Conor Torbóid: Agus deireadh na bliana ag druidim linn, tá na halbaim is fearr le Ben Ó Faoláin i mbliana cnuasaithe san aon áit amháin – anseo! Bain sult as cuid de na traiceanna spleodracha ar na halbaim roghnaithe agus ná déan dearmad an seinnliosta Rianta na Míosa le NÓS ar Spotify a leanstan. Athbhliain faoi mhaise daoibh!
Kneecap – Fine Art (Heavenly)
An scannán, an cás cúirte, na féilte – ní raibh aon éalú ó Kneecap i mbliana. Ó, agus an t-albam début ceart ar deireadh thiar thall (gan aon easpa measa ar 3CAG).
Agus cad é mar albam. Suite i dteach tábhairne dá samhlú féin, The Rutz, tugann idirthraicanna spraíúla gáirsiúla ó phort go port sinn. Turas ceart d’albam téama a bhfuil an-chraic ag baint leis.
Chaithfeá rá go bhfuil sárjab déanta ag an léiritheoir Toddla T chun blas agus stíl an cheoil a chur in oiriúint do bhrí agus mothúcháin liricí Móglaí Bap agus Mo Chara.
Mas fíor go bhfuil rudaí bainte amach ar son na Gaeilge ag “degenerate hoods who like to get pissed” (‘Fine Art’) nár éirigh le fir mheánaosta gléasta i seaicéid bhréidín a bhaint amach, is é an ceol féin an rud is tábhachtaí anseo.
Buille maraithe na muice buailte arís ag an triúr misniúil ar lucht a gcáinte.
Nusrat Fateh Ali Khan & His Party – Chain Of Light (Real World)
“Elvis s’agamsa is ea Nusrat Fateh Ali Khan,” a dúirt Jeff Buckley tráth faoin amhránaí qawwali a d’imigh ar shlí na fírinne go ró-óg sa bhliain 1997. Domsa freisin, bhí an t-amhránaí Pacastánach ar na hamhránaithe ab fhearr agus ab anamúla dá raibh riamh ann.
Tá Ali Khan i mbarr a mhaitheasa ar an seisiún dearmadta seo ón bhliain 1990, ar thángthas air i gcartlann ceirníní Real World in 2021.
Ceol deabhóideach Súfaíoch atá romhat, ach is cuma duine creidimh nó págánach thú, níl aon leisce orm Chain Of Light a mholadh mar thúsphointe más rud é nach bhfuil amhránaíocht mháistriúil Ali Khan cloiste cheana acu.
Cindy Lee – Diamond Jubilee (W.25th)
Seo an cúigiú halbam atá eisithe ag Patrick Flegal (iarbhall den ghrúpa Women) faoi ainm a alter ego trasfheisteora Cindy Lee.
Tá mórán daoine den tuairim gur albam na bliana é. Sampla é, domsa, d’albam fíormhaith a bheadh beagnach foirfe ach é b’fhéidir leath chomh fada is atá (32 rian thar 2.5 uair a chloig). Agus an ceol ar maos in aisfhuaimniú stiúideo tá an t-achar sin rud beag dian ar na cluasa.
Amhráin iad seo fén ngrá agus fé chuimhní cráiteacha ar an ngrá nár mhair. Is cuma iad bunaithe ar ghnéithe éagsúla d’iliomad stíleanna ceoil de chuid an 20ú haois – doo-wop, garage-rock, glam, rockabilly, art-rock, chanson na Fraince agus sól ina measc – tá cumadóireacht láidir ag croí-lár formhór na n-amhráin ar Diamond Jubilee. Éist le ‘Kingdom Come’, ‘If You Hear Me crying’ nó ‘Flesh and Blood’ go gcloise tú.
Medicine – On The Bed (Laner Archival Service)
Seanfhondúirí an cheoil noise-rock, Medicine, ag tabhairt faoi cheol The Beatles atá le clos anseo.
N’fheadar fútsa, a léitheoir, ach nuair a éistimse le leagan clúdaigh d’amhrán, is fearr go mór liom nuair a ghlactar seilbh cheart ar an rud ná nuair a chuirtear leagan ró-ómósach den bhunamhrán faoinár mbráid.
I gcás On The Bed, cabhraíonn sé nach raibh ach dhá cheann de na hamhráin seo cloiste cheana agam (‘She Said She Said’, ‘Tell Me Why’), ach casann Medicine gach nóta anseo ar nós gur leo féin é ar aon chor. Raic shaibhir shícideileach.
