó Texas go Louisiana a bhí i gceist le Chill Out, tá SLOW0860 lonnaithe sna ceapa árdstóracha in eastáit tithíochta bhochta Londan – is iad sin ná láithreacha óna mbíodh stáisiúin bhradacha raidió na cathrach ag craoladh roimh thús ré an Idirlín.

Má dhein KLF sampláil, mar sin, ar Elvis PresleyFleetwood MacAcker BilkVan Halen, agus 808 State ar Chill Out, is iad glórtha na MCanna a bhíodh le clos ar stáisiúin mar Kool FM agus Weekend Rush atá leat ar SLOW0860.

Amaro Freitas – Y’Y (Psychic Hotline)

Cé gur beag eolas atá againn ar na traidisiúin cheoil a bhíodh sa Bhrasaíl roimh theacht na bPortaingéalach in earrach na bliana 1500, is éard atá le clos ar Y’Y ná snagcheoltóir Brasaíleach ag iarraidh díchoilíniú a dhéanamh ar a chuid ceoil. 

Saothar cumtha in ómós do spioraid agus cultúir na hAmasóine is ea Y’Y (‘uisce’ nó ‘abhainn’ is ciall le teideal an albaim sa teanga bhundúchasach Mawe). 

Tugann fuaim mhachnamhach thaobh A an albaim go lár na foraoise ar bhruach na habhann móire sinn. Ar thaobh B druidimid níos cóngaraí don bhfuaim a shamhlaímid le snagcheol de ghnáth.

Fontaines D.C. – Romance (XL Recordings)

Albam é Romance a thugann faoi na háiteanna agus na rudaí eile, seachas Éirinn, ar féidir a bheith rómánsúil fúthu. Lionsa níos leithne, an domhainmhachnamh céanna.

Grá in am an apacailipsis. Liricí níos teibí agus níos uilíche. Fuaim a bhfuil blas níos láidre an phopcheoil uirthi, rud a chuaigh chun socair dóibh nuair a chonaic mé iad ar stáitse os comhair 8,000 i gcathair Liospóin le déanaí (bhíodar go diail).

Le clúdach atá gránna nó glic a dhóthain, ag brath ar do thuairim féin, le bheith ina chlúdach íocónach amach anseo, tá Romance ag cur thar maoil le singlí iontacha.

Starburster’ leis na buillí hip hap, téaduirlisí milse, agus reacaireacht leath-rapáilte Chatten. Grunge milis géagscaoilte ‘Here’s The Thing’ – aintiún críochnaithe atá calabraithe go foirfe don dioscó indie, agus an ‘Favourite’ grianmhar feothanach a d’fhógair teacht an tsamhraidh.

Cold Gawd – I’ll Drown On This Earth (Dais)

An é go bhfuil athbheochan de shaghas ar an gceol shoegaze faoi láthair? Más ea, táim féin ag baint sásamh as ceol na ngrupaí a bhfuil fís níos uaillmhianaí acu ná díreach a bheith i mbun aithrise ar cheol My Bloody Valentine, Slowdive nó Lush.

Is as California do Cold Gawd, is má tá brúidiúlacht fhíochmhar an cheoil hardcore/punc ag baint lena bhfuaim, beireann siad leo caighdeáin léiriúcháin shnasta Mheiriceánach chomh maith. Tá tionchar Swervedriver le clos agus is léir, ar nós Fontaines s’againne, go bhfuil dúil acu i gceol Deftones leis. 

Lámh iarainn i lámhainn shíoda.

Godspeed You! Black Emperor – “NO TITLE AS OF 13 FEBRUARY 2024 28,340 DEAD” (Constellation)

Tagairt do líon na bPalaistíneach a mharaigh Iosrael in Gaza idir an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus an 13 Feabhra 2024 atá i dteideal albam úr an ghrúpa post-rock Cheanadaigh, Godspeed You! Black Emperor.

Ba ghrúpa ainrialaitheach agus frithchogaidh riamh GY!BE, agus ar an albam aoibhinn brónach seo cuireann siad cruth fuaime ar an éadóchas faoin todhchaí atá ag luí go trom ar an saol mór faoi láthair.

Glaine ár gcroí, a dhaoine maithe. Neart ár ngéag, beart de réir ár mbriathair, agus Godspeed You! Black Emperor inár gcluasa ar mhaithe lenár meabhairshláinte.

Max Graef – Natural Element (Tartelet)

Más ina shuí ar phónaireán atá Max Graef ar Natural Element tá a intinn ag taisteal na réaltraí.

Deich mbliana ó shin bhí ainm Graef in airde, taobh le leithéidí Glenn Astro agus Uffe, as a chumas chun feidhm a bhaint as modhanna samplála an léiritheora hip hap chun ceol scrofa house a léiriú. Tá a phort athraithe ó shin, agus teaspach an fhir óig curtha dó aige.

Éalúchas den chéad scoth atá in Natural Elements agus Graef ag cur fáilte romhat isteach i ndomhan ceoil ligthe luisniúil. Ióga do na cluasa.

Violence Gratuite – Baleine à Boss (Hakuna Kulala)

I mbruachbhailte fairsinge ardchathair na Fraince a tógadh an t-ealaíontóir ildisciplíneach Violaine Morgan Le Fur (Violence Gratuite), ach faigheann sí a cuid inspioráide ó oidhreacht Bhriotánach a mháthar agus ó dhúchas Camarúnach a hathar freisin

Tá a stíl féin aici, mar atá le clos ar an albam début seo.  Moladh seachas masla atá i gceist le rá go bhfuaimníonn na samplaí stadacha, rithimí tógálacha agus véarsaí neamhbhalbha seo ar nós gur caitheadh le chéile iad ar ala na huaire. 

Seamas Hyland – Maidin Domhnaigh (Féineisithe)

Boscadóir as Port Láirge is ea Seamas Hyland, agus fear nach bhfuil leisce air an chairt a chur roimh an gcapall ar mhaithe le heispéireas nuálach a chur faoi bhráid an eisteora. 

Nó an ríl a chur roimh an bhfonn mall, mar a dhéanann sé i gcás ‘Navan Road’, agus glóranna na gcairteacha a thaifead sé ar bhóthar na hUaimhe a lonnú taobh le ceol a bhosca agus drumadóireacht chiotrúnta-d’aon-ghnó Ross Chaney.

Saothar eachtrúil croíúil cliste – léigh a thuilleadh fé anso.

julie – My Anti-Aircraft Friend (Atlantic)

Début uaillmhianach é My Anti-Aircraft Friend.

Tá faobhar agus loinnir grunge-pop ar fhuaim an albaim a shamhlaímid leis an léiritheoir is innealtóir Butch Vig (Nirvana, Smashing Pumpkins) i mbarr a réime. Ó thaobh struchtúr an cheoil de, tá julie go mór i bhfiacha le luathcheol shoegaze My Bloody Valentine ach tá blas na leochaileachta Gen Z ar an mbabhtáil idir amhránaithe an ghrúpa ar amhráin mar ‘thread, stitch’ a chuirfeadh The XX i gcuimhne do dhuine.

Raic álainn.


Coinnigh súil ghéar amach do #2 d’Albaim na Bliana le Ben Ó Faoláin amárach.

SCÉALTA EILE