Tamil Rogeon – Son of Nyx (Soul Bank)
Ní minic a roghnófaí an vióla mar uirlis threoraithe ar shaothar snagcheoil, ach sin a bhfuil romhat ar an albam eachtrúil seo de chuid an cheoltóra Astrálaigh Tamil Rogeon agus a ghrúpa as Melbourne. Seo snagceol módúil bríomhar, blasta le rithimí Afra-Laidineach agus tionlacann beoga déanta le fuaim chuanna víola Rogeon ag Sam Keevers agus Daniel Mougerman ar phianó agus an sintéiseoir analógach Arp Odyssey. Saothar a mholaim do dhuine ar bith a bhaineann sásamh as ceol leithéidí Herbie Hancock, Kamasi Washington nó Esbjorn Svenson Trio.
Om Unit – Acid Dub Studies (Acid Dub Studies)
Duine de na fórsaí is dearfaí agus is muiníní i réimse an dordcheoil le deich mbliana anuas é Jim Coles, is cuma é ag gabháil do cheol druma agus dord mar Om Unit, ag léiriú jungle mar Mahakala, nó ag cur buillí ar mire na stíle juke/footwork faoi bhun seodrianta leithéidí Roni Size, Q-Project agus LTJ Bukem agus é ag feidhmiú faoin ainm stiúideo Philip D Kick.
Ar Acid Dub Studies chuir Coles an dúshlán roimhe féin dordfhuaim íocónach an Roland TB303 a mheascadh le heilimintí an dub-reigé agus dub-teicneo leictreónaigh chun ceol réchúiseach atá lán de spás agus anam a chruthú. Ní haon rud nua atá romhat anseo, déanta na fírinne, ach tá Acid Dub Studies fíorthaitneamhach mar shaothar éisteachta ina iomlán, go háirithe má tá rud éigin domhain, inbhreathnaitheach uait do na cluasáin agus tú ag dul amach ag siúl maidin ghlan earraigh.
4MarS – Super Somali Sounds from the Gulf of Tadjoura (Ostinato)
Nuair a bhain mise aois cúig bliana amach ar an 4 Márta 1982 thugamar cuairt ar an sorcas i dTrá Lí mar cheiliúradh. Ar an lá céanna i bPoblacht Djibouti, tír bheag i gCorn na hAfraice atá teorainn ar theorainn leis an Aetóip agus leis an tSúdáin, bhunaigh príomhphairtí polaitíochta na tíre sin, RPP, an banna ceoil 4marS mar uirlis bholscaireachta ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas nuaghnóthaithe Djibouti ó chumhacht coilíneach na Fraince.
Ceol croíúil, misniúil, funcaí seinnte chun misneach agus mórtas mhuintir na tíre, idir phearsanta agus thírghrách, a spreagadh atá romhat ar an gcéad bhailiúchán seo de cheol 4marS a bhfuil fáil ar lasmuigh de Phoblacht Djibouti.
Meascán milis í stíl an ghrúpa d’fhunc-cheol na Somáile, fliúiteadóireacht Mongólach snagcheol Meiriceánach, agus ceol Bollywood na hIndia leagtha anuas ar rithimí Éimineacha. Fiú agus tú sáite sa bhaile, bíodh do chluasa ag taiscéaladh tírdhreacha ceoil bhfad i gcéin!