Elijah Minnelli – Perpetual Musket (Fat Cat)
Is cliste cur chuige Elijah Minnelli ar an mionalbam seo, agus ceathrar amhránaithe reigé le stíleanna roots agus dancehall meallta doras an stiúideo isteach aige chun amhráin a bhaineann le traidisiún amhránaíochta cheol tíre na Breataine a chrochadh ar mhinicíochtaí réchúiseacha reigé.
Tá údarás ag baint leis an amhrán frithchogaidh ‘Vine and Fig Tree’, tógtha ón Sean-Tiomna an chéad lá agus canta anseo ag Little Roy, a bhainfeadh stad as Benjamin Netanyahu féin.
Tugann Earl 16 faoi leagan tiarnúil den amhrán ‘Lifeboat Mona’ le Peggy Seeger (mar a dhein Luke Kelly féin, tráth) – iarracht atá mollta go hard ag Seeger féin.
Moin – You Never End (AD93)
Seo an tarna huair don tríréad postrock Moin áit a bhaint amach ar liosta Albaim na Bliana NÓS. Bhí blas crosta agus trodach ar cheol féitheogach Tom Halstead, Joe Andrews agus an chnagcheoltóra shármhaith, Valentina Magaletti a thaitin riamh liom is níl aon ghéilleadh stíle i gceist lena dtríú halbam.
Bronnann an scata beag aoi-amhránaithe atá le clos anseo is ansiúd thar an 11 rian fócas agus fuinneamh ar leith ar You Never End mar shaothar.
Duine acu ná Olan Monk as Conamara, fear atá le clos ar an gcéadamhrán, ‘Guess It’s Wrecked’ (tabhair cluas dó má thaitníonn ceol King Krule leat).
David Murphy – Cuimhne Ghlinn: Explorations in Irish Music for Pedal Steel Guitar (Rollercoaster)
Ní gléas é an giotár cruach troitheánach a shamhlaímid le ceol traidisiúnta na hÉireann de ghnáth, ach éist leis an leagan draíochtúil de ‘Aisling Gheal’ Sheáin Uí Riada a chuireann tús leis an albam début seo leis an gCorcaíoch David Murphy.
Tugann ealaín chlúdaigh Craig Carry siar go tús na 80idí sinn, uair a bhí talamh úr á bhriseadh ag albaim mar Hidden Ground le Paddy Glackin agus Jolyan Jackson.
Níl Cuimhne Ghlinn chomh ceannródaíoch céanna, insint na fírinne, ach tá uige cheoil mhín shíodúil duit más duine thú, ar mo nós féin, a bhíonn ag brionglóideach agus tú fós i do dhúiseacht.
Rufous Nightjar – Songs For Three Voices (Féineisithe)
D’eitil albam gleoite début an tríréid Éireannaigh Rufous Nightjar (Branwen Kavanagh, Anna Bishop agus Zoé Basha) i mo threo i lár an earraigh mar a bheadh fáinleog chugam ag fógairt theacht an tsamhraidh.
Deich n-amhrán nuachumtha ag Branwen atá le clos, iad cóirithe go cruinn is go cruthaitheach don amhránaíocht armóine acu i gcomhair le Bishop agus Basha.
Amhráin spreagtha ag an ngrá is an crá, ag an mbéaloideas is an tírdhreach taifeadta go deaslámhach ag Simon O’Reilly i gContae an Chlaír. Ná caill an t-amhrán deireanach, ‘Out In The Garden’ – é breis agus 10 nóiméad ar fad, agus gleoite amach is amach.
ZA! & Perrate – Jolifanto (Lovemonk / El Volcan)
Seo linn ó fhréamhacha flamenco dheisceart na Spáinne go réabhanna na Catalóine ar an taobh eile de Leithinis na hIbéire.
Amhránaí flamenco de shliocht giofógach é Perrate a bhfuil stíl thar a bheith croíúil agus amh aige. Díséad léirithe é ZA! a bhíonn ag gabháil do stíleanna idir snagcheol fiáin, ceol leictreonach eachtrúil agus fuaimeanna post-rock.
Is beag iontas, mar sin, gur saothar craiceáilte é La Milonga.
Jessica Pratt – Here In The Pitch (City Slang)
Tá glór aisteach ag Jessica Pratt. Glór atá, in amanna, ar nós páiste ag cur smaointí cam-bhéalacha na seanbhan i láthair. Glór nach ndéanfá neamhaird air, glór a impíonn ort stopadh agus éisteacht.
Ghlac Pratt a cuid ama (trí bliana, nach mór) air seo, a ceathrú halbam, is chaithfeá a rá nárbh aon am amú é. Iad ar maos in aisfhuaimniú stiúideo, tá fuaim agus stíl amhrán Here In The Pitch go mór faoi chomaoin ag popcheol sícideileach agus bossa bog na 60idí ach tá faobhar ciall cheannaithe ar liricí Pratt a chiallaíonn go seachnaíonn sí gaistí an cliche go héasca.
Saothar beag máistriúil.
Tim Reaper & Kloke – In Full Effect (Hyperdub)
Turas go croílár na dufaire diamhaire le Tim Reaper agus Kloke.
Tá eolas as cuimse ag an mbeirt seo ar stair an cheoil jungle agus na cleasanna léirithe a bhaineann leis. Is le gliceas, fuinneamh agus teanntás, mar sin, a thugann siad is iad ag tabhairt faoi dhord domhain agus buillí loiscneacha ar mire an cheoil jungle a chóiriú anseo ar nós gur 1994 atá ann.
Ceol do ghlúin úr réabhairí maraon leis an seandream ar cuimhin leo laethannta iontacha na 1990idí!
Holy Tongue Meets Shackleton – The Tumbling Psychic Joy of Now (AD 93)
Fuaim tharchéimniúil an duine dhaonna ag déanamh iontais d’fhórsaí bithbhuan na cruinne a bhí i gceist riamh le ceol Sam Shackleton.
Ar The Tumbling Psychic Joy of Now (cad é mar theideal!), déanann sé athchóiriú ar cheol an ghrúpa dordcheoil thurgnamhaigh Holy Tongue (an léiritheoir dub-cheoil Al Wootton, an dordóir Susumu Mukai agus an cnagcheoltóir Valentina Magaletti).
Dub-aistear domhain atá romhat anseo. Mar is iondúil i gcás ceol de chuid Shackleton, tá blas ársa taibhsiúil ar chúrsaí – ar nós go raibh ann do na rithimí seo riamh agus go mbeidh go deo.
Esy Tadesse – Ahadu (FPE)
Más spéis leat ceol Aetópach, d’eisigh Mulatu Astatke agus an grúpa The Sorcerers fadsaothair úra i mbliana, ach ba é Ahadu leis an mbanghiotáraí Esy Tadesse an t-albam de chuid na stíle úd a mheall mo chluas don chuid is mó in 2024.
Func bog leachtúil fíorálainn atá romhat ar Ahadu. Deir Tadesse gur turas trí dheich gcinn de scálaí a bhaineann le ceol Aetópach atá i gceist leis an albam. Cúis í sin, is dócha, go bhfuil gach port éagsúil óna chéile.
Más rud go mbaineann tú pléisiúr as rianta malla machnamhacha Kruangbin, bí cinnte cluas a thabhairt do Ahadu.
UMAN – âme sœur (Utopique)
Is iad UMAN an t-innealtóir fuaime Francach, Didier Jean (méarchlár) agus a dheirfiúr, Danielle Jean (guth). D’eisíodar a gcéad albam siar sa bhliain 1992 ach seo an chéad saothar dá gcuid atá cloiste agamsa.
Bí réidh chun barróg a bhreith ar do hipí inmheánach, a chara, mar is ceol milis gliondrach na stíle new age atá romhat anseo. Is ea, nuair a chasann tú âme sœur ar siúl, eitlíonn féileacáin as na callairí, líonann boladh na foraoise an seomra agus tagann oisíní ag pramsáil i do threo ag tairiscint tae luibhe.
Díséad dearfach dóchasach a chuireann dea-ghiúmar orm.
Xylitol – Anemones (Planet Mu)
Is ionann Xylitol agus Catherine Backhouse, léiritheoir a bhíonn ag gabháil do cheol leictreonach tiomáinte ag rithimí fíochmhaire jungle a chuirfeadh ceirníní Squarepusher nó Amon Tobin i rith na tréimhse 1996-1998 i gcuimhne duit.
Ach má bhí Squarepusher faoi gheasa ag an gceol jazz-funk (agus Tobin ag fuaim bossa nova na Brasaíle), tá aeistéitic cheol krautrock/kosmiche na Gearmáine agus ceol nuathonn na hIúgslaive sóivéidí ina thúsphointe ag Backhouse.
Diamant garbh d’albam, lán de bhuillí briosca agus foinn chriostalta.